Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Ní mór do mhúinteoirí iarratas a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 1 Feabhra 2024, le bheith incháilithe. Shínigh an tAire Oideachais Norma Foley TD, mar aon le Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, Michelle Keane, agus Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta, Phil Fox, an beart seo ina dhlí ar an 26 Eanáir. Is beart comhchosúil é le horduithe rialála a cuireadh i bhfeidhm le linn na paindéime roimhe seo agus tá a athbhunú mar chuid de thionscnaimh leanúnacha níos leithne chun saincheisteanna soláthair múinteoirí a mhaolú.

Baineann an beart seo go háirithe le múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a rinne staidéar agus a cháiligh thar lear agus a d’fhéadfadh filleadh ar earnáil oideachais na hÉireann.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anois ar ár suíomh gréasáin maidir le conas iarratas a dhéanamh ar chlárú faoin rialachán seo.

Tá na bearta atá á gcur i bhfeidhm ag an gComhairle Mhúinteoireachta dírithe ar an soláthar múinteoirí cláraithe atá ar fáil chun folúntais a líonadh a mhéadú, lena n-áirítear róil mhaoirseachta agus ionadaíochta.

 

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, Michelle Keane: “Táimid buíoch don Aire as an ordú rialála seo a bhreithniú agus a cheadú. Tá fáilte roimh an tionscnamh seo mar bhreis ar bhearta leanúnacha atá ceaptha chun tacú le pobail na scoile agus le gairm na múinteoireachta agus ag an am céanna a chinntiú go leanfar de na caighdeáin riachtanacha uile a chomhlíonadh maidir le clárú múinteoirí.”

 

Dúirt Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta, Phil Fox: “Tá acmhainní cuí i bhfeidhm ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun múinteoirí a chlárú, a athchlárú agus a ghrinnfhiosrú, le clár reatha os cionn 118,000 múinteoir ar fud múinteoirí bunscoile, iar-bhunscoile, breisoideachais agus faoi oiliúint. Tá sé seo tar éis fás gach bliain ó 2006 agus tá sé ag an leibhéal is airde i stair an Stáit. Faoi láthair, bíonn suas le 5,500 iarratasóir ar chlárúchán tosaigh gach bliain Bíonn na hiarratasóirí sin i dteideal múineadh i scoileanna, agus mar thoradh air sin tá glanfhás de 3,600 cláraí in aghaidh na bliana againn. Aithnítear go forleathan na brúnna a bhaineann le hinfhaighteacht múinteoirí faoi láthair i bhfianaise na gcúinsí ar fad atá i réim. Cuirfimid feasacht ar an tionscnamh rialála nua breise seo chun cinn i measc na gairme sa bhaile agus thar lear, chomh maith le bearta eile atá á gcur i bhfeidhm chun tacú le soláthar múinteoirí agus le riachtanais ionadaíochta.”

 

Bearta breise

Cumarsáid le clár na múinteoirí

I measc na mbeart breise faoi stiúir na Comhairle Múinteoireachta tá cumarsáid dhíreach le clár iomlán na múinteoirí chun feasacht ar an leasú rialála seo a chur chun cinn agus chun múinteoirí a spreagadh chun an nuashonrú tábhachtach seo a chur in iúl do chairde agus do bhaill teaghlaigh.

Clárú tapa samhraidh ar MNCanna

Bíonn próiseas clárúcháin samhraidh ag an gComhairle gach bliain chun a chinntiú go gcláraítear na múinteoirí nuacháilithe roimh an scoilbhliain nua. Chuir an Chomhairle Mhúinteoireachta bailchríoch ar 3,603 MNCanna a chlárú in 2022. Cuirfear tús leis an bpróiseas MNC do chéimithe 2023 i mí Iúil.

Clárú do mhúinteoirí faoi oiliúint

Cuireann leasú ar na Rialacháin um Chlárúchán na Comhairle Múinteoireachta i mí na Nollag 2021 ar chumas múinteoirí faoi oiliúint a bhfuil an chéad dá bhliain de chlár um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí fochéime creidiúnaithe curtha i gcrích acu iarratas a dhéanamh ar chlárú leis an gComhairle. Faoi láthair, tá os cionn 2,500 múinteoir faoi oiliúint cláraithe faoin mbealach seo.

Cláraigh d’infhaighteacht

Iarrtar ar aon mhúinteoir atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus atá in ann tuilleadh ionadaíochta agus maoirseachta a chur ar fáil nó folúntais a líonadh, a n-infhaighteacht a chlárú trí www.educationposts.ie agus go háirithe tríd an gCuardaitheoir Múinteoirí Ionaid le haghaidh riachtanais ionadaíochta ghearrthéarmacha.

Príomhoidí scoile

Ba chóir go mbeadh príomhoidí scoile ar an eolas freisin faoin bhféidearthacht go bhféadfaí ionadú trasearnála a dhéanamh, mar shampla, gur féidir le múinteoir cláraithe ar bith de chuid na Comhairle Múinteoireachta teacht in ionad múinteoir sa bhunscoil agus san iar-bhunscoil nuair a ghrinnfhiosrófar tríd an gComhairle iad.

Earcaíocht agus fostaíocht

Leanfaidh bainistíocht na scoile agus a gcomhlachtaí pátrúnachta gaolmhara ag déileáil le hearcaíocht agus fostaíocht múinteoirí, faoi réir na bpróiseas clárúcháin agus grinnfhiosrúcháin is gá, mar is gnách, i gcomhréir le rialacháin na Comhairle Múinteoireachta maidir le caighdeáin ghairmiúla. Moltar d’iarrthóirí cuairt a thabhairt ar www.educationposts.ie ar an gcéad dul síos.