Chun an próiseas iarratais a chur i gcrích ní mór Foirm Iarratais a chomhlánú agus a sheoladh isteach, mar aon le tras-scríbhinní acadúla, cruthúnas aitheantais, fianaise ar charachtar agus fianaise dhoiciméadach eile. Ní mór do gach iarratasóir próiseas grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a chur i gcrích freisin. Is féidir é sin a dhéanamh ag an am céanna leis an iarratas ar chlárú. Déantar gach iarratas a mheas de réir critéir shocraithe maidir le cáilíochtaí agus taithí mhúinteoireachta, chomh maith le fianaise ar charachtar. D’fhéadfaí clárú a cheadú ina iomláine, a cheadú le coinníollacha, nó a dhiúltú. Tá sé de cheart ag iarratasóirí athbhreithniú ar chinneadh a iarraidh mura bhfuil siad sásta le toradh an phróisis iarratais.
In Éirinn, níl cead ach ag múinteoirí a bhfuil riachtanais chláraithe na Comhairle Múinteoireachta curtha i gcrích acu, a bheith ag múineadh i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Stát-aitheanta* agus a dtuarastal a fháil ó chistí an Stáit. Tá sé dlite ag an Aire Oideachais agus Scileanna, de réir Alt 24 den Acht Oideachais 1998, go gcaithfidh údaráis scoileanna, mar fhostaithe, a dhearbhú go mbíonn múinteoirí a moltar do cheapacháin i bpoist mhúinteoireachta óna bhfuil tuarastal á éileamh:
- Cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta de réir Alt 31 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001
- Cáilithe san earnáil chuí agus oiriúnach do na poist dá bhfuil siad á moladh.
Tá ciorcláin maidir le hearcú múinteoirí agus grinnfhiosrú an Gharda Síochána eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Leis na ciorcláin sin a íoslódáil, cliceáil ar an nasc cuí thíos:
*I gcomhréir le hAlt 10 den Acht Oideachais, 1998