Tine a Lasadh! Gach rud a bhaineann leis an Teagasc agus leis an bhFoghlaim leis an gComhairle Mhúinteoireachta

Thosaigh an tsraith podchraolta Tine a Lasadh! Gach rud a bhaineann leis an Teagasc agus leis an bhFoghlaim leis an gComhairle Mhúinteoireachta i mí na Samhna 2020. Tá an tsraith deartha chun comhráite a spreagadh faoi chúrsaí oideachais, eolas a roinnt agus teagmháil a dhéanamh le múinteoirí. I ngach eagrán, cuirimid agallamh ar dhaoine ón bpobal teagaisc síos tríd. 

Oideachas inbhuanaitheachta: Ag dul thar fóir an bosca athchúrsála

Craolta ar dTús: Nollaig 2022

San eagrán seo, tá an Dr. Patrick Kirwan agus an Dr. Mary Moore in éineacht le Phil Fox, Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta, chun plé a dhéanamh ar oideachas inbhuanaitheachta i scoileanna. Díríonn an comhrá ar na céimeanna praiticiúla gur féidir le pobail na scoile tabhairt futha, chun cur chuige atá bunaithe ar mheon fáis a chothú maidir le hinbhuanaitheacht, le hoideachas lasmuigh, agus daltaí a chumasú a bheith ina ngníomhairí gnímh fhiúntaigh agus tuilleadh.

Tar éis dó feidhmiú mar eipidéimeolaí, mar ghairm bheatha san eolaíocht, cuireadh oiliúint ar Patrick mar mhúinteoir Eolaíochta iar-bhunscoile. Bhunaigh Patrick Líonra Inbhuanaitheachta na Scoileanna Éireannacha in 2021, a thugann múinteoirí agus daltaí ó scoileanna éagsúla le chéile chun comhráite faoin athrú aeráide agus an dúlra a chothú, chun oibriú ar chomhthionscnaimh, dea-chleachtas a roinnt, agus tús áite a thabhairt don inbhuanaitheacht sa chlár oibre oideachais.

Is múinteoir bunscoile í Mary Moore atá an-tugtha do gach rud a bhaineann leis an eolaíocht agus leis an inbhuanaitheacht. Tá rang a trí á mhúineadh aici faoi láthair i Scoil Náisiúnta Bhaile Uí Chléireacháin, Co. Thiobraid Árann, agus is ball gníomhach í do Líonra Inbhuanaitheachta na Scoileanna Éireannacha.

Chun níos mó eolas a fháil faoi Líonra Inbhuanaitheachta na Scoileanna Éireannacha, agus teacht ar na hacmhainní a luaitear sa phodchraoladh, féach ar: https://www.issn.ie/ nó déan ceangal ar twitter @IrishSchSusty

Fógra Séanta maidir leis an bPodchraoladh: Is ar mhaithe le faisnéis agus plé ginearálta a rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifid seo a ullmhú. Is léiriú ar dhearcthaí na gcainteoirí indibhidiúla aon seasaimh nó tuairimí a nochtar agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta iad. 

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

Ag cothú seomra ranga ionchuimsitheach

Craolta ar dTús: Samhain 2022

Tá Ann Marie Caulfield agus Josephine Byrne in éineacht le Phil Fox, Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta san eagrán seo chun a gcuid taithí maidir leis an oideachas ionchuimsitheach i scoileanna príomhshrutha, a scrúdú.

Is múinteoir iar-bhunscoile í Ann Marie ó 1996 i leith. Is príomhoide cúnta í faoi láthair agus is comhordaitheoir riachtanais bhreise í ag Meánscoil Naomh Iósaf, An Ros, Co. Átha Cliath.

Is múinteoir bunscoile í Josephine ó 1999 i leith. Is príomhoide cúnta í ag Bunscoil Naomh Mhuire, Éadan Doire, Co. Uíbh Fháilí, áit a bhfuil rang a haon á mhúineadh aici i láthair na huaire.

Is ‘dea-mhúinteoireacht’ í múinteoireacht ionchuimsitheach. Rud atá riachtanach do dhalta amháin, is féidir leis dul chun tairbhe do chách sa seomra ranga. Tá comhairle phraiticiúil sa phodchraoladh seo do mhúinteoirí atá ag súil lena gcuid cleachtas ionchuimsitheach a fheabhsú. Déantar machnamh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le fíoruileghabhálachta, tacaíocht a thabhairt do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise orthu agus iad ag aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil; agus i bhfad níos mó ná sin.

