Aistrigh:
Gaeilge
English

Téarmaí Úsáidte agus Fógra um Maoin Intleachtúil

Tá an fhaisnéis, na grafaicí, an téacs, na híomhánna, na trádmharcanna, na hainmneacha trádála, URLanna, logónna agus ábhar eile atá sa láithreán gréasáin seo (na “hÁbhair”) faoi chosaint cóipchirt, ceart dearaí, ceart trádmharcanna, ceart bonnachair sonraí, ceart sui generis agus cearta eile maoine intleachtúla nó cearta dílsithe faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta.Is leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus/nó a ceadúnóirí tríú páirtí gach ceart, teideal agus leas sna hÁbhair agus ar na hÁbhair lena n-áirítear cuma agus mothú na nÁbhar ach nach bhfuil teoranta dóibh. Ach amháin má fhaigheann tú cead sainráite sna Téarmaí Úsáidte seo nó de réir an dlí is infheidhme nó ón gComhairle Mhúinteoireachta i scríbhinn, ní féidir leat (agus ní féidir leat cead a thabhairt d’aon tríú páirtí) aon cheann de na hÁbhair thuasluaite a chóipeáil, a mhionathrú, a léasú, a ligean ar cíos, a dhíol, a aistriú, a scaipeadh, a chur ar taispeáint, a cheadúnú, ais-innealtóireacht a dhéanamh orthu, saothair dhíorthacha a chruthú bunaithe orthu ná iarracht a dhéanamh aon chód foinseach díobh a aimsiú. Tá cosc ar aon úsáid eile agus/ nó atáirgeadh de na hábhair, gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón gComhairle Mhúinteoireachta agus is sárú ar na Téarmaí Úsáidte seo a bheidh i gceist agus féadtar go ndéanfaí cearta maoine intleachtúla na Comhairle Múinteoireachta a shárú.

Deonaíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta ceadúnas teoranta pearsanta, neamheisiach, neamh-inaistrithe, in-aisghairthe, lena úsáid agat féin go pearsanta nó ar shlí neamhthráchtála chun: amharc ar an ábhar a aisghabhtar ón láithreán gréasáin seo trí bhrabhsálaí gréasáin tomhaltóirí atá ar fáil go ginearálta; é a atáirgeadh; a phriontáil; a thaisceadh; a stóráil; agus a scaipeadh. Deonaítear an ceadúnas thuasluaite ar an gcoinníoll go gcomhlíonann tú na srianta atá i bhfeidhm sna Téarmaí Úsáidte seo agus nach ndéanann tú (nó nach gceadaíonn tú d’aon tríú páirtí) an fógra cóipchirt ná fógraí eile atá ar taispeáint maidir lena leithéid d’ábhar a bhaint ná a cheilt. Níl cead agat ábhar a aisghabhtar ón láithreán gréasáin chun críche tráchtála ar bith eile a atáirgeadh, a phriontáil, a thaisceadh, a nascadh, a fhrámáil ná a scaipeadh gan cead i scríbhinn a fháil ón gComhairle Mhúinteoireachta roimh ré.

Comhaontaíonn tú gan na hÁbhair a mhionathrú in aon slí ná leaganacha mionathraithe de na hÁbhair a úsáid. Comhaontaíonn tú gan rochtain a dhéanamh ar na hÁbhair in aon slí seachas rochtain a dhéanamh orthu tríd an gcomhéadan atá curtha ar fáil ag an gComhairle Mhúinteoireachta atá le húsáid chun rochtain a dhéanamh ar na Seirbhísí. Sa mhéid is atá ceadaithe de réir an dlí is infheidhme, tá cosc ar chórais uathoibrithe nó bogearraí a úsáid  chun sonraí a bhaint den láithreán gréasáin seo chun críche tráchtála (e.g. scríobadh scáileáin).

Ach amháin mura bhfuil foráil shainráite déanta dó sna Téarmaí Úsáidte seo, ní dhéanfar aon ní sa láithreán gréasáin seo a fhorléiriú mar bhronnadh d’aon cheadúnas ná ceart eile (cibé acu é go sainráite, go hintuigthe nó ar shlí eile) i dtaca le haon chearta maoine intleachtúla ar leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus/nó a ceadúnóirí iad. Forchoimeádtar gach ceart nach ndeonaítear go sainráite anseo.