Aistrigh:
Gaeilge
English

Ginearálta

Sa láithreán gréasáin seo tá eolas ginearálta faoin gComhairle Mhúinteoireachta agus faoinár seirbhísí. Níl i gceist leis na hábhair atá ann (agus na foilseacháin atá curtha ar fáil laistigh) go mbeidh comhairle iontu nó go gcuirfidh siad comhairle ar fáil ar aon ábhar ar leith agus cuirtear ar fáil iad chun críche faisnéise amháin. Níor chóir duit gníomhú nó ba chóir duit staonadh ó ghníomhú ar an mbonn d’aon ábhar (nó foilseacháin atá curtha ar fáil laistigh) atá ar an láithreán gréasáin seo, gan comhairle ghairmiúil iomchuí a lorg. Tá an úsáid a bhaineann tú as an Láithreán Gréasáin seo faoi réir na dtéarmaí agus coinníollacha úsáide. Trí úsáid a bhaint as an Láithreán Gréasáin seo comhaontaíonn tú go gcomhlíonfaidh tú na téarmaí agus coinníollacha seo.

Séanadh

Tá an láithreán gréasáin seo ar fáil gan aon ionadaíochtaí ná barántaí de chineál ar bith, curtha in iúl nó tugtha le tuiscint. Ní dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta aon ionadaíochtaí ná ní thugann siad aon bharántaí ná gealltanais maidir le haon Ábhair ná ábhar ar bith ná eolas ar aon láithreán gréasáin eile a ndéantar tagairt dó nó a ndéantar rochtain air trí nasc hipirtéacs nó trí bhealach eile tríd an láithreán gréasáin seo (“láithreán tríú páirtí).  Ní mholann ná ní fhaomhann an Chomhairle Mhúinteoireachta an t-ábhar d’aon láithreán tríú páirtí, ná ní bheidh aon dliteanas ar an gComhairle Mhúinteoireachta a bhaineann le haon láithreán tríú páirtí.

Naisc

Ní cheadaítear naisc hipirtéacs ná naisc eile chuig an láithreán gréasáin seo gan chead ón gComhairle Mhúinteoireachta. Más mian leat nasc a chur ar fáil chuig an láithreán gréasáin seo, ba chóir duit é sin a chur in iúl dúinn trí ríomhphost a chur chuig info@teachingcouncil.ie agus tabhair na sonraí den URL/ de na URLanna den leathanach/ de na leathanaigh leis na naisc chuig ár láithreán gréasáin agus an URL/ na URLanna den leathanach/ de na leathanaigh ar mian leat a nascadh ar ár láithreán gréasáin.

Teorainn Dliteanais

Go feadh lán an mhéid is féidir de réir an dlí infheidhme, níl dliteanas ar an gComhairle Mhúinteoireachta ná ar aon chomhlaigh, comhairleoirí, fostaithe, cleamhnaithe ná aon ionadaithe eile díobh mar gheall ar chaillteanas nó damáiste a tharlaíonn de bharr nó atá bainteach leis an úsáid a bhaineann tú as na hÁbhair nó aon áiseanna nó seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an láithreán gréasáin seo (lena n-áirítear, ach nach bhfuil teoranta do, caillteanas nó damáiste indíreach nó iarmhartach, caillteanas sonraí, ioncaim, brabúis nó deise, caillteanas maoine nó damáiste uirthi agus éilimh ó thríú páirtithe) fiú má cuireadh in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta faoin dóigh go dtarlódh a leithéid caillteanais nó damáistí nó go bhféadfaí a thuar go réasúnta go dtarlódh a leithéid caillteanais nó damáistí.

Dlí Rialaithe

Beidh an fógra dlí seo agus téarmaí agus coinníollacha úsáide agus na saincheisteanna uile maidir leis an Láithreán Gréasáin seo faoi rialú dhlíthe na hÉireann.