Ráiteas maidir le Feabhas a Chur ar Sholáthar Múinteoirí 2021-2022

Is féidir le múinteoirí a cháiligh thar lear an t-ionduchtúchán a chur i gcrích in Éirinn.

D’fhógair an Chomhairle Mhúinteoireachta inniu, ar bhonn eiseachtúil teoranta ó thaobh ama de, gur féidir le múinteoirí a cháiligh thar lear a gcuid ionduchtúcháin a chur i gcrích anseo in Éirinn.

Ní mór do mhúinteoirí iarratas a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 29 Deireadh Fómhair le bheith incháilithe. Táthar ag súil go bhféadfadh an beart 350 múinteoir sa bhreis a mhealladh le folúntais ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha a líonadh i scoileanna sa chéad bhliain acadúil eile amach romhainn.

Shínigh an tAire Oideachais Norma Foley TD, in éineacht le Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, Seán McMahon, agus Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, Tomás Ó Ruairc, an beart isteach sa dlí ar an 27 Bealtaine.

Tá ríthábhacht ag an mbeart seo do shaoránaigh na hÉireann a rinne staidéar agus a cháiligh thar lear agus a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh filleadh ar earnáil oideachais na hÉireann agus sinn a déileáil leis na dúshláin atá romhainn faoi láthair. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais maidir le conas iarratas a dhéanamh ar chlárú faoin rialachán seo.

Tá an fógra seo mar chuid de na bearta leanúnacha atá á gcomhordú ag an Aire agus an an Roinn Oideachais i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile i gcúrsaí oideachais.

Tá na bearta atá á gcur i bhfeidhm ag an gComhairle Mhúinteoireachta ag díriú ar an soláthar a mhéadú de na múinteoirí cláraithe atá ar fáil chun folúntais a líonadh, lena n-áirítear róil mhaoirseachta agus ionadaíochta, ar bhonn leanúnach i rith na bliana acadúla, 2021/22, atá ag teacht aníos.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley TD: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gComhairle Mhúinteoireachta as ucht a cuid oibre chun tacú le soláthar múinteoirí agus cuirim fáilte roimh an rialachán seo de chuid na Comhairle Múinteoireachta ina mbeidh múinteoirí, ar bhonn eisceachtúil, a cháiligh thar lear in ann a gcuid ionduchtúcháin a chur i gcrích in Éirinn. Cuideoidh an rialachán seo tógáil ar an acmhainn inár scoileanna agus soláthar a dhéanamh do na múinteoirí nuacháilithe seo filleadh abhaile agus obair anseo agus ag an am céanna cuirfear le soláthar na múinteoirí cáilithe le haghaidh ár scoileanna don scoilbhliain nua. Is tacaíocht ríthábhachtach a bheidh sa bheart seo agus fáiltímid go mór roimhe agus muid ag teacht amach as na dúshláin a bhaineann le Covid-19.”

Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, Tomás Ó Ruairc: “Thug gairm na múinteoireachta go sármhaith faoi na dúshláin a bhí i ndán di de bharr ghéarchéim na paindéime nach bhfacthas riamh cheana. Is fíorthosaíocht í do na páirtithe leasmhara uile i gcúrsaí oideachais tacaíocht a thabhairt dár bpobail scoile ar fud na tíre agus ullmhúchán a dhéanamh anois don chéad bhliain acadúil eile agus don fhéidearthacht go mbeidh brú leanúnach a d’fhéadfadh bheith fós ann agus muid ag teacht amach as géarchéim na paindéime. Tá na bearta seo atá athnuaite agus ar bhonn leanúnach deartha le go mbeidh an méid is mó den bhuíon múinteoirí cláraithe ar fáil chun tacú le scoileanna le freastal ar a riachtanais earcaíochta, maoirseachta agus ionadaíochta. I rith gach gné dár bpróisis chuíchóirithe, tá dlús á chur againn ar chlárú agus ar grinnfhiosrúchán na múinteoirí incháilithe i gcomhréir lenár ról agus rialacháin reachtúla. Leanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta ag comhoibriú go dlúth leis an Roinn Oideachais agus leis na páirtithe leasmhara uile chun tacú lenár bpobail scoile sa phróiseas seo.”

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, Seán McMahon: “Ní mór do gach duine sa tsochaí aitheantas a thabhairt don obair as cuimse atá ar siúl ag múinteoirí agus ag scoileanna agus don strus agus brú atá orthu agus iad ag cinntiú go leanann an fhoghlaim ar aghaidh, le linn na dtréimhsí cianoideachais agus ag filleadh ar scoil. Bhí dúshláin i ndán do scoileanna freisin le hionadaithe a aimsiú agus tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis a bheith i dteagmháil go fairsing leis na páirtithe leasmhara i gcúrsaí oideachais maidir leis an ábhar seo lena n-áirítear forais bhainistíochta na scoile, institiúidí ardoideachais agus Roinn Oideachais. Cuirfidh an cur chuige seo ar fud an chórais, in éineacht le hanailís a dhéanamh go leanúnach ar na sonraí uile atá ar fáil, le hobair ár bpobail scoile de réir mar a dhéanann siad dul chun cinn trí na cúinsí deacra atá ann faoi láthair. Cuideoidh na bearta seo, in éineacht le maolú na paindéime a bhfuiltear ag súil go mór leis, le hacmhainní a chur ar fáil dár scoileanna i gcomhréir leis na bearta uile eile atá á gcur i bhfeidhm maidir le soláthar múinteoirí.”

