Bronnadh €5,000 ar Scoil Ospidéil Solas, Cromghlinn CHI, mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le seacht scoil* chun tacú le Comhdháil HOPE 2025, comhdháil idirnáisiúnta de mhúinteoirí atá ag feidhmiú i scoileanna ospidéil. Is aidhm leis an tionscadal seo oideoirí ospidéil ó Éirinn agus ar fud an domhain a aontú chun eolas, cleachtais agus léargais a roinnt atá curtha in oiriúint do na dúshláin uathúla a bhaineann le leanaí a bhfuil riachtanais leighis agus mheabhairshláinte acu a theagasc.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Ospidéil Shráid an Teampaill
- Scoileanna Linn Dara
- Scoil Áirce na bPáistí
- Scoil Ospidéil Beaumont
- Pobalscoil Ospidéil Náisiúnta Athshlánúcháin
- Scoil Ospidéil Ollscoil Chorcaí
- Scoil Speisialta Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, Tamhlacht
Machnamh na scoile
Táimid thar a bheith buíoch don Chomhairle Mhúinteoireachta as sparánacht Féilte €5,000 a bhronnadh ar Chomhdháil HOPE 2025, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine 2025. Tugadh 294 múinteoir agus gairmí oideachais ospidéil le chéile mar chuid den chomhdháil ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin, aontaithe faoin téama Le Chéile: Comhroinnt Faisnéise, Comhroinnt Eolais, Comhroinnt Cleachtais.
Ba rannchuidiú tábhachtach í an sparánacht a chuidigh linn clár saibhir a sholáthar lenar aimsíodh cothromaíocht idir taighde, beartas, agus straitéisí praiticiúla trí eochairléachtaí, cuir i láthair ó bhéal, agus ceardlanna praiticiúla. Bhí tionchar ar leith ag na seisiúin lenar soiléiríodh guthanna daltaí a bhfuil riachtanais leighis nó meabhairshláinte acu, rud a chuir i gcuimhne go láidir do na rannpháirtithe tábhacht na gcleachtas ionchuimsitheach freagrúil oideachais.
Éascaíodh foghlaim ghairmiúil fhónta a bhuí don chomhdháil trí spásanna a chruthú do mhúinteoirí ospidéil chun smaointe a mhalartú, machnamh a dhéanamh ar dhúshláin chomhroinnte, agus oibriú i gcomhar maidir le réitigh a rachaidh chun tairbhe daltaí sa bhaile agus thar lear. Cuireadh i dtábhacht leis an aiseolas dearfach ón lucht freastail luach an imeachta maidir le cuir chuige nua a spreagadh, líonraí a neartú, agus tacú le forbairt ghairmiúil leanúnach na ndaoine sin a oibríonn sa réimse fíorspeisialaithe seo.
Táimid an-bhuíoch don Chomhairle Mhúinteoireachta as a tacaíocht fhlaithiúil chun an t-eispéireas tábhachtach foghlama seo a chur i gcrích.