Fógra Séanta maidir leis an bPodchraoladh: Is ar mhaithe le faisnéis agus plé ginearálta a rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifid seo a ullmhú. Is léiriú ar dhearcthaí na gcainteoirí indibhidiúla aon seasaimh nó tuairimí a nochtar agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta iad. 

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

An téama ‘Meas - a Mheabhrú, a Léiriú agus a Athshamhlú’ á phlé ag ár bpainéal FÉILTE 2022

Craolta ar dTús: Samhain 2022

San eagrán seo rinne Phil Fox, Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta, modhnóireacht ar phlé painéil FÉILTE 2022 ar théama na bliana: ‘Meas - a Mheabhrú, a Léiriú agus a Athshamhlú’.

Ar an bpainéal bhí Rachel O'Connor - Uachtarán an Chumainn Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha agus Príomhoide Scoil Phobail na Gráinsí, Clíona Ní Chiosáin - Múinteoir bunscoile agus Múinteoir Clíona ó RTÉ Jr, Caitlín Faye Maniti - Iardhalta ó Mheánscoil Loreto, Leitir Ceanainn agus Uachtarán Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann (ADIÉ), David Mullins - Leaschathaoirleach Chumann Tuismitheoirí Bhunscoil San Tomás, Leamhcán agus Stiúrthóir Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí na hÉireann agus Codie Preston - Múinteoir Eolaíochta agus Bitheolaíochta agus comhordaitheoir Líonra Inbhuanaitheachta Scoileanna na hÉireann.

Fógra Séanta maidir leis an bPodchraoladh: Is ar mhaithe le faisnéis agus plé ginearálta a rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifid seo a ullmhú. Is léiriú ar dhearcthaí na gcainteoirí indibhidiúla aon seasaimh nó tuairimí a nochtar agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta iad. 

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

Ag caint faoi chúrsaí ceannaireachta, oideachas tosaigh múinteoirí agus níos mó leis an Dr Finn Ó Murchú.

Craolta ar dTús: Meitheamh 2022

San eagrán seo, tá an Dr Finn Ó Murchú in éineacht le Tomás Ó Ruairc, Iar-Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, le haghaidh comhrá faoin gceannaireacht, oideachas tosaigh múinteoirí agus i bhfad níos mó.

Is é Finn Ceannasaí ar Scoil an Oideachais (iar-bhunscoil) i gColáiste Mhuire gan Smál (MIC), Durlas, Éire. Is léachtóir é i réimse leathan de chláir agus déanann sé maoirseacht ar thaighde ó leibhéal fochéime go dtí leibhéal dochtúireachta, le spéis ar leith i bhfoghlaim ghairmiúil múinteoirí, ceannaireacht scoile, cleachtais ionchuimsitheacha agus chomhoibríocha. Tá spéis áirithe aige in oideachas múinteoirí, teagasc foirne (ina roinneann beirt mhúinteoirí an spás teagaisc) agus i gcleachtais a thugann tacaíocht don fhoghlaim ionchuimsitheach. Is Comhordaitheoir Cláir é freisin do na Staidéir Iarchéime sa Cheannaireacht agus sa Mheantóireacht Mheánach i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna ag MIC.

Fógra Séanta um Podchraoladh: D’ullmhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifeadtaí seo chun críocha eolais agus plé ghinearálta. Má chuirtear barúlacha nó tuairimí in iúl, is iad seo dearcthaí na gcainteoirí aonair atá á léiriú agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

I gcomhrá le Michelle Stowe, Stiúrthóir Connect RP – cleachtas aisiríoch, pobail foghlama gairmiúla agus níos mó!

Craolta ar dTús: Aibreán 2022

San eagrán seo tá Michelle Stowe in éineacht le Tomás Ó Ruairc le haghaidh comhrá maidir le cleachtas aisiríoch, pobail foghlama gairmiúla agus i bhfad níos mó!

Mhúin Michelle Stowe Béarla agus Spáinnis ar feadh 16 bliana agus tá sí ag obair anois mar chleachtóir, oiliúnóir, taighdeoir agus comhairleoir aisiríoch. Tá sí i mbun léachtaí a thabhairt do mhúinteoirí faoi oiliúint atá ar an gclár Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) in Ollscoil Mhá Nuad. Ina ról mar stiúrthóir Connect RP, tugann sí tacaíocht do scoileanna le cultúr aisiríoch a fhorbairt a chuireann daoine agus caidreamh i gcroílár an phobail foghlama.

