Foilsithe
Oibríonn an Chomhairle Mhúinteoireachta leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG) chun a chinntiú go ndéantar grinnfhiosrúchán ar gach múinteoir cláraithe.
Ón 7 Iúil 2025 , tá seiceálacha breise ar chosaint leanaí á dtabhairt isteach ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG), i gcomhréir le Treoir 2011/93/AE, leis na 26 bhallstát eile den AE agus leis an RA, chun cosaint leanaí a neartú. Ní bheidh tionchar ag na seiceálacha breise seo ach orthu siúd a raibh cónaí orthu i stát eile de chuid an AE nó sa RA. Cé go neartaíonn na seiceálacha breise seo cosaint leanaí ar mhaithe le leas an phobail, beidh níos mó ama ag baint le hiarratais ghrinnfhiosrúcháin a phróiseáil dóibh siúd a raibh cónaí orthu i stát eile de chuid an AE nó sa RA.
Amlínte do Chéim 2 den phróiseas grinnfhiosrúcháin
Is próiseas iarratais ina bhfuil dhá chéim atá i gceist leis an nGrinnfhiosrúchán.
Baineann Céim 1 le hiarratas a chur faoi bhráid na Comhairle Múinteoireachta le haghaidh fíorú aitheantais. Níl aon athrú ar an gcéim seo den phróiseas. Nuair a bheidh Céim 1 críochnaithe, is féidir le hiarratasóirí dul ar aghaidh chuig Céim 2.
Baineann Céim 2 le hiarratas grinnfhiosrúcháin a chur faoi bhráid an BNG.
Is ionann na hamanna próiseála BNG d’iarratais ghrinnfhiosrúcháin agus 14 lá oibre ar an meán, ach athraíonn na hamlínte do gach iarratas toisc go mbraitheann sé ar na cuardaigh riachtanacha a chaithfidh an BNG a chur i gcrích mar chuid den phróiseas. Tá an BNG ag tabhairt le fios go mbeidh an tionchar seo a leanas ag na hathruithe thuas ar amanna slánúcháin iarratais ghrinnfhiosrúcháin:
- Maidir le hiarratais a dteastaíonn seiceálacha ina leith le Tír AE, ceadaítear suas le 10 lá oibre breise.
- Maidir le hiarratais a dteastaíonn seiceálacha ina leith leis an RA, ceadaítear suas le 20 lá oibre breise.
Tá sé tugtha le fios ag an BNG go bhfuil na hamlínte seo i gcomhréir le beartas bunaithe an AE/RA agus nach bhfuil siad faoi chúram/rialú BNG an Gharda Síochána.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go n-éilíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta, mar chuid dá bearta cosanta féin, imréiteach póilíneachta thar lear a chur isteach i gcás aon iarratasóir a chaith tréimhse charnach 12 mhí nó níos mó ina gcónaí lasmuigh de Phoblacht na hÉireann tar éis 18 mbliana d’aois.