Aistrigh:
Gaeilge
English

Bronnadh €2,000 ar Scoil Mhuire Naofa, Carraig Álainn, Co. Liatroma, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Ard Caorthainn, chun comhtháthú agus cuimsiú bríoch daltaí uathacha i ranganna príomhshrutha Matamaitice a chur chun cinn. Is aidhm leis an tionscadal seo acmhainn foirne a fhorbairt chun prionsabail an Dearaidh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) a chur i bhfeidhm chun freastal ar gach foghlaimeoir agus bacainní sa phróiseas foghlama a bhaint, lena n-áirítear cláir teagaisc stáisiúin 6 seachtaine struchtúrtha agus inmhacasamhlaithe a chruthú do gach leibhéal ranga faoi 2026 i gcomhréir le Curaclam Matamaitice nua na Bunscoile. 

Machnamh na scoile

“Is smaoineamh den scoth é an scéim sparánachta – tugann sé deis do mhúinteoirí spreagtha triail a bhaint as teagasc, foghlaim agus cuimsiú agus iad a fheabhsú laistigh dár suíomhanna agus roinnt caiteachais á chur ar fáil chun tacú leis. Chuir sé go mór le comhoibriú agus spreagadh idir ár dhá scoil.”

Acmhainn

Cruthaíodh Padlet ina bhfuil Treoirlínte agus Tacar Uirlisí nua Churaclam Matamaitice na Bunscoile, treoirlínte ón NCSE, agus doiciméid tacaíochta maidir le pleananna ceachta, uirlisí agus pacáistí measúnaithe, agus acmhainní eile a d’fhéadfaí a ionchorprú sa seomra ranga. 

Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar padlet