Fógra Séanta um Podchraoladh: D’ullmhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifeadtaí seo chun críocha eolais agus plé ghinearálta. Má chuirtear barúlacha nó tuairimí in iúl, is iad seo dearcthaí na gcainteoirí aonair atá á léiriú agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

I gcomhrá leis an Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Craolta ar dTús:  Márta 2022

San eagrán seo, in éineacht le Phil Fox, Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta, tá an Dr T.J. Ó Ceallaigh, Stiúrthóir Staidéar Iarchéime Múinte i gColáiste Mhuire gan Smál (MIC), Ollscoil Luimnigh, le haghaidh comhrá maidir le cur chun cinn na Gaeilge, an dóchas atá ann don teanga amach anseo, an t-oideachas digiteach agus i bhfad níos mó!

Is iarphríomhoide agus iarmhúinteoir tumoideachais é an Dr T.J. Ó Ceallaigh. Ina phríomhspéiseanna i gcúrsaí taighde, díríonn sé ar an oideolaíocht atá ag teastáil leis an teanga a chomhtháthú i gceart chomh maith le treoir agus measúnú ar ábhar, agus tagairt ar leith don tumadh teanga agus do na comhthéacsanna dátheangacha.

Glacann T.J. páirt ghníomhach i bpobail tumoideachais Éireannacha agus idirnáisiúnta, feidhmíonn sé mar chomhairleoir ar chláir tumoideachais, agus labhraíonn sé go rialta ag comhdhálacha. Is é an comhchathaoirleach é den Phobal Taighde agus Forbartha um Oideachas Múinteoirí agus Teicneolaíocht Dhigiteach do Chumann na nOideoirí ar Múinteoirí iad san Eoraip (ATEE) agus is Stiúrthóir Boird é de Chomhtháthú Teanga agus Ábhair i gCúrsaí Ardoideachais (ICLHE), cumann idirnáisiúnta de lucht léinn a bhfuil spéis acu agus a mbíonn ionchur gníomhach acu sa réimse ildisciplíneach de chomhtháthú ábhair agus teanga i gcúrsaí ardoideachais.

Tá T.J. mar bhall freisin de Ghrúpa Oibre an Choimisiúin Eorpaigh um Oideachas Digiteach: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (DELTA). Le linn a théarma oifige cúig bliana, beidh sé ag tabhairt cúnaimh don Choimisiún chun tacú le tíortha maidir le hathchóirithe polasaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Oideachas Digiteach 2021-2027, a dhíríonn go háirithe ar oideachas digiteach ardchaighdeáin agus ionchuimsitheach a chothú san Eoraip, agus ag am céanna an t-athrú digiteach ó bhonn a chur san áireamh chomh maith leis na himpleachtaí agus ceachtanna a d’fhoghlaimíomar de bharr ghéarchéim COVID-19.

Fógra Séanta um Podchraoladh: D’ullmhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifeadtaí seo chun críocha eolais agus plé ghinearálta. Má chuirtear barúlacha nó tuairimí in iúl, is iad seo dearcthaí na gcainteoirí aonair atá á léiriú agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

I gcomhrá le Ciara O’Donnell

Craolta ar dTús: Feabhra 2022

Is í Ciara O’Donnell Stiúrthóir Náisiúnta na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST), an tseirbhís náisiúnta um fhorbairt ghairmiúil leanúnach thrasearnála is mó de chuid na Roinne Oideachais. Is múinteoir bunscoile í Ciara agus d’oibrigh sí in oideachas múinteoirí le seirbhísí tacaíochta na Roinne Oideachais ó 2005 ina raibh róil éagsúla curaclaim agus ceannaireachta polasaí aici.

San áireamh i spéiseanna taighde atá ag Ciara faoi láthair tá oideachas múinteoirí, ceannaireacht oideachais agus cúrsaí curaclaim.

San eagrán seo, tá Ciara O’Donnell in éineacht le Tomás Ó Ruairc le haghaidh comhrá maidir le cúrsaí curaclaim, comhfhorbairt ghairmiúil, cúrsaí ceannaireachta agus i bhfad níos mó!

