Fiosrúchán maidir le Feidhmiúlacht chun Muineadh

In alt 43 (1) de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001- 2015 déantar foráil go mbeidh fiosrúchán ar siúl ag Coiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta maidir le feidhmiúlacht chun múineadh de mhúinteoir cláraithe i leith gearán atá curtha ar aghaidh chuige ón gCoiste Imscrúdaithe, áit a bhfuil an Coiste den tuairim gur cás prima facia atá ann gur gá dul i ngleic leis tuilleadh ó thaobh an ghearáin de.

Den chuid is mó bíonn na fiosrúcháin á reáchtáil in oifigí na Comhairle Múinteoireachta i Maigh Nuad, Co. Chill Dara agus bíonn siad ar siúl go poiblí ach amháin má iarrann finné nó an múinteoir atá mar ábhar an fhiosrúcháin go mbeadh an fiosrúchán uile nó cuid de ar siúl go príobháideach agus má bhíonn Painéal an Choiste Araíonachta atá i mbun an fhiosrúcháin sásta go bhfuil sé iomchuí a leithéid a dhéanamh.

2022

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Dé hAoine 12 Lúnasa 2022

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2005-2015, tionóladh fiosrúchán a bhain le múinteoir cláraithe Dé hAoine, 01 Aibreán 2022. Ag éirí as an bhfiosrúchán sin, rinne Painéal Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta cinntí i gcoinne an mhúinteora a bhí i gceist agus tiocfaidh sé le chéile chun na cinntí sin a fhógairt agus chun éisteacht le haighneachtaí maidir le pionóis fhéideartha, Dé hAoine 12 Lúnasa 2022 in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. 

Tá an éisteacht phionois le tosú ar 10am,agus ní bheidh cead isteach sa seomra éiateachta roimhe sin. 

Meastar, faoi láthair, gur go poiblí a thionólfar an éisteacht phionóis. Mar sin féin, féadfaidh an múinteoir cláraithe is ábhar don fhiosrúchán iarratas a dhéanamh chun an éisteacht ar fad nó cuid di a sheoladh go príobháideach. Féadfar iarratais den sórt sin a dhéanamh am ar bith roimh thús na héisteachta, lena n‑áirítear lá na héisteachta. 

Níl ach spás teoranta sa seomra fiosrúcháin agus ar an ábhar sin beidh cead isteach teoranta ann agus ní féidir geallúint a thabhairt maidir le cead isteach. 

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 28 Iúil 2022

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2005-2015, déanfaidh Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe a thionól Déardaoin 28 Iúil 2022 in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Tá an fiosrúchán le tosú ar 9:30am, agus ní bheidh rochtain ar sheomra an fhiosrúcháin roimhe sin.

Meastar, faoi láthair, gur ar bhonn poiblí a dhéanfar an fiosrúchán. Mar sin féin, féadfaidh aon fhinné a nglaoitear air nó uirthi fianaise a a thabhairt ag fiosrúchán nó an múinteoir cláraithe is ábhar don fhiosrúchán iarratas a dhéanamh chun an fiosrúchán uile nó cuid de a sheoladh go príobháideach. Féadfar iarratais den sórt sin a dhéanamh am ar bith roimh thús an fhiosrúcháin, lena n-airítear lá an fhiosrúcháin.

Níl ach spás teoranta sa seomra fiosrúcháin agus ar an ábhar sin beidh teorainn leis an rochtain agus ní féidir geallúint a thabhairt maidir le rochtain.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 1 Aibreáin 2022

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta Dé hAoine, an 01 Aibreán 2022, san Óstán Clayton, Bóthar Chnoc an Fhuaráin, Gleann na Life, Baile Átha Cliath 22. 

Tá an fiosrúchán le tosú ar 10am agus ní bheidh cead dul isteach i seomra an fhiosrúcháin roimhe sin.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le finné ar bith a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go ndéantar an fiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir lena leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Tá spás teoranta i seomra an fhiosrúcháin mar sin beidh fáil isteach ann srianta agus ní féidir í a dheimhniú.

2021

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 09 Nollaig 2021

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, bhí fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar siúl ar an 11 Samhain 2021. Ag eascairt as seo, tiocfaidh an Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta le chéile chun a chuid torthaí a fhógairt agus chun éisteacht le haighneachtaí maidir leis na smachtbhannaí a d’fhéadfaí a ghearradh, Déardaoin, an 09 Nollaig 2021, ag tosú ar 3.30pm.

