Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht) 2007 (I.R. 133 de 2007), cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag iarraidh rochtain a dhéanamh ar fhaisnéis faoin timpeallacht ó na húdaráis phoiblí. Tháinig na Rialacháin seo i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2007, agus cuireadh ar ceal an ionstraim reachtaíochta a bhí ann roimhe sin, Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht) 1998. Rinne Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht) 2011 (I.R. 662 de 2011) iad a leasú chomh maith le Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht) 2014 (I.R. 615 de 2014). Tá na píosaí reachtaíocht seo le bheith léite le chéile agus le bheith inghlactha mar cheann amháin. Is féidir tagairt a dhéanamh dóibh mar Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht) 2007 go 2014. Faoi réir eisceachtaí áirithe, ní mór faisnéis a bhaineann leis an timpeallacht atá ag an údarás áitiúil nó don údarás áitiúil, a bheith curtha ar fáil ar iarratas do dhuine ar bith.
Sna Rialacháin cuirtear sainmhíniú d'fhaisnéis timpeallachta ar fáil agus leagtar amach an bealach inar féidir iarratais ar fhaisnéis a chur isteach chuig na húdaráis áitiúla. Déanann an Rialacháin foráil freisin do nós imeachta achomharc foirmiúil sa chás nach bhfuil duine sásta le cinneadh ar a n-iarratas.