Fógra Séanta um Podchraoladh: D’ullmhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifeadtaí seo chun críocha eolais agus plé ghinearálta. Má chuirtear barúlacha nó tuairimí in iúl, is iad seo dearcthaí na gcainteoirí aonair atá á léiriú agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

I gcomhrá le Patrick Sullivan

Craolta ar dTús: Nollaig 2021

San eagrán seo, tá Patrick Sullivan in éineacht le Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, le haghaidh comhrá maidir leis an gcuraclam, eiseamláirí, i dteagmháil le pobail agus i bhfad níos mó.

Tá Patrick Sullivan tar éis a bheith ag obair leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ó 2013. Mar an Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, déanann sé maoirsiú ar na forbairtí in oideachas luath-óige agus oideachas bunscoile. Thosaigh Patrick ina ghairm teagaisc i Scoil Náisiúnta Bhaile na gCailleach sular ghlac sé ról mar phríomhoide teagaisc i Scoil Náisiúnta Phobail Ard Rí in 2010.

Tá máistreacht céadonóracha aige sa Cheannaireacht Oideachasúil ó Ollscoil Mhaigh Nuad agus dochtúireacht ghairmiúil ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chuir Patrick cláir oiliúna múinteoirí ar fáil freisin in Oirthuaisceart na hIndia mar bhall den charthanacht Global Schoolroom.

An rud is tábhachtaí a bhaineann lena chuid oibre ná an tiomantas chun tacú le leanaí agus le múinteoirí le cur chuige ionchuimsitheach agus comhoibríoch a chinntiú i dtreo fhorbairt an churaclaim.

Fógra Séanta um Podchraoladh: D’ullmhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifeadtaí seo chun críocha eolais agus plé ghinearálta. Má chuirtear barúlacha nó tuairimí in iúl, is iad seo dearcthaí na gcainteoirí aonair atá á léiriú agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

I gcomhrá le Roddy Doyle, an t-eochairchainteoir tosaigh ag FÉILTE 2021.

Craolta ar dTús: Samhain 2021

Tá dhá úrscéal déag scríofa ag Roddy Doyle, lena n-áirítear The Commitments,Paddy Clarke Ha Ha Ha, ar bhuaigh sé an Booker Prize dó in 1993, The Woman Who Walked Into Doors, Smile agus, an ceann is déanaí, Love. Tá trí bhailiúchán de ghearrscéalta agus ocht leabhar do leanaí scríofa aige. Chomhscríobh sé The Second Half, le Roy Keane. Scríobh sé freisin don ardán agus don scáileán freisin. An leabhar is déanaí atá aige, a foilsíodh i mbliana, ná Life Without Children, bailiúchán scéalta, a tharla den chuid is mó le linn na paindéime.

Is é an comhbhunaitheoir agus an cathaoirleach é de Fighting Words. Ba mhúinteoir Béarla agus Tíreolaíochta é ag Pobalscoil an Ghleanntáin Ghlais, i gCill Bharróg, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, idir 1979 agus 1993. Tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath.

San eagrán seo, tugaimid athchuairt ar FÉILTE 2021 inar chuir Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, agallamh ar Roddy Doyle don eochairchaint tosaigh.

Fógra Séanta um Podchraoladh: D’ullmhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifeadtaí seo chun críocha eolais agus plé ghinearálta. Má chuirtear barúlacha nó tuairimí in iúl, is iad seo dearcthaí na gcainteoirí aonair atá á léiriú agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

I gcomhrá le Andy Hargreaves

Craolta ar dTús: Deireadh Fómhair 2021

Is Ollamh é Andy Hargreaves i gColáiste Bhostúin agus in Ollscoil Ottawa. Is scríbhneoir, cainteoir, comhairleoir agus comhairleoir polasaí é freisin. Is bunaitheoir Thionscadal Oideachais ARC é Andy agus tá Éire mar bhall de. Is grúpa náisiún é seo atá tiomanta don bharr feabhais, cothromas, folláine, cuimsiú, daonlathas agus cearta daonna atá leagtha amach tríd is tríd i gcórais a dhéantar a reáchtáil go gairmiúil. D’eisigh Andy, in éineacht le Dennis Shirley, an leabhar Five Paths to Student Engagement le déanaí, ina dtugtar le chéile 7 mbliana de chomhthaighde maidir le rannpháirtíocht.

