Is féidir le múinteoirí agus leis an bpobal araon rochtain a fháil ar Chlár na Múinteoirí.
Mo Chlárú
Is féidir le múinteoirí cláraithe breathnú ar a gcuid sonraí ar líne tríd Mo Chlárú, ag baint úsáide as a n-Uimhir Chlárúcháin agus pasfhocal.
Cuardach Múinteora don Phobal
Leis an áis Cuardaigh an Clár, is féidir leis an bpobal a fháil amach an bhfuil múinteoir cláraithe. Seo a leanas an t-eolas a chuirtear ar fáil faoi mhúinteoir cláraithe:
- Uimhir Chlárúcháin
- Céadainm
- Sloinne
- Earnáil Oideachais
- An scoil ina bhfuil an múinteoir fostaithe (mar a cuireadh in iúl le déanaí).
Chun an clár a chuardach, cliceáil ar na nasc thíos agus cuir isteach uimhir chlárúcháin sa réimse chuí. Mar mhalairt, is féidir múinteoir a aimsiú ag baint úsáide as réimsí an chéad ainm agus an sloinne. Má thagann an iomarca taifead ar ais le hiarratas, is féidir an t-iarratas a bheachtú trí earnáil scoile a roghnú.
Mura bhfuil litriú chéadainm nó sloinne an mhúinteora ar eolas go cruinn agat, cuir isteach % roimh nó i ndiaidh an ainm, nó roinnt carachtar ón ainm sin.
Mar shampla, tabharfaidh cuardach ar Mar% mar chéad ainm na torthaí seo a leanas - Mary, Mark, Martha, Marie, Marie-Therese, etc.