Aistrigh:
Gaeilge
English

Tá 37 ball mar chomhdhéanamh ar an gComhairle mar seo a leanas:

  • 11 múinteoir bunscoile, naonúr tofa agus beirt mar ainmnithe ag ceardchumann na múinteoirí
  • 11 múinteoir iar-bhunscoile, seachtar tofa agus ceathrar mar ainmnithe ag ceardchumainn na múinteoirí
  • 2 ainmnithe ag coláistí oideachais
  • 2 ainmnithe ag coláistí 3ú leibhéal sonraithe
  • 4 ainmnithe ag bainistíocht scoile (beirt don bhunleibhéal agus beirt don iar-bhunleibhéal)
  • 2 ainmnithe ag cumainn tuismitheoirí (duine don bhunleibhéal agus duine don iar-bhunleibhéal)
  • 5 ainmnithe ag an Aire Oideachais, ar a n-áirítear duine amháin mar ionadaí IBEC agus duine amháin mar ionadaí ICTU.

Comhaltaí na Comhairle

Comhaltaí a cheapadh ar an gComhairle Mhúinteoireachta

Tá 37 ball ag an gComhairle agus is múinteoirí cláraithe iad 16 díobh seo atá tofa ag múinteoirí, agus ainmníonn 16 acu comhlachtaí éagsúla a shonraítear sna hAchtanna Comhairle Teagaisc, 2001-2015, agus ainmníonn an tAire cúigear. Ceapann an tAire gach 37 díobh.

Is iad seo comhaltaí na Comhairle Múinteoireachta:

Comhaltaí na Comhairle

  • Michelle Keane

    Michelle Keane

    Tofa - Bunscoil - Baile Átha Cliath

  • Ann Mulcahy

    Tofa - Iar-bhunscoil - BOO - Deisceart na hÉireann

  • Jean Beswick Duignan

    Jean Beswick Duignan

    Ainmní - Aontas Múinteoirí Éireann

  • Kathleen Burke

    Kathleen Burke

    Tofa - Iar-bhunscoil - Earnáil Dheonach - Cúige Chonnachta, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh

  • Gráinne Conachy

    Gráinne Conachy

    Ainmní - Ceapaí de chuid an Aire

  • Noel Cronin

    Noel Cronin

    Tofa - Iar-bhunscoil - Earnáil BOO - Laighean

  • Mary Curley

    Tofa - Bunscoil - Cúige Mumhan

  • Michael Delargey

    Ainmní - Ceapaí ICTU de chuid an Aire

  • Eamon Dennehy

    Eamon Dennehy

    Ainmní - Cumann na Meánmhúinteoirí, Éir

  • Dr Niamh Dennehy

    Dr Niamh Dennehy

    Ainmní - Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

  • Catherine Doolan

    Tofa - Bunscoil - Cúige Laighean

  • Niall Duddy

    Niall Duddy

    Tofa - Iar-bhunscoil - Earnáil Dheonach - Cúige Chonnachta, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh

  • Dr Declan Fahie

    Dr Declan Fahie

    Ainmní - An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

  • Catherine Cross

    Ainmní - Iar-Bhunscoil

  • An tOllamh Niamh Hourigan

    Ainmní - Coláiste Mhuire gan Smál

  • Anne Howard

    Tofa - Earnáil na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha - Éire ar fad