San eagrán seo, tá Andy in éineacht le Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, le haghaidh comhrá maidir leis an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht sa phróseas teagaisc agus foghlama, todhchaí an oideachais agus muid ag teacht amach as paindéim Covid-19, agus i bhfad níos mó.

Fógra Séanta um Podchraoladh: D’ullmhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifeadtaí seo chun críocha eolais agus plé ghinearálta. Má chuirtear barúlacha nó tuairimí in iúl, is iad seo dearcthaí na gcainteoirí aonair atá á léiriú agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

I gComhrá leis an Dr Deborah Netolicky

Craolta ar dTús: Iúil 2021

Tá níos mó ná 20 bliain de thaithí sa teagasc agus sa cheannaireacht scoile san Astráil agus i Sasana ag an Dr Deborah Netolicky. Faoi láthair tá sí ina Ceann ar Theagasc agus ar Fhoghlaim i bPobalscoil Anglacánch Naomh Marcas (St Mark’s Anglican Community School), ina Comhlach Taighde Oinigh in Ollscoil Murdoch, Cathaoirleach de bhord bunscoile áitiúil, agus comhalta de choistí comhairleacha oideachais. Bíonn sí ag blagáil ag theeduflaneuse.com, is í an t-údar í de Transformational Professional Learning: Making a Difference in Schools, is í an t-eagarthóir í de Future Alternatives for Educational Leadership: Diversity, Inclusion, Equity and Democracy, atá le teacht agus is í an comheagarthóir í de Flip the System.

Tá Deborah in éineacht le Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, agus le Finn Ó Murchú, Ceann na Scoile (Iar-Bhunscoil) i gColáiste Mhuire gan Smál, Durlas, le haghaidh comhrá maidir leis an bhFoghlaim Ghairmiúil, an Fholláine, an Treocheannaireacht agus i bhfad níos mó.

Fógra Séanta um Podchraoladh: D’ullmhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta na taifeadtaí seo chun críocha eolais agus plé ghinearálta. Má chuirtear barúlacha nó tuairimí in iúl, is iad seo dearcthaí na gcainteoirí aonair atá á léiriú agus ní gá gurb iad dearcthaí na Comhairle Múinteoireachta.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

Ag caint le gach rud a bhaineann le cúrsaí oideachais le Clive Byrne, Stiúrthóir NAPD (Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí

Craolta ar dTús: Bealtaine 2021

San eagrán seo, tá Clive Byrne in éineacht le Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, agus leis an aoi-óstach, Áine Lynch, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Náisiúnta na dTuisimitheoirí – Bunbhrainse le haghaidh comhrá maidir lena aistear gairme, an pháirt a ghlac sé san Fholláine do Gach grúpa, pobal na scoile, ceannaireacht scoile agus i bhfad níos mó.

Is Stiúrthóir Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí (NAPD) é Clive, agus tá sé sa ról sin ó 2008. Ina ról mar Stiúrthóir NAPD, scríobh agus rinne Clive cur i láthair maidir le ról an cheannaire scoile mar ghníomhaí ar athruithe in oideachas na hÉireann agus tá sé tar éis a bheith ina urlabhraí neamhbhalbh leis an gcuraclam agus measúnacht a leasú le go mbeidh córas na hÉireann oiriúnach don fheidhm. 

Roimhe seo, chaith sé dhá théarma mar Uachtarán ar Chumann Cheannasaithe na Scoileanna Eorpacha agus mar chomhalta Comhairle de Chónaidhm Idirnáisiúnta na bPríomhoidí (ICP). Ceapadh é ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus chaith sé dhá théarma uirthi, agus le linn an téarma deiridh bhí sé mar Chathaoirleach an Bhoird don tSraith Shinsearach.

Tá Clive le dul ar scor an samhradh seo agus ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh agus gach rath a ghuí air sa chéad chaibidil eile dá shaol agus buíochas a ghabháil leis as ucht an ionchuir luachmhair a bhí aige i gcúrsaí oideachais.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

Ag Caint faoi Chúrsaí Oideachais, Cúrsaí Folláine do Mhúinteoirí agus d’Fhoghlaimeoirí agus faoi bhrionglóidí Dhún na nGall leis an Dr Niall Muldoon, Ombudsman na Leanaí in Éirinn

Craolta ar dTús: Aibreán 2021

Is Ombudsman na Leanaí in Éirinn é an Dr Niall Muldoon agus tá sé tar éis a bheith ag obair sa réimse um Chosaint Leanaí le níos mó ná 20 bliain. San eagrán seo, tá Niall in éineacht le Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, agus leis an aoi-óstach, Angela Lynch, an Príomhbhainisteoir Comhairle i Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN), chun labhairt faoi cad a thugann spreagadh dó ina ról mar an tOmbudsman, sa Ghrúpa Folláine do Mhúinteoirí agus d’Fhoghlaimeoirí, agus cad a chiallaíonn oideachas dó. 

