Ceanglaítear ar an gComhairle Mhúinteoireachta, mar eagraíocht sceidealta, de réir Alt 18 den Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 go 2016, faisnéis shonraithe a fhógairt don Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin más rud é, tar éis imscrúdú, fiosrú nó próiseas rialála, go bhfuil imní bona fide ar an gComhairle Mhúinteoireachta go bhféadfadh an duine is ábhar don imscrúdú, don fhiosrú nó don phróiseas rialála sin—
(a) díobháil a dhéanamh d’aon leanbh nó d’aon duine soghonta,
(b) a chur faoi deara díobháil a dhéanamh d’aon leanbh nó d’aon duine soghonta,
(c) aon leanbh nó aon duine soghonta a chur i mbaol díobhála
(d) féachaint le díobháil a dhéanamh d’aon leanbh nó d’aon duine soghonta, nó
(e) duine eile a ghríosú chun díobháil a dhéanamh d’aon leanbh nó d’aon duine soghonta,
Cuirfidh an Chomhairle Mhúinteoireachta in iúl don duine sin go bhfuil imní bona fide uirthi agus go bhfuil sé ar intinn aici é a fhógairt don Bhiúró.
Féach Achtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 go 2016 le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais faoi Alt 19 den Acht.”