Aistrigh:
Gaeilge
English

Tá measúnuithe curtha i gcrích ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar chineálacha éagsúla cáilíochtaí le fáil amach cé acu a gcomhlíonann siad na ceanglais incháilitheachta agus cáilíochta maidir le clárú. Bunaithe ar na measúnuithe sin, fuair an Chomhairle amach gurb iad na cláir thraidisiúnta lonnaithe i gColáiste/in Ollscoil, Teastais Iarchéime san Oideachas mar shampla, na cinn is dlúithe le cáilíochtaí oideachas tosaigh múinteoirí in Éirinn agus gurbh iad, mar sin, ba dhóchúla na ceanglais i dtaca le clárúchán a chomhlíonadh faoin Rialachán. Bunaithe ar na hiarratais ar a ndearnadh measúnú, tá sé faighte amach ag an gComhairle gur lú an dóchúlacht go gcomhlíonfadh samhlacha amhail leaganacha idirnáisiúnta éagsúla de chláir thraidisiúnta bunaithe i gColáiste/in Ollscoil na ceanglais incháilitheachta agus go raibh siad lasmuigh de réim an Rialacháin. 

Riachtanais Cháilitheachta

Chun a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chlárú faoin bhForáil faoi Cheangal Ama, ní mór duit dhá riachtanas incháilitheachta a chomhlíonadh: 

1. Fianaise ar Chlárú 

Ní mór duit fianaise ar chlárú a bheith agat ón bhforas cláraithe múinteoirí ábhartha nó ón Aireacht Oideachais sa tír inar cháiligh tú. 

Mar shampla: Má cháiligh tú mar mhúinteoir i Sasana, ní mór duit fianaise a bheith agat gur bhronn an Ghníomhaireacht um Rialáil Múinteoireachta (GRM) Stádas Múinteora Cáilithe (SMC) ort. 

Mura gcomhlíonann tú an riachtanas incháilitheachta seo, níor chóir duit dul ar aghaidh agus iarratas a dhéanamh. 

Má chuireann tú fianaise ar chlárú ar fáil, leanfar ar aghaidh le d’iarratas agus déanfar measúnú air le cinntiú cé acu an gcomhlíonann tú an dara ceanglas. 

2. Cáilíocht Oideachais Múinteoirí 

Ní mór cáilíocht oideachais múinteoirí a bheith curtha i gcrích agat lasmuigh de Phoblacht na hÉireann (PÉ). 

Bunscoil (4-12) – Ní mór cáilíocht oideachais tosaigh múinteoirí bunscoile a bheith agat a bronnadh ag soláthraí ó lasmuigh de PÉ, a mheastar a bheith coibhéiseach le caighdeáin na hÉireann, cé is moite de Riachtanas na Gaeilge (RG). Cuirfear an RG i bhfeidhm mar choinníoll le do chlárú. 

 

Iar-bhunscoil (12-18) – Ní mór cáilíocht oideachais tosaigh múinteoirí iar-bhunscoile a bheith agat a bronnadh ag soláthraí ó lasmuigh de PÉ, a meastar a bheith coibhéiseach le caighdeáin na hÉireann, cé is moite de riachtanas Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann (S&S) agus na riachtanais ábhair churaclaim a chomhlíonadh d’ábhar iar-bhunscoile amháin ar a laghad. Cuirfear an S&S i bhfeidhm mar choinníoll le do chlárú. 

Clárófar thú don ábhar curaclaim/do na hábhair churaclaim a shásaíonn do cháilíocht(aí) na riachtanais dó(ibh) go hiomlán. Mura gcomhlíonann do cháilíocht(aí) na riachtanais d’ábhar curaclaim ar bith go hiomlán, d’fhéadfá a bheith cláraithe don ábhar a bhfuil do cháilíocht(aí) is gaire do na riachtanais a chomhlíonadh (faoi réir coinníollacha) arna gcinneadh ag an gComhairle. Féach liosta na gCeanglas Ábhar Curaclaim faofa, le do thoil. 

Mura gcomhlíonann tú an dá riachtanas incháilitheachta thuas, measfar go bhfuil d’iarratas neamh-incháilithe agus lasmuigh de raon feidhme Foráil faoi Cheangal Ama. 