  • Rosena Jordan

    Rosena Jordan

    Tofa - Bunscoil - Cúige Chonnacht/Cúige Uladh

  • Gerry Leydon

    Gerry Leydon

    Ainmní - Ceapaí de chuid an Aire

  • Anne Loughnane

    Anne Loughnane

    Ainmní - Cumann na Meánmhúinteoirí, Éir

  • Áine Lynch

    Ainmní - Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí - Bunscoil

  • Mary Magner

    Mary Magner

    Ainmní - Cumann Múinteoirí Éireann

  • Peter McCabe

    Peter McCabe

    Tofa - Bunscoil - Baile Átha Cliath

  • Fergal McCarthy

    Fergal McCarthy

    Ainmní - Cumann na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha

  • Paul Moroney

    Paul Moroney

    Tofa - Bunscoil - Cúige Mumhan

  • Catherine Moynihan

    Catherine Moynihan

    Ainmní - Comhchoiste na mBainisteoirí

  • Seán Ó hArgáin

    Seán Ó hArgáin

    Ainmní - Gaeloideachais

  • An tOllamh Teresa O'Doherty

    An tOllamh Teresa O'Doherty

    Ainmní - Institiúid Oideachais Marino

  • Ciaran James O'Donnell

    Ciaran James O'Donnell

    Tofa - Iar-bhunscoil - BOO - Cúige Chonnachta, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh

  • Seán Ó Dubhlaing

    Seán Ó Dubhlaing

    Tofa - Bunscoil - Cúige Laighean

  • Séamus Ó Fearraigh

    Ainmní - Aontas Múinteoirí Éireann

  • Liam Ó Néill

    Liam Ó Néill

    Ainmní - Ceapaí de chuid an Aire

  • Seán O'Neill

    Seán O'Neill

    Tofa - Iar-bhunscoil - Earnáil Dheonach - Deisceart na hÉireann

  • Bryan O'Reilly

    Ainmní - Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha

  • David O'Sullivan

    David O'Sullivan

    Ainmní - Cumann Múinteoirí Éireann

  • Eamonn Shaughnessy

    Eamonn Shaughnessy

    Tofa - Bunscoil - Cúige Chonnacht/Cúige Uladh

  • Tracie Tobin

    Tracie Tobin

    Tofa - Bunscoil - Cúige Mumhan

Coistí na Comhairle

Ar mhaithe le héascaíocht a dhéanamh ar a cuid oibre tá roinnt coistí, grúpaí oibre agus painéil bunaithe ag an gComhairle. Tá na mionsonraí faoi fheidhmeanna agus faoi bhallraíocht gach ceann acu seo le fáil thíos.

Déanann an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca éifeachtacht nósanna imeachta rialaithe inmheánacha na Comhairle Múinteoireachta a mheas, lena n-áirítear an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí.

I measc na bhfreagrachtaí tá:

  1. Tuairisciú airgeadais
  2. Socruithe bainistithe riosca
  3. Córas rialaithe inmheánaigh na Comhairle
  4. Feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí
  5. Tuairisciú airgeadais
  6. Nochtaí cosanta

Tá an Coiste Iniúchóireachta comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • David O’Sullivan (Cathaoirleach)
  • Ciarán O’Donnell
  • Gráinne Conachy
  • Kathleen Burke
  • Liam Gallagher
  • Seán Ó hÁrgáin

Éisteoidh Painéal den Choiste Araíonachta le gearán tarchurtha chuige ón gCoiste Imscrúdúcháin. Déantar an éisteacht a reachtáil de réir Ailt 43 agus Sceidil 3 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, agus na rialacha agus nósanna imeachta gaolmhara atá dréachtaithe ag an gComhairle. Mar thoradh ar an éisteacht, d’fhéadfadh go mbeadh míoiriúnacht don teagasc mar thoradh ag an bpainéal, nó d’fhéadfaí an t-iarratas a dhíbheann. Cuireann an painéal a thuairisc faoi bhráid an Choiste Araíonachta.

Nuair a shroichtear toradh “neamh-infheidhme chun teagaisc”, gearrann an Coiste smachtbhanna cuí agus d’fhéadfadh go mbeadh aistarraingt clárúcháin go sealadach nó go buan, nó leanúntas leis an gclárúchán faoi réir ag roinnt coinníollacha.

