Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tá sceitimíní orainn treo nua d’FÉILTE a fhógairt i mbliana. Tá ár n-imeacht ag filleadh ar an scoil! Roinnfear ainm na scoile leat ar ball; coiméad súil ar ár suíomh greasáin agus ár leathanaigh mheáin shóisialta don nuacht is déanaí.

Tá súil againn go mbeidh tú linn chun obair nuálach agus chruthaitheach na múinteoirí agus ceannairí scoile a cheiliúradh i suíomh aitheanta scoile.

Conas is féidir liom páirt a ghlacadh?

Tá an t-imeacht seo oscailte do mhúinteoirí cláraithe. Má tá smaoineamh agat nó ag do scoil nó modheolaíocht a bhféadfadh múinteoirí eile leas a bhaint as, ba bhreá linn dá mbeifeá páirteach ag FÉILTE.

Déan iarratas thíos chun do scéal a roinnt faoi na cleachtais a úsáideann tú, na smaointe ar bhain tú leas astu, agus na rudaí a mholfá do mhúinteoirí eile…agus glac páirt san eispéireas roinnte FÉILTE!

B’éigean dúinn iarratais a fháil ar nó roimh Luan, 17 Aibreán 2023.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar ár suíomh FÉILTE 2023, comh maith leis an Tuairisc Nuálaíochta FÉILTE 2022, a foilsíodh go h-úrnua.