Má shainaithnítear easnaimh i do OTM, ní bheidh tú incháilithe chun aghaidh a thabhairt orthu siúd trí thrialacha inniúlachta nó trí thréimhse oiriúnaithe nó chun clárú coinníollach a fháil (Seachas i gcás RG agus S&S)./ Téacs molta: “Tabhair faoi deara le do thoil, má mheastar nach bhfuil tú incháilithe le haghaidh cláraithe faoin FCA, beidh ort ionduchtú a chur i gcrích sa tír inar cháiligh tú agus iarratas a dhéanamh ar chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta ina dhiaidh sin.” 

Coinníoll(acha) Clárúcháin

Clárófar múinteoirí atá i dteideal clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoin bhForáil faoi Cheangal Ama faoi na coinníollacha clárúcháin seo a leanas: 

  • Múinteoirí Bunscoile: Riachtanas na Gaeilge 
  • Múinteoirí Iar-bhunscoile: Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann 
  •  Gach Múinteoir: Droichead, próiseas ionduchtúcháin ghairmiúil na Comhairle 

Conas iarratas a dhéanamh

  1. Déan iarratas ar líne: Logáil isteach, nó cruthaigh cuntas ar Mo Chlárú 
  2. Ceisteanna: Ríomhphost tbp@teachingcouncil.ie

Ceisteanna Coitianta (CCanna)

Glacfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta le hiarratais ó mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann ach nach bhfuil an tréimhse ionduchtaithe atá riachtanach sa tír inar cháiligh siad críochnaithe acu. Déantar iarratais i gcomhréir leis na Rialacháin um Chomhairle Mhúinteoireachta [Clárú] 2025. Ní mór duit ceanglais cháilíochta áirithe a chomhlíonadh freisin le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh. 

Ní féidir diarratas a phróiseáil gan fianaise ar Stádas Múinteora Cáilithe/Ceadúnas chun teagaisc agus ar chríochnú cláir creidiúnaithe doideachas tosaigh múinteoirí bunscoile nó iar-bhunscoile sa tír inar cháiligh tú. Is féidir an fhianaise sin a fháil ón údarás inniúil sa tír inar chuir tú do cháilíocht i gcrích (e.g., Gníomhaireacht um Rialáil Múinteoireachta (GRM)/ foras coibhéiseach de chuid na Comhairle Múinteoireachta/ Roinn/Aireacht Oideachais). 

Beidh, clárófar múinteoirí a chláraíonn i gcomhréir leis na Rialacháin um Chomhairle Mhúinteoireachta [Clárú] 2025 leis an gcoinníoll i dtaca le hionduchtú a chur i gcrích. Is é Droichead Creat Comhtháite Ionduchtaithe Gairmiúil na Comhairle Múinteoireachta in Éirinn. 

Is féidir Riachtanas na Gaeilge (RG) a chur i gcrích trí thriail Inniúlachta (Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge) nó trí Thréimhse Oiriúnaithe (Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge). Tá tuilleadh eolais faoi na bealaí sin ar fáil anseo. 

Eagraíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta scrúdú Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann (S&S) ar líne trí huaire sa bhliain. Tá sé mar aidhm ag an scrúdú a mheas an bhfuil eolas agus tuiscint ag iarratasóirí ar stair agus struchtúr an oideachais i bPoblacht na hÉireann, go háirithe oideachas dara leibhéal, ó bunaíodh an Stát i 1922. Ba chóir go mbeadh tuiscint ag iarratasóirí ar na príomhcheisteanna a bhaineann le rialú agus bainistiú iar-bhunscoileanna agus ar churaclam agus measúnú ag leibhéal iar-bhunscoile. Tá tuilleadh eolais faoin scrúdú ar Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann ar fáil anseo. 

Chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta mar mhúinteoir iar-bhunscoile ní mór duit na riachtanais d’ábhar curaclaim iar-bhunscoile amháin ar a laghad a chomhlíonadh. Sula gcuireann tú iarratas isteach, ba chóir duit féachaint ar Riachtanais Ábhair Curaclaim Iar-bhunscoile na Comhairle. 

Clárófar thú don ábhar curaclaim/na hábhair churaclaim a gcomhlíonann tú na riachtanais ina n-iomláine ina leith. Mura gcomhlíonann tú na riachtanais go hiomlán maidir le haon ábhar is féidir leat a bheith cláraithe don ábhar a bhfuil tú is gaire do riachtanais a chomhlíonadh dó (faoi réir coinníollacha) arna gcinneadh ag an gComhairle. 

Ní mór diarrthóirí a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann agus a chuir an tréimhse reachtúil ionduchtaithe i gcrích iarratas a dhéanamh tríd an bpróiseas iarratais caighdeánach tríd an tairseach iarratais.