Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta comhlacht rialála ghairm na múinteoireachta in Éirinn, agus mar chuid den ról sin, déanann sí an mhúinteoireacht a rialáil agus an ghairmiúlacht a chur chun cinn ar mhaithe le leas an phobail. Mar a leagadh amach i bPlean Straitéiseach 2012-2014 - Ré Nua don Ghairmiúlacht:
- Cabhraímid le múinteoirí dul isteach sa ghairm trína gclárú.
- Socraímid caighdeáin i ndáil le hoideachas múinteoirí ag gach céim de ghairmréim an mhúinteora.
- Leagaimid síos caighdeáin i ndáil le hinniúlacht ghairmiúil agus iompar gairmiúil.
- Déanaimid imscrúdú ar ghearáin a dhéantar faoi mhúinteoirí cláraithe.
Táimid tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil i gcomhréir leis na tionscnaimh um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí a cheadaigh an Rialtas. Téann a bhfuil sa Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí agus sna Nósanna Imeachta Aiseolais agus Gearán leis na prionsabail a bhaineann le dea-sheirbhís do chustaiméirí agus leis na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh a leagtar amach sa Treoir ón Ombudsman maidir le Riarachán Poiblí Maith.
Lean ort ag léamh chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gCairt um Sheirbhís do Chustaiméirí & Nósanna Imeachta Aiseolais agus Gearán. Is féidir an chairt agus na nósanna imeachta a íoslódáil anseo.
Ráiteas faoi Chóimheas
Tá foireann na Comhairle tiomanta do chaidreamh gairmiúil, measúil a chothú lena cuid cliant. Dá réir sin, bíonn an Chomhairle ag dréim leis go mbeidh tú measúil agus cúirtéiseach agus tú ag déileáil le comhaltaí ár bhfoirne.
An Gealltanas a Thugaimid Duit