Beidh an éisteacht ar siúl ó chian ar ardán ar líne.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an éisteacht faoi smachtbhanna ag dul ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go mbeidh an éisteacht ar fad nó cuid den éisteacht seo ar siúl go príobháideach. Is féidir a leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an éisteacht, lá na héisteachta san áireamh chomh maith.

Beidh srian ar líon na ndaoine a bheidh in ann freastal ar an éisteacht ar ardán ó chian agus ní féidir a dhearbhú go dtabharfar cead freastal uirthi. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail / na meán a bheith i láthair agus breathnú ar an éisteacht faoi smachtbhanna ar líne.

Más mian leat freastal ar líne, seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ionas gur féidir linn an nasc ar líne a sheoladh agus an chúis atá agat le breathnú a dhéanamh (mar shampla, na meáin). Ní mór Léirithe Spéise a bheith faighte faoi 5pm Dé Luain, an 06 Nollaig 2021.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 19 Samhain 2021

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta ar siúl Dé hAoine, an 19 Samhain 2021, ag tosú ar 9.30am.

Beidh an fiosrúchán ar siúl ó chian ar ardán ar líne.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le finné ar bith a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go ndéantar an fiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir lena leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Beidh líon na ndaoine ag freastal ar an bhfiosrúchán ar ardán ó chian teoranta agus ní féidir a chinntiú go dtabharfar cead freastal air. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail/na meán bheith rannpháirteach agus breathnú ar an bhfiosrúchán ar líne.

Más mian leat freastal air, cuir ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie le do thoil, agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ar féidir linn an nasc ar líne a sheoladh chuige agus an chúis a bhfuil tú ag déanamh iarratais chun breathnú air (mar shampla, na meáin). Ní mór léirithe spéise a bheith faighte faoi 5pm Dé Máirt, an 16 Samhain 2021.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 11 Samhain 2021

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta ar siúl Déardaoin, an 11 Samhain 2021, ag tosú ar 9.30am.

Beidh an fiosrúchán ar siúl ó chian ar ardán ar líne.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le finné ar bith a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go ndéantar an fiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir lena leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Beidh líon na ndaoine ag freastal ar an bhfiosrúchán ar ardán ó chian teoranta agus ní féidir a chinntiú go dtabharfar cead freastal air. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail/na meán bheith rannpháirteach agus breathnú ar an bhfiosrúchán ar líne.

Más mian leat freastal air, cuir ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie le do thoil, agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ar féidir linn an nasc ar líne a sheoladh chuige agus an chúis a bhfuil tú ag déanamh iarratais chun breathnú air (mar shampla, na meáin). Ní mór léirithe spéise a bheith faighte faoi 5pm Dé Luain, an 8 Samhain 2021.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 16 Meitheamh 2021

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, bhí fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar siúl ar an 05 Bealtaine 2021. Ag eascairt as seo, tiocfaidh an Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta le chéile chun a gcuid torthaí a fhógairt agus chun éisteacht le haighneachtaí maidir leis na smachtbhannaí a d’fhéadfaí a ghearradh, Dé Céadaoin, an 16 Meitheamh 2021, ag tosú ar 10am.

De bharr Treoirlínte Sláinte Phoiblí, a bhaineann le paindéim COVID-19, beidh an éisteacht faoi smachtbhanna ar siúl ó chian ar ardán ar líne.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an éisteacht faoi smachtbhanna ag dul ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go mbeidh an éisteacht ar fad nó cuid den éisteacht seo ar siúl go príobháideach. Is féidir a leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an éisteacht, lá na héisteachta san áireamh chomh maith.

Beidh srian ar líon na ndaoine a bheidh in ann freastal ar an éisteacht ar ardán ó chian agus ní féidir a dhearbhú go dtabharfar cead freastal uirthi. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail / na meán a bheith i láthair agus breathnú ar an éisteacht faoi smachtbhanna ar líne.

Más mian leat freastal ar líne, seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist (ionas gur féidir linn a dheimhniú má tugadh stádas breathnóra duit), an chúis atá agat le breathnú a dhéanamh (mar shampla, na meáin). Ní mór Léirithe Spéise a bheith faighte faoi 2pm Dé Luain, an 14 Meitheamh 2021.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 5 Bealtaine 2021

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta Dé Céadaoin, an 5 Bealtaine, ag tosú ar 10am. Tá sé beartaithe go leanfaidh an fiosrúchán ar aghaidh Déardaoin, an 6 Bealtaine, má bhíonn gá le lá eile.