Tá an Coiste Araíonochta comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Tracie Tobin (Chairperson)
  • Áine Lynch
  • Anne Howard
  • Catherine Doolan
  • Declan Fahie
  • Fergal McCarthy
  • Gerry Leydon
  • Kathleen Burke
  • Mary Magner
  • Noel Cronin
  • Paul Moroney
  • Seán O’Neill

Tabharfaidh an Coiste comhairle don Chomhairle agus déanfaidh sé moltaí sna réimsí seo a leanas:

  • Caighdeáin iontrála chuig an ngairm múinteoireachta – na ceanglais maidir le hiontráil ar chláir oideachais tosaigh múinteoirí sa stát.
  • Cleachtadh na Múinteoireachta – Athbhreithniú ar chaighdeáin eolais, scileanna agus inniúlachta a theastaíonn le haghaidh cleachtadh na múinteoireachta.
  • Cáilíochtaí múinteoireachta – lena n-áirítear critéir agus nósanna. imeachta a fhorbairt le haghaidh athbhreithnithe agus creidiúnaithe
  • Ionduchtú iontrála nua – nithe a bhaineann le baill nua a ionduchtú chuig an ngairm.
  • Idirchaidreamh agus comhairliúchán leis an gCoiste Clárúcháin – maidir le pointí 2, 3 agus 4 thuas.
  • An fhoghlaim a dhéanann Múinteoirí (FGL/CPD) – Foghlaim ghairmiúil na múinteoirí a chur chun cinn agus athbhreithniú agus creidiúnú clár foghlama gairmiúla (FGL/CPD) de réir Alt 39 (nuair a thosaíonn siad) de na hAchtanna.
  • Cóid Iompair Ghairmiúil – Dréachtú agus athbhreithniú ar chóid iompair ghairmiúil do mhúinteoirí, i gcomhar leis na Coistí Imscrúdaithe agus Araíonachta. Beidh an coiste ar an eolas go háirithe d’oibleagáidí na Comhairle faoi alt 7.2. de na hAchtanna.
  • Taighde – Forbairt, cur i bhfeidhm agus athbhreithniú ar straitéis taighde na Comhairle.
  • Úsáid saineolais ghairmiúil a cheadú ó am go ham, chun cuidiú leis an bPainéal Cáilíochtaí agus leis an bpróiseas athbhreithnithe agus creidiúnaithe.

Tá an Coiste tar éis údarás a tharmligean ag an gComhairle freisin chun aighneachtaí agus tuairiscí a ullmhú ar shaincheisteanna oideachais i gcomhréir leis an mbeartas a d’aontaigh an Chomhairle agus chun athbhreithniú a dhéanamh agus ar chláir chreidiúnaithe Oideachais Tosaigh Múinteoirí, dá dtagraítear in Alt 38(1) den Acht, ach amháin i gcás ina bhfuil achomharc ann.

Tá an Coiste Oideachais comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Seán O’Neill (Chairperson)
  • Catherine Doolan
  • Catherine Moynihan
  • Jean Beswick Duignan
  • Kathleen Burke
  • Gráinne Conachy
  • Noel Cronin
  • Niamh Dennehy
  • Mary Magner
  • Paul Moroney
  • Liam Ó Néill
  • Seán Ó hÁrgáin
  • Teresa O’Doherty

Déanann an Painéal Measúnuithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnach na Comhairle fianaise carachtair iarratasóirí a éilíonn clárúcháin mar mhúinteoirí leis an gComhairle a mheas. Déantar é seo agus aird á tabhairt ar na treoirlínte atá faofa ag an gComhairle.

Nuair a bhíonn sé mar chinneadh ag an bPainéal go bhfágann fianaise carachtair iarratasóra é/í mí-oiriúnach don chlárúchán, cuirfidh an Painéal a chinneadh, na fáthannna leis an gcinneadh, agus na bealaí chun cinn atá ann don iarratasóir ag an bpointe sin. Ullmhaíonn an Painéal tuairisc ansin le cur faoi bhráid an Choiste Clárúcháin.

