Is féidir le múinteoirí cláraithe roinnt dá gcuid sonraí pearsanta a athrú ar Chlár na Múinteoirí. Seo a leanas an méid is féidir a athrú ar líne:
- Teideal
- Seoladh
- Uimhreacha Gutháin
- Seoladh ríomhphoist
- Modh chun ríomhphoist a sheoladh
- Diúltú do Ríomhphoist
- Rochtain a cheadú do phámháistir
- Sonraí Fostaíochta
Ní féidir an t-eolas eile, e.g. ainm, cáilíochtaí, inscne, Uimhir PPS, etc. a athrú gan fianaise dhoiciméadach a sheoladh isteach leis an bhfoirm chuí.
Má tá staidéar breise curtha i gcrích agat chun easnaimh a aithníodh le linn measúnú a dhéanamh ar do chuid cáilíochtaí a líonadh, cuir nóta clúdaigh in éineacht leis an bhfoirm COD-03 agus tabhair uimhir thagartha an chomhaid a luadh ar do litir chinnidh.
Más mian leat cáilíocht bhreise a chur isteach, bain úsáid as foirm COD-03. Más múinteoir iar-bhunscoile tú agus gur mian leat ábhar eile a chur isteach ní mór duit “Foirm Iarratais do Mheasúnú Cáilíochtaí maidir le Riachtanais Churaclaim Bhreise Iar-Bhunscoile”, Foirm PPQA-02.