Aistrigh:
Gaeilge
English

Seirbhísí tacaíochta

Cuireann an Roinn Oideachais na seirbhísí tacaíochta seo ar fáil:

Tacaíocht um Chúnamh d’Fhostaithe

Féachann an tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe (EAS) go mbíonn teacht ag múinteoirí agus neasteaghlaigh ar chomhairleoireacht rúnda agus is ann di chun cuidiú le daoine atá ag iarraidh déileáil le deacrachtaí ina saol pearsanta nó ag an obair. Cuirtear comhairleoireacht ar fáil i leith deacrachtaí amhail sláinte, caidrimh, andúilí, méala, strus, aighneas, teagmhas criticiúil agus tráma.

Is seirbhís saor in aisce agus faoi rún í atá ar fáil do mhúinteoirí 24 uair in aghaidh an lae, 365 lá sa bhliain.

Tá breis eolais faoi Thacaíocht um Chúnamh d’Fhostaithe le fáil  anseo. 

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO)

Oibríonn síceolaithe SNSO le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna araon agus iad ag plé le cúrsaí foghlamtha, iompraíochta, forbairt shóisialta agus mhothúchánach. Cuireadh grúpa scoileanna chuig gach síceolaí.

Tá tuilleadh eolais faoin tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais le fáil.

Grúpa Folláine do Gach Duine

Tá an Grúpa Folláine do Gach Duine (FGD) déanta suas d’ionadaithe ó phobal na scoile, an Chomhairle Mhúinteoireachta, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Bunscoile, Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann, Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí agus Oifig an Ombudsman do Leanaí san áireamh.

In 2015, cuireadh an Grúpa Folláine do Gach Duine le chéile leis an gcomhaidhm le feabhas a chur ar an gcomhoibriú idir an grúpa, na bailleagraíochtaí agus na páirtithe leasmhara chun tacú le cur chuige feabhsaithe agus inbhuanaithe i dtreo na folláine do na foghlaimeoirí uile inár gcóras oideachais; múinteoirí, scoláirí, tuismitheoirí/caomhnóirí agus pobal uile na scoile.

In 2021, d’athraigh ainm an ghrúpa ó Fholláine do Mhúinteoirí agus d’Fhoghlaimeoirí go dtí Folláine do Gach Duine. Tagann an grúpa le chéile go rialta i rith na scoilbhliana agus go dtí seo bhí trí chomhdháil ar siúl.