Aistrigh:
Gaeilge
English

Athnuachaintí

Mar mhúinteoir cláraithe is féidir leat dáta éaga d’athnuachana a sheiceáil trí logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú

Seolfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta ríomhphost meabhrúcháin athnuachana chuig an seoladh ríomhphoist atá ar do thaifead freisin roimh an dáta athnuachana. Chun na críche seo, tá sé tábhachtach a chinntiú go bhfuil do shonraí teagmhála, do sheoladh ríomhphoist, d’uimhir ghutháin agus do sheoladh cothrom le dáta i gcónaí chun a chinntiú nach gcaillfidh tú aon chomhfhreagras tábhachtach.

Má tá coinníollacha clárúcháin agat a rachaidh in éag laistigh de shé mhí ó dháta athnuachana do chlárúcháin agus/nó má iarradh ort athghrinnfhiosrúchán a dhéanamh, ní bheidh tú in ann do chlárú a athnuachan go dtí go gcomhlíonfaidh tú na ceanglais seo.  

Mura dtugtar aghaidh ar na riachtanais seo, d’fhéadfaí duine a bhaint den Chlár. 

Is féidir leat rochtain a fháil ar do ríomhadmháil agus do ríomhchárta ar do Mo Chlárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

Má bhíonn aon fhadhbanna agat agus d’iarratas athnuachana á chomhlánú agat ar líne, tóg seat scáileáin den teachtaireacht earráide a fuarthas agus seol ríomhphost chuig renewals@teachingcouncil.ie agus tacóimid leat tríd an bpróiseas. 

Tabhair faoi deara: I gcásanna áirithe, bíonn deacrachtaí ag múinteoirí agus iad ag iarraidh a sonraí fostaíochta a nuashonrú agus an próiseas iarratais athnuachana á chur i gcrích acu. Táimid ag fiosrú na saincheiste seo, ach má bhíonn an fhadhb seo agat, lean ar aghaidh le d’iarratas chun d’fhostaíocht a athnuachan gan í a nuashonrú. Nuair a bheidh an próiseas athnuachana críochnaithe agat go rathúil, is féidir leat logáil isteach i do chuntas M’Iarratas agus do chuid sonraí fostaíochta a nuashonrú ansin. 

  • Ainm úsáideora: 

Is é d’ainm úsáideora ná an seoladh ríomhphoist ar bhain tú úsáid as chun cuntas tairsí a chruthú. Mura bhfuil rochtain agat ar an seoladh ríomhphoist seo a thuilleadh, i.e. ba é do sheoladh ríomhphoist coláiste é, beidh ort d’ainm úsáideora a nuashonrú trí ríomhphost a sheoladh chuig myreghelp@teachingcouncil.ie. Cuir d’uimhir chlárúcháin leis an gComhairle Mhúinteoireachta, do sheanseoladh ríomhphoist agus do sheoladh ríomhphoist nua san áireamh i do ríomhphost. 

  • Pasfhocal: 

Más rud é go bhfuil d’ainm úsáideora ceart ach go bhfuil do phasfhocal dearmadta agat, is féidir leat pasfhocal nua a chruthú trí chliceáil ar ‘Dearmad Déanta  ar Phasfhocal?’ ar leathanach logála isteach Mo Chlárú.

Iarratais ar shíneadh a chruthú

Is féidir iarratas ar shíneadh ama a chur isteach suas le 6 mhí roimh an dáta a mbeidh an Coinníoll/na Coinníollacha atá ceangailte le do chlárú le dul in éag. Mura gcuireann tú iarratas ar shíneadh isteach, tá tú ag cur do chlárúcháin i mbaol. 

Ba chóir na nithe seo a leanas a chur isteach mar dhoiciméid tacaíochta le haghaidh iarratais ar shíneadh ama: 

  • Cruthúnas go bhfuil tú fostaithe mar mhúinteoir i bPoblacht na hÉireann. 
  • Cruthúnas go bhfuil tú ag cur isteach go gníomhach ar phoist mhúinteoireachta a chabhróidh le do chás a réiteach. 
  • Cruthúnas go bhfuil tú cláraithe chun freastal ar chúrsa aitheanta a thabharfaidh aghaidh ar do chás.

Is iad na meán-amanna próiseála le haghaidh iarratais ar shíneadh ná 4 – 8 seachtaine ón dáta a fhaightear an t-iarratas agus an doiciméadacht riachtanach go léir. Is féidir leat stádas dhul chun cinn diarratais ar shíneadh a rianú trí logáil isteach i do chuntas tairseach Mo Chlárú, an tíl Mo Choinníollacha (My Conditions) a roghnú agus Rianaigh dIarratas ar Shíneadh (Track your Extension Request) a roghnú ag bun an leathanaigh sin. 

Droichead

  • Logáil isteach i do chuntas tairsí agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Iarratais’.
  • Faoi ‘M’Iarratais Taghta Ar Ais’ cliceáil ar an gcnaipe ‘Cuir isteach arís’ ar an iarratas Foirm D. 
  • Cliceáil ar ‘Ionduchtú scoil-bhunaithe (Snáithe A)’ agus nuashonraigh an ‘Dáta a Críochnaíodh an Próiseas Droichead’.
  • Cliceáil ar ‘Dearbhú Comhpháirteach’ agus íoslódáil an fhoirm nuashonraithe. 
  • Uaslódáil anois na 5 leathanach de d’fhoirm Dhearbhaithe Chomhpháirtigh sínithe agus stampáilte trí: 

a) Cliceáil ‘Uaslódáil’ faoi ‘Uaslódáil Doiciméid Thacaíochta Bhreise’.

b) Cliceáil ‘Roghnaigh Comhad’ agus uaslódáil na 5 leathanach de d’fhoirm Dhearbhaithe Chomhpháirtigh ón áit a bhfuil sí sábháilte agat. 

c) Cliceáil ‘Cuir Isteach’.

Is féidir leis an bpríomhoide nó leas-phríomhoide an fhoirm a shíniú. Beidh orthu a n-ainm agus a n-uimhir chlárúcháin a chur leis an bhfoirm.