Tabhair faoi deara go bhféadfaidh tú do sheoladh agus do chuid sonraí teagmhála a athrú trí Mo Chlárú a úsáid. Ó am go ham, beidh ag an gComhairle comhfhreagras a sheoladh trí sheachadadh taifeadta/sa phost cláraithe i gcomhréir leis na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, go gcinnteoidh múinteoirí cláraithe go bhfuil a gcuid sonraí teagmhála chun dáta. Ó tharla go bhféadfadh an Chomhairle doiciméid thábhachtacha a eisiúint le linn saoire na scoile, tá sé riachtanach go gcuirfear seoltaí cónaithe/baile cruinne ar fáil.
Is féidir le múinteoirí cláraithe roinnt dá gcuid sonraí pearsanta a athrú ar Chlár na Múinteoirí. Seo a leanas an méid is féidir a athrú ar líne:
Teideal
Seoladh
Uimhreacha Gutháin
Seoladh Ríomhphoist
Modh chun Ríomhphoist a Sheoladh
Diúltú do Ríomhphoist
Rochtain a cheadú do Phámháistir
Sonraí Fostaíochta
Is féidir an t-eolas eile go léir, e.g. ainm, cáilíochtaí, inscne, Uimhir PPS, etc. a athrú tríd an bhfoirm chuí athraithe sonraí agus an fhianaise dhoiciméadach riachtanach a sheoladh isteach.
Má tá staidéar breise curtha i gcrích agat chun easnaimh a aithníodh le linn measúnú a dhéanamh ar do chuid cáilíochtaí a líonadh, cuir nóta clúdaigh in éineacht leis an bhfoirm COD-03 agus tabhair uimhir thagartha an chomhaid a luadh ar do litir chinnidh.
Más mian leat cáilíocht bhreise a chur isteach, bain úsáid as foirm COD-03. Más múinteoir iar-bhunscoile tú agus gur mian leat ábhar eile a chur isteach ní mór duit “Foirm Iarratais do Mheasúnú Cáilíochtaí maidir le Riachtanais Churaclaim Bhreise Iar-Bhunscoile”, Foirm PPQA-02.