 

Bearta sa bhreis

I measc na mbeart sa bhreis atá faoi threoir na Comhairle Múinteoireachta tá cumarsáid dhíreach le clár iomlán na múinteoirí, ag obair le hinstitiúidí ardoideachais (HEIanna) chun borrdh a chur faoi líon múinteoirí faoi oiliúint de chuid Mháistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) a bheith ar fáil (atá incháilithe le clárú a dhéanamh faoi Bhreisoideachas), agus múinteoirí a bhfuil a gclárú ar tí dul in éag a spreagadh le fanacht cláraithe agus iad féin a chur ar fáil mar ionadaithe.

Chuir an Chomhairle Mhúinteoireachta in iúl freisin gur féidir le príomhoidí leas a bhaint as ionadaíocht thrasearnála inar féidir le múinteoir cláraithe ar bith ionadaíocht a dhéanamh i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna araon, cuir i gcás, a luaithe agus a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta grinnfhiosrúchán air/uirthi.

Bíonn próiseas clárúcháin mear i rith an tsamhraidh ar bun ag an gComhairle gach bliain lena chinntiú go mbíonn na múinteoirí nuacháilithe (MNCanna) cláraithe roimh thús na scoilbhliana nua. Táthar ag súil go gcuirfear tuairim is 3,400 múinteoir nuacháilithe leis an gclár i rith an tsamhraidh.

Sna chéad chúig mhí de 2021, cuireadh os cionn 1,500 clárú nua i gcrích síos trí na ceithre bhealach clárúcháin agus tharla 500 díobh idir tús mhí Aibreáin agus lár mhí na Bealtaine.

Rinneadh níos mó ná 2,500 iarratas ar ghrinnfhiosrúchán a phróiseáil go dtí seo i mbliana mar chuid de na hiarratais nua ar chlárú a dhéanamh.

 

Cláraigh Go bhFuil Tú Ar Fáil

Iarrtar ar mhúinteoir ar bith atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta atá in ann maoirseacht nó ionadaíocht a sholáthar nó folúntais a líonadh a chlárú go bhfuil siad ar fáil trí www.educationposts.ie agus go háirithe tríd an ardán Sub Seeker le haghaidh riachtanas ionadaíochta ghearrthéarmacha.

Iarrtar ar mhúinteoirí a bhfuil a gcéim á fáil acu an samhradh seo na treoracha a leanúint, lena n-áirítear a ngrinnfhiosrúchán a chur i gcrích, sa ríomhphost a gheobhaidh siad ón gComhairle Mhúinteoireachta nuair a aistrítear a dtorthaí ó na hinstitiúidí ardoideachais.

 

Institiúidí Ardoideachais (Ollscoileanna agus Coláistí Oideachas Múinteoirí)

Beidh an Chomhairle Mhúinteoireachta i dteagmháil leis na hinstitiúidí ardoideachais chun breathnú ar conas is féidir méadú a dhéanamh ar líon na múinteoirí cláraithe atá ar fáil ar shocrúchán scoileanna do scoileanna le maoirseacht agus ionadaíocht a dhéanamh.

 

Príomhoidí Scoileanna

Ba chóir go mbeadh príomhoidí scoileanna ar an eolas freisin faoin bhféidearthacht atá ann le hionadaíocht thrasearnála a dhéanamh, inar féidir le múinteoirí faoi oiliúint de chuid MGO san earnáil bhreisoideachais agus múinteoir cláraithe ar bith, ionadaíocht a dhéanamh sna hearnálacha bunscoile agus iar-bhunscoile araon, cuir i gcás, a luaithe is atá siad cláraithe agus go bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu tríd an gComhairle Mhúinteoireachta.

 

Earcaíocht agus Fostaíocht

Leanfaidh bainistíocht na scoile agus a forais phátrúnachta lena mbaineann ag déileáil le hearcaíocht agus fostaíocht na múinteoirí ar an ngnáthbhealach, faoi réir, mar is gnách, na bpróiseas clárúcháin agus grinnfhiosrúcháin riachtanacha i gcomhréir le rialacháin chaighdeáin ghairmiúla na Comhairle Múinteoireachta. Ba chóir d’iarrthóirí cuairt a thabhairt ar www.educationposts.ie ar an gcéad dul síos.