Tá an Painéal Measúnuithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnach comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Seán Ó Dubhlaing (Cathaoirleach)
  • Anne Loughnane
  • Bryan O’Reilly
  • Ciarán O’Donnell
  • Liam Ó Néill
  • Niamh Hourigan
  • Tracie Tobin

Éascaíonn na Coistí Feidhmiúcháin feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil na Comhairle. Tá a fheidhmeanna leagtha amach in Alt 26 d’Achtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, arna leasú. Chomh maith lena fheidhmeanna reachtacha déanann an Coiste Feidhmiúcháin maoirseacht ar chur chun cinn na gairme, ar straitéis chumarsáide na Comhairle agus ar leasuithe reachtacha atá beartaithe.

Tá an Coiste Feidhmiúcháin comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Michelle Keane (Cathaoirleach)
  • Anne Loughnane
  • Ann Mulcahy
  • David O’Sullivan
  • Fergal McCarthy
  • Gráinne Conachy
  • Michael Delargey
  • Rosena Jordan
  • Séamus Ó Fearraigh
  • Seán O’Neill
  • Teresa O’Doherty

Déanann an Coiste Airgeadais maoirseacht ar ghnóthaí airgeadais na Comhairle ar a n-áirítear ullmhúchán an bhuiséid bhliantúil, monatóireacht leanúnach ar theacht isteach agus ar chaiteachas, agus ar shocruithe na Comhairle maidir le curamaí ginearálta riarachán.

Áirítear mar chuid dá fheidhmeanna.

  • Athbhreithniú agus tuairisciú ar ghnóthaí airgeadais na Comhairle
  • Breathnú maidir leis an mbuiséad bliantúil
  • Athbhreithniú a dhéanamh, ag tréimhsí rialta aitheanta le linn timthrialla an bhuiséid bhliantúil, ar iarbhír theacht isteach agus ioncaim i gcoinne an bhuiséid agus deimhniú a dhéanamh nuair is gá go ndéantar buiséad leasaithe a ullmhú
  • Monatóireacht a dhéanamh ar dháileadh an chiste airgid
  • Athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh maidir le táillí na Comhairle
  • Teagmháil a dhéanamh le, agus cuntais a ullmhú do, na hiniúchóirí agus tuairisciú don Chomhairle maidir le cúinsí airgeadais.

Tá an Coiste Airgeadais comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Ann Mulcahy
  • Eamon Dennehy
  • Fergal McCarthy
  • Gerry Leydon
  • Niamh Hourigan
  • Seán Ó Dubhlaing
  • Séamus Ó Fearraigh

Beidh an Chomhairle, nó aon duine eile, ábalta iarratas a chur faoi bhráid an Choiste Imscrúdúcháin maidir le hiniúchadh ar oiriúnacht don chleachtas aon mhúinteora sna cúinsí seo a leanas:

Má theip ar mhúinteoir i gcomhlíonadh, nó má sháraigh sé/sí, an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, an tAcht Oideachais, 1998, an tAcht Oideachais (Leas), 2000, nó na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1999, nó aon rialachán, rialacha nó orduithe atá clúdaithe faoi na hAchtanna seo.

  • Má shíltear iompar an mhúinteora a bheith i réimse an mhí-iompair ghairmiúil mar atá leagtha síos san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001
  • Má bhíonn faillí i gclárú an mhúinteora i ngeall ar eolas míchruinn nó calaoiseach a bheith tugtha nó mífháisnéis a bheith léirithe nó
  • Muna mbíonn ar a c(h)umas teagasc I ngeall ar chúinsí leighis.
  • Ní bheidh baint ag an gCoiste ach an oiread le gnóthaí leathúla a bhaineann le conradh ná le haraíonacht, ná ní bheidh suntas á thabhairt ag an gComhairle do ghearáin ar Féidir déileáil níos fear leo ag an leibhéal áitiúil.

Nuair a shíltear é a bheith cuí a leithéid a dhéanamh, cuirfidh an Coiste an t-iarratas ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta.

