Aistrigh:
Gaeilge
English

Conas do shonraí a athrú ar Chlár na Múinteoirí

Mar mhúinteoir cláraithe, is féidir leat an fhaisnéis phearsanta seo a leanas atá ar an gclár a chur in eagar trí Mo Chlárú.

  • Ainm
  • Inscne
  • Seoladh
  • Uimhir PSP
  • Uimhir theileafóin
  • Seoladh ríomhphoist
  • Sonraí fostaíochta
  • Nuashonruithe cumarsáide (Má ghlacann tú leo)

Do shonraí teagmhála a choinneáil cothrom le dáta

Ó am go chéile, bíonn orainn litreacha a sheoladh chugat leis an bpost cláraithe. Mar sin, coinnigh do shonraí teagmhála go léir cothrom le dáta, le do thoil.

Cáilíochtaí a chur leis

Is féidir leat cáilíocht bhreise a chur le do chlárú freisin (Leibhéal 6 nó níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ)).

Má tá staidéir bhreise curtha i gcrích agat chun easnaimh a chúiteamh, cuir fianaise isteach trí Mo Choinníollacha le do thoil.

Ábhar breise a chur leis (iar-bhunscoil)

Déanann gach scoil cinneadh ar fhostaíocht laistigh de scoileanna chun ábhair a mhúineadh. Ní riachtanas clárúcháin é a bheith aitheanta le haghaidh ábhair bhreise.

Más mian leat, áfach, go gclárófaí ábhar breise curaclaim ar an gclár, ní mór duit a thaispeáint go gcomhlíonann tú na critéir don ábhar.

Ní chiallaíonn sé sin go gcaithfidh tú céim eile a dhéanamh.

Ciallaíonn sé go gcaithfidh tú staidéar a dhéanamh ar an ábhar go leibhéal na céime trí mhodúil ó chéim leibhéal 8 a chomhcheangal nó trí dhioplóma iarchéime leibhéal 9 a dhéanamh. Ní mór duit a chinntiú go ndéanann tú staidéar ar an méid seo a leanas: