Baineann na nósanna imeachta gearán agus aiseolais atá sa doiciméad seo le cásanna ina gcreideann tú go bhfuil seirbhís mhíshásúil faighte agat.
Conas gearán a dhéanamh maidir le caighdeáin na seirbhíse
Táimid tiomanta seirbhís d'ardchaighdeán a chur ar fáil i gcónaí agus feidhmeanna reachtúla na Comhairle Múinteoireachta á gcomhlíonadh againn. Glacann an Chomhairle go dáiríre le gearáin faoi chaighdeáin seirbhíse. Má tá tú míshásta le caighdeán aon seirbhíse atá curtha ar fáil againn, ba mhaith linn cloisteáil faoi ionas gur féidir linn imscrúdú a dhéanamh ar an gceist go hiomlán agus go mbeidh deis againn cúrsaí a chur ina gceart. Bainfimid úsáid as do thuairimí agus aiseolas chun ár seirbhís a fheabhsú.
Céim 1
Chun gearán a réiteach faoi chaighdeán na seirbhíse a chuirtear ar fáil, moltar duit, ar an gcéad dul síos, dul i dteagmháil leis an rannóg ábhartha den Chomhairle Mhúinteoireachta atá ag déileáil le d’iarratas nó d’fhiosrúchán. I bhformhór na gcásanna réiteofar an gearán ag an bpointe seo. Féach ar an leathanach Déan Teagmháil Linn ar www.teachingcouncil.ie.
Céim 2
Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ag Céim 1, is féidir leat do ghearán a dhíriú chuig ár nOifigeach Caidrimh le Custaiméirí. Ní mór gearáin ag an gcéim seo a dhéanamh i scríbhinn chuig:
Oifigeach Caidrimh le Custaiméirí An Chomhairle Mhúinteoireachta Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co.Chill Dara, W23 Y7X0. nó Ríomhphost: customerrelations@teachingcouncil.ie.
Admhóidh an tOifigeach Caidrimh le Custaiméirí go bhfuarthas do ghearán laistigh de thrí lá oibre agus rachaidh sé i dteagmháil leat maidir le do ghearán agus freagróidh sé nó sí i scríbhinn chugat nuair a bheidh an t-ábhar imscrúdaithe go hiomlán. Táthar ag súil go ndéanfar imscrúdú ar an ngearán laistigh de fiche lá oibre.
Céim 3
Má tá tú fós míshasta leis an bhfreagra ag Céim 2, is féidir leat do ghearán a dhíriú faoi bhráid an Leas-Stiúrthóra i scríbhinn chuig:
Leas-Stiúrthóir
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad,
Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0.
nó
Ríomhphost: info@teachingcouncil.ie
Conas gearán a dhéanamh le hOifig an Ombudsman
Scrúdaíonn Oifig an Ombudsman gearáin ó bhaill den phobal a chreideann gur chaith soláthraithe seirbhíse poiblí áirithe leo go míchothrom. Tagann an Chomhairle Mhúinteoireachta faoi shainchúram Oifig an Ombudsman a chiallaíonn gur féidir le daoine gearán a dhéanamh faoin gComhairle Mhúinteoireachta chuig an Ombudsman maidir le feidhmiú a feidhmeanna riaracháin agus má tá drochriarachán agus drochthionchar mar thoradh ar an ngníomh sin. Is féidir dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman mar seo a leanas:
Seoladh: 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 HE97
Fón: +353-1-639 5600 Íosghlao: 1890 223030
Ríomhphost: info@ombudsman.ie
Suíomh gréasáin: www.ombudsman.ie