
CROÍ
Tugann Sraith Taighde CROÍ sraith tionscnamh le chéile trína bhfuil sé mar aidhm ag an gComhairle an sprioc sin a bhaint amach. Cuireann CROÍ réimse leathan acmhainní san áireamh chun tacú le múinteoirí agus scoileanna a bheith páirteach i dtaighde agus le taighde, mar shampla leabharlann ar líne agus scéim mhaoinithe um thaighde.

Leabharlann Ar Líne
Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta leabharlann ar líne ar fáil do mhúinteoirí cláraithe.

Creat Tacaíochta Taighde
Tá Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan deartha ar mhaithe le tacú le foghlaim ghairmiúil leanúnach múinteoirí trína rannpháirtíocht i dtaighde agus le taighde.