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

I gcomhrá le Ciara Reilly – pobail, COVID, agus ag foghlaim trí bhallaí scagacha!

Craolta ar dTús: Feabhra 2021

Is Léachtóir Cúnta in Oideachas Digiteach í Ciara Reilly in Institiúid Teicneolaíochta Marino, agus tá aithne ag go leor múinteoirí uirthi ar fud na tíre mar gheall ar an ionchur a bhíonn aici ar Twitter via #edchatie.

Tá Ciara in éineacht le Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, agus Brian Fahy, múinteoir bunscoile ar iasacht agus Comhlach Cumarsáide sa Chomhairle Mhúinteoireachta, le haghaidh comhrá maidir lena haistear gairme, lena n-áirítear an obair cheannródaíoch a rinne sí le Kathleen Byrne chun Teachmeet a thabhairt go hÉirinn, ag réiteach na suíomhanna thuas seal thíos seal maidir le bheith ag obair ar líne sa timpeallacht reatha, agus cad iad na rudaí a d’fhoghlaimíomar ar féidir linn a thabhairt chun cinn nuair a bheidh an saol ar ais mar a bhí.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

Tugann FÉILTE faoin tsaincheist shíoraí maidir le cuimsiú i gcúrsaí oideachais

Craolta ar dTús: Eanáir 2021

Tá athchuairt á tabhairt againn ar FÉILTE 2019 in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, inar tháinig an Dr Finn Ó Murchú isteach ag an nóiméad deiridh chun plé painéil a óstáil maidir le hOideachas Ionchuimsitheach. Níl an plé ag díriú ar riachtanais bhreise ná ar riachtanais speisialta oideachais amháin, ach ina áit sin, tá sé ag breathnú ar réimse an chuimsithe i gcoitinne – éagsúlacht shocheacnamaíoch, rochtain ar ár gcóras oideachais do na múinteoirí agus foghlaimeoirí uile.

Cé gur tharla an plé seo in 2019, tá a fhios againn go bhfuil tábhacht i gcónaí le hoideachas ionchuimsitheach. D’fhéadfaí a rá, níos mó ná riamh, go bhfuilimid ag breathú ar bhealaí le go mbeidh gach duine curtha san áireamh i bpobal na scoile agus COVID ag réabadh trínár bpobail.

Tá Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir agus Príomhfheidhmeannach na Comhairle Múinteoireachta, mar óstach ar phlé painéil le baill den phobal oideachais: Niall Muldoon, Ombudsman na Leanaí, John Cunningham, mac léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Nada Khaled-Abdo, múinteoir, an Dr Finn Ó Murchú,  Ceann na Scoile, Coláiste Mhuire gan Smál, Durlas.

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

Is í Mary Robinson, iar-Uachtarán na hÉireann, aoichainteoir ag FÉILTE 2020!

Craolta ar dTús: Nollaig 2020

Éist leis an agallamh le Mary Robinson ó FÉILTE 2020! Labhraíonn iar-Uachtarán na hÉireann le Tomás Ó Ruairc maidir le COVID, athrú aeráide, an tábhacht a bhaineann le múinteoirí agus níos mó!

Éist anois ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!

Spásanna sábháilte agus tacaíochta á gcruthú i scoileanna agus i gcúrsaí oideachais do mhúinteoirí agus scoláirí LADTI+

Craolta ar dTús: Samhain 2020

Inár gcéad phodchraoladh do ‘Tine a Lasadh! Gach rud a bhaineann leis an Teagasc agus leis an bhFoghlaim leis an gComhairle Mhúinteoireachta’, tá Moninne Griffith, Príomhfheidhmeannach BeLonG To! in éineacht le Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta agus aoi-óstach Máirín Ní Chéileachair, iar-phríomhoide bunscoile agus Stiúrthóir ar Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar chun plé a dhéanamh faoi thacaíocht a thabhairt do Scoláirí LADTI+.

Aimsigh sinn ar Spotify, Apple, Amazon Music, agus níos mó!