I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrú maidir le múinteoir cláraithe ar siúl ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta agus tá sé beartaithe Dé Máirt 4 Feabhra 2020, in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.
Tá an fiosrú le tosú ag 9.30am agus ní bheidh fáil ar an seomra fiosraithe roimhe sin.
Faoi láthair, táthar ag siúl go mbeidh an fiosrúchán á reáchtáil go poiblí. Ach, is féidir le haon fhinné a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán, an múinteoir cláraithe atá mar ábhar an fhiosrúcháin san áireamh, iarratas a dhéanamh leis an bhfiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir a leithéid d'iarratais a dhéanamh am ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.
Tá spás teoranta ar fáil sa seomra fiosraithe agus dá bhrí sin beidh srian curtha ar an bhfáil atá air agus ní féidir é a dhearbhú.