Aistrigh:
Gaeilge
English

An próiseas clárúcháin mear don Mhúinteoir Nuacháilithe (MNC) - Físeán

Féach ar an bhfíseán seo a leanas le haghaidh treoir céim ar chéim maidir leis an bpróiseas clárúcháin do Mhúinteoirí Nuacháilithe.

Thar ceann na Comhairle Múinteoireachta, is mian linn fáilte chroíúil a chur romhat agus tú ag tabhairt faoi do thuras spreagúil isteach i ngairm na múinteoireachta. Le níos mó ná 4,000 scoil agus beagnach milliún mac léinn, is mór an méid a chuireann gairm na múinteoireachta le saol sibhialta agus sóisialta na sochaí in Éirinn. Nuair a chláraíonn tú le Clár na Múinteoirí, beidh tú ar cheann de na cláir ghairmiúla is mó in Éirinn. 

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta rialtóir ghairm na múinteoireachta in Éirinn. Is é an ról atá againn ná an pobal a chosaint trí chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú. Déanaimid é seo trí chlárú reachtúil múinteoirí, a chinntíonn gairm mhúinteoireachta ardcháilithe, a gcomhlíonann a ball caighdeáin arda inniúlachta agus iompair ghairmiúil.  

Cinntíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta go bhfuil gach múinteoir cáilithe agus grinnfhiosrúchán déanta orthu sula ligtear isteach ar an gclár iad. Is gairm í an mhúinteoireacht a bhfuil na croíluachanna de mheas, cúram, ionracas agus iontaoibh mar bhun agus barr di.  

Cinntíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta go gcloíonn gach múinteoir cláraithe leis na luachanna seo tríd an gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí.Cothaítear muinín an phobail i ngairm na múinteoireachta dá bharr seo. 

San fhíseán seo, clúdóimid: 

  • Ról na Comhairle Múinteoireachta agus Riachtanais Chlárúcháin  
  • Na 6 Chéim sa phróiseas clárúcháin mear don Mhúinteoir Nuacháilithe (MNC) 
  • Dáta Deiridh an Phróisis Clárúcháin Mhear MNC  
  • Coinníollacha a bhaineann le Clárúchán  
  • Ag athnuachan do chláraithe 
  • Conas Teagmháil a Dhéanamh leis an gComhairle Múinteoireachta 

Ról na Comhairle Múinteoireachta agus Riachtanais Chlárúcháin  

Tugtar achoimre ar na riachtanais chlárúcháin le Rialacháin Chlárúcháin na Comhairle ar féidir féachaint orthu ar ár suíomh gréasáin. De réir Sceideal na Rialachán déanann an Chomhairle múinteoirí a chlárú trí chúig bhealach ar leith: Bunscoil, Iar-bhunscoil, Breisoideachas, Eile agus Múinteoir faoi Oiliúint. 

Ní mór duit clárú leis an gComhairle Múinteoireachta le bheith incháilithe le haghaidh fostaíocht mar mhúinteoir in Éirinn agus chun tuarastal státmhaoinithe a fháil. 

Na 6 Chéim sa phróiseas clárúcháin mear don Mhúinteoir Nuacháilithe (MNC) 

Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta próiseas clárúcháin tosaíochta ar fáil do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna) – próiseas clárúcháin mear MNC mar a thugtar air. Tá an próiseas seo oscailte do chéimithe ó chláir oideachais tosaigh múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile (OTM) atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta. 

Tabhair faoi deara, le do thoil, más rud é go bhfuil tú cláraithe cheana féin leis an gComhairle Múinteoireachta faoi Bhealach 3 – Breisoideachas nó Bealach 5 – Múinteoir faoi Oiliúint, go mbeidh ort iarratas a dhéanamh tríd an bpróiseas seo chun do chlárú a nuashonrú chuig do bhealach cáilithe clárúcháin. Ní bheidh ort an próiseas grinnfhiosrúcháin a chur i gcrích; mar sin de, ba chóir duit tús a chur leis an bpróiseas clárúcháin MNC ag Céim 2-Toiliú.  

Céim 1– Iarratas a dhéanamh ar Ghrinnfhiosrúchán 

Tá ról tábhachtach ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir le cosaint a chuir ar fáil do leanaí agus do dhaoine leochaileacha.  

