Foilsithe
Chun cabhrú leis na dúshláin a bhaineann le soláthar múinteoirí i gcomhthéacs riachtanais dhéimeagrafaigh, tá sé molta ag an gComhairle Mhúinteoireachta go gcruthófaí foráil faoi cheangal ama laistigh de na Rialacháin um an gComhairle Mhúinteoireachta (Clárú), 2016 athbhreithnithe. Nuair a achtófar í, chuirfeadh an fhoráil seo faoi cheangal ama ar chumas múinteoirí incháilithe a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann iarratas a dhéanamh ar chlárú agus a gceanglas ionduchtaithe a chomhlíonadh i bPoblacht na hÉireann.
Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le hullmhú na Rialachán athbhreithnithe maidir le Clárú agus dréachtú na hIonstraime Reachtúla (IR) riachtanaí. Tá sé i gceist go n-osclófar an fhoráil faoi cheangal ama d’iarratas ó dháta cur chun feidhme na Rialachán athbhreithnithe maidir le Clárú. Táthar ag súil go bhféadfadh an fhoráil faoi cheangal ama oscailt sa tríú ráithe de 2025, ach braitheann an amlíne bheacht chun iarratais a oscailt ar dháta cur chun feidhme na Rialachán athbhreithnithe maidir le Clárú.