Aistrigh:
Gaeilge
English

Riachtanais chláraithe

Tá dhá phríomhriachtanas ann maidir le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta

  1. Cáilíochtaí
  2. Fianaise ar charachtar – grinnfhiosrúchán san áireamh (riachtanach)

Cáilithe in Éirinn

  • Má cháiligh tú in Éirinn agus más céimí nua thú sa bhliain acadúil reatha, ba cheart duit iarratas a dhéanamh faoi phróiseas an Mhúinteora Nuacháilithe. Is féidir sonraí an phróisis seo a fháil ar ár leathanach MNC um Chlárú Tapa don Bhunscoil agus don Iar-bhunscoil.
  • Má cháiligh tú in Éirinn agus mura céimí nua thú sa bhliain acadúil reatha, ba cheart duit iarratas a dhéanamh mar seo a leanas.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan iarratas ar chlárú ar líne ag baint úsáid as Mo Chlárú. Is féidir leat d’iarratas a shábháil agus filleadh air níos déanaí. Tá trí mhí agat ón dáta tosaigh chun d’iarratas a chríochnú agus a chur isteach.

Mura bhfuil d’iarratas críochnaithe tar éis trí mhí, scriosfar é.

Sula dtosaíonn tú iarratas ar líne, déan cinnte go bhfuil an t-eolas seo a leanas in aice láimhe agat le do thoil:

  • Grianghraif nó scanadh do thuairisce acadúla. Seans go mbeidh do thuairisceoirí modúil ag teastáil uait freisin mura bhfuil na tuairiscí mionsonraithe go leor
  • Grianghraif nó scanadh ar chruthúnas aitheantais agus cruthúnas ar sheoladh baile atá sásúil
  • Sonraí teagmhála na fostaíochta
  • Stair fostaíochta
  • Foirm mheasúnaithe Dhaoine Cuí Ceart comhlánaithe

Tuilleadh eolais

Léigh ár nótaí Treorach maidir le clárú (PDF) sula dtosaíonn tú d’iarratas le do thoil.

Na cáilíochtaí a theastaíonn uait chun clárú mar mhúinteoir iar-bhunscoile

Chun a bheith i do mhúinteoir iar-bhunscoile in Éirinn, ní mór duit na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:

Bealach iontrála 1

  • Céim Onóracha Baitsiléara (Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochta) nó a comhionann a bheith agat a shásaíonn na riachtanais d’ábhar curaclaim amháin ar a laghad ag am an iarratais, agus
  • Cáilíocht san oideachas tosaigh múinteoirí a bheith agat atá ceadaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus atá dírithe ar an gcéad bhliain go dtí an séú bliain.

Bealach iontrála 2

  • Cáilíocht céime chomhreathach in oideachas tosaigh múinteoirí iar-bhunscoile atá ceadaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a bheith agat ina gcumasctar staidéar ar ábhar curaclaim amháin nó níos mó a shásaíonn na riachtanais d’ábhar curaclaim amháin ar a laghad le staidéir oideachais múinteoirí dírithe ar dhaltaí na chéad bhliana go daltaí an séú bliain.

Tá na riachtanais cháilíochta seo ag teacht le:

Riachtanais Ábhar Curaclaim

Is féidir leat a fheiceáil cad iad na riachtanais do gach ábhar iar-bhunscoile: Riachtanais Ábhar Curaclaim (Iar-bhunscoil). Tá feidhm leis seo ón 1 Eanáir 2023.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar ábhair teanga curaclaim nó Gaeilge a mhúineadh, ní mór duit riachtanas an Eispéiris Tumoideachais (ETO) a shásamh.