Dáta Foilsithe: Bealtaine 26, 2025
Cruthaíodh an méid seo a leanas:
Go ndeachaigh an múinteoir cláraithe, le linn dó/di a bheith fostaithe mar mhúinteoir i scoil le linn na tréimhse idir Meán Fómhair 2022 go dtí mí na Bealtaine 2023 nó mar sin, i mbun cumarsáide trí Microsoft Teams le triúr mac léinn sa Scoil, cumarsáid a bhí míchuí ina hábhar agus/nó minicíocht agus/nó ó thaobh tráthúlachta de.
Chinn an Painéal gurbh ionann an iompar sin agus mí-iompar gairmiúil.
Chinn an Painéal freisin gurbh ionann an iompar sin agus sáruithe den Chód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí, dara heagrán nuashonraithe 2016 (an “Cód”) mar seo a leanas:
- Is ionann na líomhaintí agus sárú ar alt 1.4 den Chód lena sonraítear gur cheart do mhúinteoirí “tabhairt faoi chaidrimh dhearfacha a fhorbairt le daltaí/mic léinn, le comhghleacaithe, le tuismitheoirí, le bainistíocht scoileanna agus le daoine eile i bpobal na scoile, ar caidrimh iad a mbíonn an mhacántacht ghairmiúil agus breithiúnas gairmiúil mar shaintréithe acu”
- Is sárú iad na líomhaintí ar alt 3.1 den Chód lena sonraítear gur cheart do mhúinteoirí “seasamh le cáil agus le stádas na gairme”.
- Is sárú iad na líomhaintí ar alt 3.2 den Chód lena sonraítear gur cheart do mhúinteoirí “gach céim réasúnta a ghlacadh maidir le cúram daltaí/mac léinn atá faoina maoirseacht, chun a sábháilteacht agus a leas a chinntiú”
- Is sárú iad na líomhaintí ar alt 3.6 den Chód lena sonraítear gur cheart do mhúinteoirí “cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daltaí/mic léinn, comhghleacaithe, tuismitheoirí, bainistíocht scoileanna agus le daoine eile i bpobal na scoile ar bhealach gairmiúil, comhoibríoch agus tacúil, agus atá bunaithe ar iontaoibh agus meas”
- Is sárú iad na líomhaintí ar alt 3.7 den Chód lena sonraítear gur cheart do mhúinteoirí “a chinntiú go mbeadh aon chumarsáid le daltaí/ mic léinn, comhghleacaithe, tuismitheoirí, bainistíocht scoileanna agus daoine eile iomchuí, lena n-áirítear cumarsáid trí na meáin leictreonacha, ar nós ríomhphoist, téacsanna a chur agus láithreáin líonraithe shóisialta”
Tar éis an Fhiosrúcháin, chinn Painéal an Choiste Araíonachta ainm an mhúinteora chláraithe a bhaint de chlár na múinteoirí agus chinn siad nach mbeadh an múinteoir cláraithe i dteideal iarratas a (h)ainm a athchóiriú ar an gclár ar feadh tréimhse trí bliana, ag tosú leis an dáta a baineadh iad den Chlár.
Dheimhnigh an Ard-Chúirt cinneadh Phainéal an Choiste Araíonachta ar an 27 Eanáir 2025 agus tháinig an smachtbhanna i bhfeidhm.