Riachtanais chláraithe
Tá dhá phríomhriachtanas ann maidir le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta
- Cáilíochtaí
- Fianaise ar charachtar – grinnfhiosrúchán san áireamh (riachtanach)
Conas iarratas a dhéanamh
Déan iarratas ar chlárú ar líne ag baint úsáide as Mo Chlárú. Is féidir leat d’iarratas a shábháil agus filleadh air níos déanaí. Tá trí mhí agat ón dáta tosaigh chun d’iarratas a chríochnú agus a chur isteach.
Mura bhfuil d’iarratas críochnaithe tar éis trí mhí, scriosfar é.
Ceanglaítear ar gach duine a oibríonn le leanaí agus le daoine soghonta go dlíthiúil iad a grinnfhiosrú ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. Más múinteoir thú, riarann an Chomhairle Mhúinteoireachta grinnfhiosrúchán duit agus déanann sí measúnú ar an nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh) chun a fháil amach an féidir múinteoir a chlárú.
Le do thoil, léigh ár leathanach ar grinnfhiosrúcháin.
Sula dtosaíonn tú iarratas ar líne, déan cinnte go bhfuil an t-eolas seo a leanas in aice láimhe agat le do thoil:
- Grianghraif nó scanadh do thuairisce acadúla. Seans go mbeidh do thuairisceoirí modúil ag teastáil uait freisin mura bhfuil na tuairiscí mionsonraithe go leor.
- Grianghraif nó scanadh ar chruthúnas aitheantais agus cruthúnas ar sheoladh baile atá sásúil.
- Sonraí teagmhála na fostaíochta.
- Stair fostaíochta.
- Foirm mheasúnaithe Daoine Cuí Cearta comhlánaithe.
Tuilleadh eolais
Léigh ár dtreoirlínte iarratais chun clárú mar mhúinteoir bunscoile (PDF), le do thoil.
Na cáilíochtaí atá uait chun clárú faoi Bhealach 4 - Eile (Cáilithe lasmuigh d’Éirinn)
Le bheith incháilithe chun clárú faoi Bhealach 4 – Eile, ní mor duit ceann de na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
- Cáilíocht Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) san Oideachas Montessori in Éirinn a bheith agat ar cuireadh tús leis ar an nó roimh an 1 Deireadh Fómhair 2018 agus a críochnaíodh ar an nó roimh an 31 Nollaig 2023 (ní mór iarratais faoin gceangal sin a chur isteach roimh an 31 Nollaig 2023)
Nó
- Cáilíocht mhúinteoireachta san oideachas speisialta a bheith faighte agat lasmuigh den Stát.
Is féidir le hiarratasóirí a n-éiríonn leo clárú faoin mbealach seo oibriú i suíomhanna scoileanna srianta amhail:
- I gcatagóirí áirithe i scoileanna speisialta
- I ranganna áirithe i scoileanna príomhshrutha sa chás nach bhfuil Gaeilge mar ábhar curaclaim riachtanach
Tá an próiseas cáilíochta seo ag teacht le: