Táimid tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil agus feidhmeanna reachtúla na Comhairle Múinteoireachta á gcomhlíonadh againn. Cuireann an Chomhairle fáilte roimh gach píosa aiseolais agus táimid an-dáiríre faoi dhéileáil mar is cuí le gearáin faoi chaighdeáin seirbhíse.
Mura bhfuil tú sásta le caighdeán na seirbhíse a cuireadh ar fáil duit, ba bhreá linn é dá ndéanfá teagmháil linn chun é sin a insint dúinn ionas go mbeimid in ann imscrúdú iomlán a dhéanamh ar an gceist agus fadhb ar bith lena mbaineann a réiteach. Bainfimid leas as do thuairimí agus as aiseolas uait chun feabhas a chur ar an tseirbhís.
Céim 1
Agus tú ag iarraidh gearán a dhéanamh faoi chaighdeán na seirbhíse a cuireadh ar fáil duit, moltar duit teagmháil a dhéanamh ar dtús leis an rannóg den Chomhairle Múinteoireachta a bhí ag déileáil le d'iarratas nó le do cheist. Go hiondúil is féidir an gearán a réiteach ag an gcéim sin. Cliceáil anseo le haghaidh eolas teagmhála
Céim 2
I gcás nach bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú ag Céim 1, féadfaidh tú do ghearán a chur faoi bhráid an Oifigigh um Chaidreamh le Custaiméirí. Ní mór gearáin ag an gcéim seo a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh chuig:
An tOifigeach um Chaidreamh le Custaiméirí
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad
Maigh Nuad, Co. Chill Dara.
R-phost: customerrelations@teachingcouncil.ie
Íosghlao: 1890 224 224 nó +353 (0)1 651 7900 Facs: +353 (0)1 651 7901
Cuirfidh an tOifigeach um Chaidreamh le Custaiméirí in iúl duit go bhfuarthas do ghearán laistigh de 5 lá oibre. Déanfaidh sé/sí teagmháil leat i ndáil le do ghearán agus tabharfaidh sé/sí freagra i scríbhinn ort nuair a bheidh imscrúdú iomlán ar an gceist tugtha chun críche. Ba chóir go ndéanfar gearán a imscrúdú laistigh de 20 lá oibre.
Céim 3
Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú ag Céim 2, féadfaidh tú do ghearán, i scríbhinn, a chur faoi bhráid an duine seo a leanas, trí mheán an Oifigigh um Chaidreamh le Custaiméirí:
Leas-Stiúrthóir
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad
Maigh Nuad, Co. Chill Dara.
R-phost: customerrelations@teachingcouncil.ie
Íosghlao: 1890 224 224 nó +353 (0)1 651 7900 Facs: +353 (0)1 651 7901