Cinntíonn an Chomhairle go ndéantar measúnú oiriúnach agus cuí ar gach múinteoir cláraithe, lena n-áirítear grinnfhiosrúchán ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.  

Cuireann sé seo cosaint ar fáil don phobal agus cinntítear go mbíonn leibhéil arda muiníne i ngairm na múinteoireachta.  

Is é an chéad chéim den phróiseas clárúcháin MNC, do mhúinteoirí nach bhfuil cláraithe leis an gComhairle cheana féin, iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán.  

Ní mór do gach múinteoir iarratas ar ghrinnfhiosrúchán a dhéanamh tríd an gComhairle Mhúinteoireachta. Ní ghlactar le grinnfhiosrúchán trí eagraíocht eile, amhail scoil nó club CLG.

Céim 1 den Phróiseas Grinnfhiosrúcháin 

Cuirfidh do sholáthraí cláir nasc ar fáil duit.  

Uaslódáil aon chruthúnas aitheantais amháin nach mór a bheith ina cheadúnas tiomána reatha nó ina phas reatha. Níl aon chineál aitheantais eile inghlactha. 

Uaslódáil doiciméad amháin cruthúnais ar sheoladh nach mór a bheith dátaithe laistigh de shé mhí. Is féidir leis an doiciméad cruthúnas ar sheoladh a bheith ina bhille fóntais, amhail gás, leictreachas nó leathanbhanda, ráiteas bainc nó cárta creidmheasa, comhfhreagras clárúcháin coláiste nó doiciméad ó ghníomhaireacht rialtais.  

Léigh ár gcáipéis ‘Beartas Cruthúnais Aitheantais agus Seolta’, atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin, chun tuilleadh eolais a fháil. 

Nuair a chuirfidh tú d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán isteach, déanfaimid athbhreithniú air. Má ghlacfar leis, seolfaimid d’iarratas chuig an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, lena gcuirtear ar aghaidh chuig céim 2 é. 

Déanann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG) Céim 2 den phróiseas grinnfhiosrúcháin a bhainistiú.  

Nuair a bheidh Céim 1 curtha i gcrích, seolfaidh an BNG nasc ríomhphoist chugat maidir lena bhfoirm iarratais ar ríomh-Ghrinnfhiosrúcháin ar líne.  

Ní mór duit an fhoirm BNG a chomhlánú trí gach ceann de na seoltaí a raibh cónaí ort iontu ó saolaíodh tú go dtí an lá inniu a liostú, lena n-áirítear gach ceann de na seoltaí lasmuigh de Phoblacht na hÉireann. 

Má bhí cónaí ort lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, féadfaidh sé go n-iarrfar ort cáipéisíocht imréitigh póilíní ó na tíortha seo a sholáthar. Má bhaineann sé seo leat, seol ríomhphost, le do thoil, chuig vetting@teachingcouncil.ie chun an áit ina raibh cónaí ort agus na dátaí a raibh cónaí ort ann a lua.  

Tar éis duit d’iarratas a chur isteach leis an BNG, cuirfidh siad cuardaigh i gcrích agus seolfaidh siad nochtadh grinnfhiosrúcháin chuig an gComhairle Múinteoireachta. Agus é faighte, cuirfimid scéala chugat trí ríomhphost nuair a bheidh fáil air i do chuntas Mo Chlárú. 

Céim 2 – Toiliú 

Is é an dara céim i gclárú MNC toiliú a thabhairt do do sholáthraí cúrsa maidir le do shonraí agus do thorthaí deiridh a aistriú chuig an gComhairle Múinteoireachta. Déanfaidh do sholáthraí teagmháil leat i do bhliain dheireanach leis sin a iarraidh. Gníomhaigh go pras, mar ní féidir leat rochtain a fháil ar an bpróiseas clárúcháin mhear gan toiliú. 

Ceim 3 – Tagairt do Charachtar an Duine Chuí agus Oiriúnach 

Mar chuid den phróiseas clárúcháin, déanann an Chomhairle measúnú oiriúnach agus cuí chun a chinntiú gur duine ceart oiriúnach thú le ligean isteach ar Chlár na Múinteoirí. 