De bharr Threoirlínte Sláinte Phoiblí an Rialtais, a bhaineann le paindéim COVID-19, beidh an fiosrúchán ar siúl go cianda ar ardán ar líne.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag dul ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le haon fhinné a dhéantar a ghairm chun fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go mbeidh an fiosrúchán uile nó cuid de ar siúl go príobháideach. Is féidir a leithéid d’iarratais a dhéanamh am ar bith sula dtosaítear an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Beidh srian ar an líon a bheidh ag freastal ar an bhfiosrúchán ar ardán cianda agus ní féidir cead le freastal air a dheimhniú. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail / na meán bheith rannpháirteach san fhiosrúchán agus breathnú air ar líne.

Más mian leat freastal ar líne, cuir ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ar féidir linn an nasc ar líne a sheoladh chuige agus an chúis atá agat le hiarratas a dhéanamh le breathnú air (mar shampla, mar chuid de na meáin). Ní mór léiriú spéise a bheith faighte faoi 2pm ar an 30 Aibreán 2021.

2020

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 4 Feabhra 2020

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrú maidir le múinteoir cláraithe ar siúl ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta agus tá sé beartaithe Dé Máirt 4 Feabhra 2020, in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Tá an fiosrú le tosú ag 9.30am agus ní bheidh fáil ar an seomra fiosraithe roimhe sin.

Faoi láthair, táthar ag siúl go mbeidh an fiosrúchán á reáchtáil go poiblí. Ach, is féidir le haon fhinné a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán, an múinteoir cláraithe atá mar ábhar an fhiosrúcháin san áireamh, iarratas a dhéanamh leis an bhfiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir a leithéid d'iarratais a dhéanamh am ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Tá spás teoranta ar fáil sa seomra fiosraithe agus dá bhrí sin beidh srian curtha ar an bhfáil atá air agus ní féidir é a dhearbhú.

2018

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 17 Eanáir 2018

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, rinneadh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe Dé hAoine 12 Eanáir os comhair an Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta agus leanaidh sé ar aghaidh Dé Céadaoin 17 Eanáir 2018, in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Tá an fiosrú le tosú ag 10.00am agus ní bheidh fáil ar an seomra fiosraithe roimhe sin.

Faoi láthair, táthar ag siúl go mbeidh an fiosrúchán á reáchtáil go poiblí. Ach, is féidir le haon fhinné a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán, an múinteoir cláraithe atá mar ábhar an fhiosrúcháin san áireamh, iarratas a dhéanamh leis an bhfiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir a leithéid d'iarratais a dhéanamh am ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Tá spás teoranta ar fáil sa seomra fiosraithe agus dá bhrí sin beidh srian curtha ar an bhfáil atá air agus ní féidir é a dhearbhú.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 12 & 17 Eanáir 2018

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrú maidir le múinteoir cláraithe ar siúl ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta agus tá sé beartaithe don Aoine 12 Eanáir agus Céadaoin 17 Eanáir 2018, in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Tá an fiosrú le tosú ag 10.30am gach lá agus ní bheidh fáil ar an seomra fiosraithe roimhe sin.

Faoi láthair, táthar ag siúl go mbeidh an fiosrúchán á reáchtáil go poiblí. Ach, is féidir le haon fhinné a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán, an múinteoir cláraithe atá mar ábhar an fhiosrúcháin san áireamh, iarratas a dhéanamh leis an bhfiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir a leithéid d'iarratais a dhéanamh am ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Tá spás teoranta ar fáil sa seomra fiosraithe agus dá bhrí sin beidh srian curtha ar an bhfáil atá air agus ní féidir é a dhearbhú.

2017

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 8 Samhain 2017

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta agus tá sé beartaithe a bheith ar siúl Dé Céadaoin, 8 Samhain 2017, in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Tá sé i gceist go dtosóidh an fiosrúchán ar 10.00am gach lá agus ní bheidh fáil isteach sa seomra fiosrúcháin roimhe sin.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh go poiblí ach ní ligfear aithne aitheantas an mhúinteora chláraithe, na bhfinnéithe uile agus na láithreach le duine ar bith. Mar eolas, d’fhéadfadh gnéithe den fhiosrúchán a bheith á reáchtáil i seisiún príobháideach.

Tá spás teoranta ar fáil sa seomra fiosrúcháin mar sin beidh srian ar rochtain air agus ní féidir a dhearbhú go mbeidh spás ar fáil.