Aistrigh:
Gaeilge
English

Táillí

  • An chéad chlárú: €90
  • Clárú a athnuachan: €65

Déan do chlárú a athnuachan le Mo Chlárú. Is féidir leat do chárta creidmheasa nó dochair a úsáid.

Féadfaidh tú faoiseamh cánach ioncaim a éileamh ar an táille athnuachana clárúcháin bhliantúil mar chuid den liúntas speansais ar ráta comhréidh do mhúinteoirí.

Logáil isteach i MoChuntas ar www.Revenue.ie chun d’fhaoiseamh cánach a éileamh.

Cuir aon cheisteanna maidir le faoiseamh cánach chuig na Coimisinéirí Ioncaim le do thoil.

Próiseas chun ainmneacha a bhaint den chlár

Tá do chlárú bailí ar feadh 12 mhí ó dháta do chlárúcháin.

Chun fanacht ar an gclár, ní mór duit do chlárúchán a athnuachan sula dtéann sé in éag.

Gheobhaidh tú fógra athnuachana clárúcháin sé seachtaine roimh do dháta athnuachana.

Mura ndéanann tú athnuachan in am, gheobhaidh tú fógra deiridh tríd an bpost cláraithe.

Mura ndéanann tú athnuachan laistigh de mhí amháin ón dáta ar an bhfógra deiridh, bainfear d’ainm den chlár go huathoibríoch.

Coinníollacha ag dul in éag

Chun do chlárúchán a athnuachan faoi choinníollacha atá ag dul in éag laistigh de shé mhí ó do dháta athnuachana, ní mór duit:

  • Fianaise a chur isteach gur comhlíonadh an coinníoll/na coinníollacha, nó
  • Déan iarratas ar shíneadh trí ‘Mo Chlárú’.

Ní mór duit aghaidh a thabhairt ar na coinníollacha atá ag dul in éag roimh do dháta athnuachana nó bainfear den chlár thú.

Ath-ghrinnfhiosrúchán 

Ní féidir leat do chlárú a athnuachan go dtí go ndéanann tú grinnfhiosrúchán leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG). (Má cheanglaíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta ort ath-ghrinnfhiosrúchán a dhéanamh.)

Ní mór duit aghaidh a thabhairt ar aon chuireadh chun grinnfhiosrúchán a dhéanamh, roimh do dháta athnuachana, nó bainfear den chlár thú mar thoradh air seo

Conas athiarratas a dhéanamh

Is féidir le múinteoir athiarratas a dhéanamh ar chlárú ag am ar bith trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • An próiseas iomlán iarratais ar Mo Chlárú a chur i gcrích.
  • An próiseas grinnfhiosrúcháin a chríochnú.
  • Tras-scríbhinní agus doiciméid tacaíochta eile a chur isteach.

Ní féidir clárú a dhéanamh gan toradh rathúil grinnfhiosrúcháin. Ag tréimhsí ardéilimh, d’fhéadfadh go dtógfadh sé roinnt seachtainí an grinnfhiosrúchán a chríochnú.

Eolas faoi tháillí agus faoin gComhairle Mhúinteoireachta

Is comhlacht féinmhaoinithe í an Chomhairle. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sí maoinithe go príomha ag táillí athnuachana clárúcháin bliantúla. Tá sé seo faoi Alt 23 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 – 2015.