Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tá iarratais ar Scéim Sparánachtaí Féilte 2025 oscailte anois ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. I ndiaidh an tionchair dhearfaigh de chuid Scéim Sparánachtaí Féilte 2024, tá an scéim á leathnú i mbliana, le ciste sparánachta iomlán de €125,000. Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar sparánacht de €2,000 nó €5,000, chun tacú le gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla comhoibríocha ina bpobail scoile.

Agus an scéim sparánachtaí á seoladh, dúirt an Dr Lynn Ramsey, Stiúrthóir ar an gComhairle Mhúinteoireachta:

“Dearadh an Scéim Sparánachtaí Féilte chun tacú le cultúr gairmiúil comhoibríoch agus comhroinnt eolais idir mhúinteoirí agus idir scoileanna. Anuraidh chonaiceamar samplaí iontacha de thiomantas múinteoirí don fhoghlaim ghairmiúil le réimse tionscadal ó scríbhneoireacht chruthaitheach sa Mhatamaitic trí mheán na Gaeilge, go bunú pobal foghlama gairmiúla idir scoileanna speisialta. Leagann na tionscadail seo, agus na 25 tionscadal comhoibríocha eile a bhronnadh maoiniú orthu, béim ar an ardchaighdeáin agus ar cháilíocht ár ngairme múinteoireachta in Éirinn. I mbliana, mhéadaíomar an maoiniú sparánachta atá ar fáil ó €100,000 go €125,000, chun níos mó tacaíocht a thabhairt do scoileanna ar mian leo réimse foghlama gairmiúla a iniúchadh, agus a gcleachtas a fheabhsú.”

Tá treoirlínte iarratais, taispeántas d’fhaighteoirí sparánachta roimhe seo agus rannóg ceisteanna coitianta i Mol Féilte 2025 ar ár suíomh gréasáin. Beidh seimineár gréasáin faisnéiseach á gcur i láthair ag an bhfoireann Féilte lena dtreoraítear iarratasóirí tríd an bpróiseas iarratais ar sparánacht ar an 24 Meán Fómhair.

 

Tá tuilleadh eolais faoin Sparánacht Féilte ar fáil ar ár suíomh gréasáin.