Mar chuid den mheasúnú seo, iarradh ar sholáthraí do chúrsa teistiméireacht charachtair a chur ar fáil do gach mac léinn. Tarlóidh sé sin go huathoibríoch, agus ní gá duit aon rud a dhéanamh. Má dhiúltaíonn do sholáthraí cúrsa teistiméireacht charachtair a chur ar fáil duit, cuirfidh siad é sin in iúl duit agus don Chomhairle Mhúinteoireachta ionas gur féidir socruithe eile a bhreithniú.  

Céim 4 – Cuireadh chun Clárú  

Nuair a fhaighimid do shonraí agus do thorthaí ó do sholáthraí cúrsa, seolfaimid cuireadh ríomhphoist chugat maidir le hiarratas a dhéanamh ar chlárú leis an gComhairle Múinteoireachta. Sa ríomhphost sin, beidh treoracha maidir le conas d’iarratas MNC a chur isteach. 

Céim 5 – Cáipéisíocht gur gá duit a chur isteach le d’iarratas MNC 

Beidh éagsúlacht sna doiciméid a chaithfidh tú a chur isteach le d’iarratas ag brath ar an gcineál cláir OTM atá á chur i gcrích agat. Déan do bhealach tríd an bhfíseán le do thoil ar mhaithe leis an gcuid atá ábhartha duitse a aimsiú. 

Is céimí mé ó chlár fochéime Baitsiléara Oideachais bunscoile  

gá duit aon cháipéisíocht bhreise a uaslódáil le d’iarratas MNC ar líne.   

Is céimí mé ó chlár bunchéime Máistreachta Gairmiúla san Oideachas, 

Ní mór duit tras-scríbhinní oifigiúla a uaslódáil do gach bliain de do cháilíocht fochéime.  

Is céimí mé ó chlár fochéime Baitsiléara Oideachais iar-bhunscoile 

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar a bheith i do mhúinteoir teanga curaclaim, an Ghaeilge san áireamh, ní mór duit fianaise a sholáthar go bhfuil inniúlacht teanga B2.2 ar a laghad ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha sa teanga bainte amach agat mar aon le heispéireas tumthach oideachais sa teanga ábhartha. 

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir leis an bhfianaise atá ag teastáil don inniúlacht teanga agus don eispéireas tumthach oideachais sa teanga ábhartha a fháil ar ár suíomh gréasáin. 

Is céimí mé ó chlár Máistreachta Gairmiúla san Oideachas iar-bhunscoile 

Sa chéad bhliain de do chlár MGO, cuimhneoidh tú go bhfuair tú cuireadh chun iarratas a dhéanamh ar fhíorú MGO le dearbhú go gcomhlíonann d’ábhair iar-bhunscoile riachtanais chlárúcháin na Comhairle. 

Má rinne tú iarratas, fuair tú ríomhphost inar cuireadh an toradh in iúl, ar dúradh cé acu an gcomhlíonann tú na riachtanais nó ar aithníodh easnaimh. Ní mór aghaidh a thabhairt ar aon easnamh sular féidir do chlárúchán MNC a thabhairt chun críche. 

Mura ndearna tú iarratas, beidh ann d’fhíorú le linn clárúcháin. Ní mór duit tras-scríbhinní oifigiúla a chur isteach le haghaidh gach bliain de do chlár fochéime. Chun clárú, ní mór duit na riachtanais a chomhlíonadh ina n-iomláine maidir le hábhar curaclaim amháin ar a laghad. 

Céim 6 – Bailchríoch a chur ar do Chlárú MNC 

A luaithe a fhaightear d’iarratas agus na doiciméid riachtanacha go léir, próiseálfar d’iarratas laistigh de 4 seachtaine ar an meán. Nuair a bheidh tú próiseáilte, gheobhaidh tú ríomhphost ina ndeimhneofar go bhfuil do chlárúchán tugtha chun críche agus nasc chun do dheimhniú clárúcháin a íoslódáil. 

Má tá tú cláraithe cheana féin, gheobhaidh tú ríomhphost ina ndeimhnítear gur nuashonraíodh do chlárú go dtí do bhealach cáilithe clárúcháin mar shampla Bealach 1 – Bunscoil nó Bealach 2 – Iar-bhunscoil, chomh maith le nasc chuig do theastas clárúcháin nuashonraithe. 

