Grinnfhiosrúchán agus amlínte imréitigh póilíní thar lear
Grinnfhiosrúchán
Moltar duit iarratas a dhéanamh ar chlárú agus ar ghrinnfhiosrúchán 12 seachtain ar a laghad sula mbíonn sé i gceist agat filleadh ar an múinteoireacht nó tús a chur leis an múinteoireacht.
I mí Iúil 2025, thug an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG) isteach seiceálacha breise ar chosaint leanaí, i gcomhréir le Treoir 2011/93/AE, leis na 26 bhallstát eile den AE agus leis an RA, chun cosaint leanaí a neartú. Níl tionchar ag na seiceálacha breise seo ach orthu siúd a raibh cónaí orthu i stát eile de chuid an AE nó sa RA. Cé go neartaíonn na seiceálacha breise seo cosaint leanaí ar mhaithe le leas an phobail, beidh níos mó ama ag baint le hiarratais ghrinnfhiosrúcháin a phróiseáil dóibh siúd a raibh cónaí orthu i stát eile de chuid an AE nó sa RA.
Is ionann na hamanna próiseála BNG d’iarratais ghrinnfhiosrúcháin agus 14 lá oibre ar an meán, ach athraíonn na hamlínte do gach iarratas toisc go mbraitheann sé ar na cuardaigh riachtanacha a chaithfidh an BNG a chur i gcrích mar chuid den phróiseas. Tá an BNG ag tabhairt le fios go mbeidh an tionchar seo a leanas ag na hathruithe thuas ar amanna slánúcháin iarratais ghrinnfhiosrúcháin:
- Maidir le hiarratais a dteastaíonn seiceálacha ina leith le Tír AE, ceadaítear suas le 10 lá oibre breise.
- Maidir le hiarratais a dteastaíonn seiceálacha ina leith leis an RA, ceadaítear suas le 20 lá oibre breise.
Tá sé tugtha le fios ag an BNG go bhfuil na hamlínte seo i gcomhréir le beartas bunaithe an AE/RA agus nach bhfuil siad faoi chúram/rialú BNG an Gharda Síochána.
Imréiteach ó thar lear (iarratasóirí ar chlárú amháin)
Má tá iarratas ar chlárú á dhéanamh agat agus má bhí cónaí ort lasmuigh d’Éirinn nó de Thuaisceart Éireann ar feadh tréimhse charnach de 12 mí nó níos mó tar éis duit ocht mbliana déag d’aois a bhaint amach (i.e. nuair a chuireann tú na tréimhsí ama ar fad le chéile, is ionann é agus 12 mí nó níos mó), ní mór duit fótachóip a chur ar fáil de d’imréiteach náisiúnta póilíneachta (ní imréiteach stáit) do gach tír ina raibh cónaí ort iontu.
Moltar duit an t-imréiteach a lorg chomh luath agus is féidir mar go bhféadfadh sé go dtógfadh an próiseas seo píosa ama.
Léigh ár leathanach imréitigh póilíní thar lear le haghaidh tuilleadh eolais.
Amlínte clárúcháin do mhúinteoirí a cháiligh i bPoblacht na hÉireann
D’fhéadfadh an próiseas clárúcháin suas le 6 seachtaine a thógáil le gach foirm iarratais a admháil, doiciméid grinnfhiosrúcháin san áireamh, agus ag brath ar an am den bhliain. Moltar duit iarratas a dhéanamh ar chlárú sula bhfuil sé beartaithe agat filleadh ar an múinteoireacht nó tús a chur léi.
Amlínte clárúcháin do mhúinteoirí a cháilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann
D’fhéadfadh an próiseas measúnaithe agus clárúcháin suas le 12 sheachtain a thógáil le gach foirm iarratais a fháightear a adhmháil agus ag brath ar an am den bhliain. Moltar duit iarratas a dhéanamh ar chlárú sula bhfuil sé beartaithe agat filleadh ar an múinteoireacht nó tús a chur léi.