Tá an Coiste Imscrúdúcháin comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Ann Mulcahy (Cathaoirleach)
  • Anne Loughnane
  • Bryan O’Reilly
  • Catherine Moynihan
  • Eamonn Shaughnessy
  • Mai Fanning
  • Mary Curley
  • Michael Delargey
  • Niall Duddy
  • Peter McCabe
  • Séamus Ó Fearraigh

Is iad na comhaltaí seo a leanas atá ar an bPainéal Cáilíochtaí:

  • Eamonn Shaughnessy (Cathaoirleach)
  • Declan Fahie
  • Jean Beswick Duignan
  • Michael Delargey
  • Niall Duddy
  • Teresa O’Doherty
  • Tracie Tobin

Cuireann an Coiste Clárúcháin comhairle ar fáil don Chomhairle agus déanann sí moltaí faoi gach gné de chlárúchán múinteoirí ag an gComhairle. Baineann an obair seo le comhairle agus moltaí a chur ar fáil faoi:

  • Na rialacha a rialaíonn an clárúchán
  • Na próisis a bhaineann lena leithéid de rialacha a chur I bhfeidhm
  • An próiseas a úsáidtear chun cinntí painéal a athbhreithniú
  • Comhdhéanamh na dtéarmaí tagartha do na Painéail Iarratas Bunoideachas agus Iarbhunoideachas agus don Phainéal ar Fhianaise Carachtair
  • Ceapachán measúnóirí chun cuidiú leis na Painéil Iarratas agus leis an bpróiseas ar Athbhreithniú Cinnidh
  • Comhairle a chur ar an gComhairle maidir leis an gcineál teastais ata le heisiúint
  • Critéir agus treoir don bhreithmheas ar cháilíochtaí don chlarúchán
  • Gnóthaí a bhiineann le Fianaise Carachtair agus promhadh.

Mar aon leis sin, déanann an Coiste Clárúcháin, agus é ag feidhmiú thar ceann na Comhairle, athbhreithniú ar chinntí faoi iarratais don chlárúchán a bhíonn déanta ag na Painéil Iarratais Bunleibhéal agus Iar-bhunleibhéal agus ag an bPainéal ar Fhianaise Carachtair, nuair a éilíonn an t-Iarratasóir a leithéid. Déantar é seo de réir an phróisis ar Athbhreithniú Cinnidh atá glachta ag an gComhairle. Is féidir é seo a íoslódáil anseo.

Tá an Coiste Clárúcháin comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Rosena Jordan (Chairperson)
  • Anne Howard
  • Ciarán O’Donnell
  • Eamon Dennehy
  • Fergal Mc Carthy
  • Gerry Leydon
  • Gráinne Conachy
  • Mai Fanning
  • Mary Curley
  • Niall Duddy
  • Niamh Hourigan
  • Peter McCabe
  • Seán Ó hÁrgáin

Tá seachtar ball ar an bPainéal Clárúcháin agus buaileann siad le chéile uair sa mhí chun plé a dhéanamh ar fhoirmeacha iarratais ar shíneadh ama curtha isteach ag múinteoirí atá seacht mbliana nó níos mó ar an gclár agus gan aon rud déanta acu go fóill faoina gcoinníoll(acha). Is féidir leis an gCeann Clárúcháin múinteoirí a atreorú chuig an bPainéal Clárúcháin.

Is féidir leis an bPainéal síneadh ama a thabhairt, a chur siar, nó a dhiúltú bunaithe ar an bhfoirm iarratais ar shíneadh ama a chuir an múinteoir isteach in éineacht lena c(h)áipéisíocht tacaíochta.

Is iad na comhaltaí seo a leanas atá ar an Clárúcháin:

  • Eamon Dennehy (Cathaoirleach)
  • Gráinne Conachy
  • Niamh Dennehy
  • Seán Ó Dubhlaing
  • Séamus Ó Fearraigh
  • Liam Ó Néill
  • Mary Magner