Dáta Deiridh an Phróisis Clárúcháin mhear MNC 

Dúnfar an próiseas iarratais mear MNC ag deireadh mhí Mheán Fómhair, mar sin déan cinnte go gcuireann tú d’iarratas ar chlárú MNC isteach in am. Má chailleann tú an amlíne chun leas a bhaint as an bpróiseas clárúcháin MNC, is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an bpróiseas clárúcháin caighdeánach tríd an bhfoirm iarratais ar líne REG-01 a chomhlánú. D’fhéadfadh sé go dtógfadh an próiseas seo suas le sé seachtaine tar éis na cáipéisí riachtanacha go léir a fháil.  

Má tá tú ag déanamh scrúduithe athuair agus ag dul trí Bhoird Scrúduithe an Fhómhair, ní bheidh tú in ann leas a bhaint as an bpróiseas clárúcháin mear MNC. Tar éis duit do thorthaí a fháil, ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ngnáthphróiseas clárúcháin tríd an bhfoirm iarratais ar líne REG-01 a chomhlánú.  

Clárú le Coinníollacha 

Is é atá i gceist le Droichead ná próiseas ionduchtaithe gairmiúil comhtháite na Comhairle le haghaidh MNCanna. Cláraítear gach MNC le Droichead mar choinníoll agus bíonn trí bliana acu ón dáta clárúcháin chun an próiseas a chur i gcrích. Tá Droichead bunaithe ar churaclam Stát na hÉireann a theagasc laistigh de scoileanna aitheanta i bPoblacht na hÉireann agus is próiseas ionduchtaithe atá maoinithe ag an stát é. Mar sin, ní féidir Droichead a chur i gcrích lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.  

Feidhmíonn an Chomhairle polasaí síneadh do mhúinteoirí cláraithe a thagann ar chúinsí maolaitheacha a chuireann cosc orthu a gcoinníollacha clárúcháin a chomhlíonadh laistigh den tréimhse trí bliana a dheonaítear. Dá bhrí sin, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar shíneadh ama mura bhfuil tú in ann an próiseas Droichead a chur i gcrích laistigh den tréimhse shonraithe. Is de rogha na Comhairle a dheonaítear faduithe. 

Ionduchtú a chur i gcrích lasmuigh de Phoblacht na hÉireann  

Má tá sé i gceist agat taisteal lasmuigh de Phoblacht na hÉireann chun oibriú mar mhúinteoir agus próiseas ionduchtaithe atá aitheanta ag an stát úd a chur i gcrích sa tír sin, tabhair cuairt ar suíomh gréasáin haghaidh ár gcritéar measúnaithe ionduchtúcháin thar lear. Moltar duit na critéir a sheiceáil sula gcuireann tú tús le haon phróiseas ionduchtaithe atá aitheanta ag an stát ina bhfuil tú lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.  

Má tá sé i gceist agat taisteal láithreach bonn, d’fhéadfaí go mbeifeá ag smaoineamh cé acu ar chóir duit clárú linn anois nó nuair a fhillfidh tú abhaile. Cé gur cinneadh pearsanta é sin agus nach bhfuil aon ghá le clárú láithreach, ba chóir go mbeifeá ar an eolas, má tá sé beartaithe agat múineadh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, gur dóichí go mbeidh ort fianaise a thaispeáint gur múinteoir cláraithe i bPoblacht na hÉireann thú. 

Do Chlárú a Athnuachan  

Ní mór duit do chlárúchán a athnuachan gach bliain. Is ionann do dháta athnuachana agus cothrom le dáta an ama ar bhain tú clárú amach ar dtús. Déanann tú iarratas ar do chlárú a athnuachan trí do chuntas Mo Chlárú. 

Tá sé tábhachtach do shonraí teagmhála a choinneáil cothrom le dáta trí do chuntas Mo Chlárú chun cumarsáidí clárúcháin tábhachtacha a sheoltar trí ríomhphost agus SMS a fháil.  

Mura ndéanann tú do chlárú a athnuachan, bainfear den chlár thú. Agus tú bainte, ní bhfaighidh tú tuarastal ón Roinn Oideachais nó ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna. 

Conas teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta 

Má tá aon cheisteanna agat, déan teagmháil linn trí na sonraí thíos. 

Ceisteanna Coitianta

Chomh luath agus a bhfuil do thorthaí deiridh curtha ar aghaidh chuig an gComhairle Múinteoireachta ag do sholáthraí cláir, gheobhaidh tú cuireadh ríomhphoist chun diarratas MNC a chur isteach. Braitheann am ceart an ríomhphoist seo ar an uair a aistreoidh do sholáthraí cláir do chuid torthaí, ach is féidir le tromlach na MNCanna a bheith ag súil le cuireadh ríomhphoist a fháil faoi lár mhí Iúil. 

Ní mór do gach iarrthóir fianaise a chur ar fáil a léiríonn inniúlacht sa teanga. Is féidir an méid seo a léiriú trí fhianaise a chur ar fáil maidir le: 

a) híosleibhéal2 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha a bhaint amach ón institiúid ardoideachais a bhronn an cháilíocht ort.

 

b) Seachas sin, is féidir le hiarrthóirí deimhniú a chur ar fáil maidir le híosleibhéal2 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha a bhaint amach ó sholáthraí scrúdú teanga neamhspleách.

Iarrtar ar iarrthóirí ar mian leo clárú le teanga churaclaim fianaise infhíoraithe d’eispéireas tumoideachais sa teanga sin a sholáthar. Is féidir é seo a dhéanamh in dhá bhloc, agus gach bloc dhá sheachtain fada ar a laghad. Ní mór do cheann amháin de na bloic seo a bheith i suíomh ina bhfuil an teanga mar phríomhtheanga an phobail sa réigiún/tír. 

Ní mór ceann amháin de na míreanna seo a leanas a bheith i gceist leis an taithí ar thumoideachas: 

  • freastal ar chúrsa teanga 
  • a bheith ag obair mar bhall foirne i suíomh oideachasúil  
  • tionscadal taighde gníomhaíochta a bhaineann lena léann teagaisc a dhéanamh  
  • socrúchán Scoile a dhéanamh. 

Gheobhaidh tú treoirnóta anseo maidir le Taithí Thumoideachais. 

Má tá tú ag déanamh scrúduithe in athuair agus ag dul trí Bhoird Scrúduithe an Fhómhair, ní bheidh tú in ann leas a bhaint as an bpróiseas clárúcháin mear MNC. Ar do thorthaí a fháil, féadfaidh tú iarratas a chur isteach tríd an bpróiseas clárúcháin caighdeánach tríd an bhfoirm iarratas ar líne REG-01 a chomhlíonadh ar do thairseach Mo Chlárúchán ag www.teachingcouncil.ie. 

Mura bhfuil do thoiliú tugtha agat go n-aistreofaí do chuid sonraí chugainn, ní bheidh tú in ann leas a bhaint as an bpróiseas clárúcháin mear MNC. Beidh ort iarratas a dhéanamh le haghaidh clárúcháin tríd an bhfoirm ar líne REG-01 ar do thairseach Mo Chlárúchán ag www.teachingcouncil.ie. 

Ba chóir. Ba chóir duit iarratas a dhéanamh maidir le do chlárú a athnuachan trí do chuntas Mo Chlárúchán. 

Mura ndéanann tú do chlárúchán a athnuachan, bainfear tú ón gclár agus beidh ort an táille chlárúcháin thosaigh €90 a íoc nuair a dhéanann tú iarratas filleadh ar an gclár. 

Agus tú bainte, ní bhfaighidh tú tuarastal ón Roinn Oideachais nó ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna. 

Ní mór do gach iarratas MNC ar líne a bheith curtha isteach roimh 30 Meán Fómhair 2025. Más mian leat clárú leis an gComhairle i ndiaidh Meán Fómhair, is féidir iarratas a chur isteach tríd an bpróiseas clárúcháin caighdeánach agus an fhoirm iarratais ar líne REG-01 a chomhlíonadh. 

Is féidir go dtógfaidh an próiseas iarratais MNC suas le 4 sheachtain i ndiaidh an dáta a fuarthas na cáipéisí riachtanacha uile. Nuair a bheidh diarratas tugtha chun críche, gheobhaidh tú ríomhphost ag cur in iúl duit go bhfuil tú cláraithe. 

Más rud é gur thug tú toiliú chuig do choláiste, beidh cuireadh faighte agat ón gComhairle Mhúinteoireachta chun iarratas mear MNC ar líne a chur isteach chun do chlárúchán sa bhealach a bhfuil do cháilíocht bainte amach agat ann a nuashonrú. Féach ar an gcuireadh ríomhphoist don nasc chuig an bhfoirm ar líne.