Aistrigh:
Gaeilge
English

Droichead: An próiseas ionduchtaithe mar mhúinteoir

Is é Droichead an próiseas ionduchtaithe le haghaidh:

  • Múinteoirí nuacháilithe (MNCanna)
  • Múinteoirí nach bhfuil an tréimhse riachtanach cleachtais gairmiúil críochnaithe acu roimhe seo

Bíonn sé ar siúl laistigh de gach bliain acadúil agus caithfidh tú é a chomhlánú laistigh den tréimhse sin.

Cuid lárnach den phróiseas is ea dul i dteagmháil le do chomhghleacaithe a bhfuil taithí acu agus machnamh a dhéanamh ar na comhráite gairmiúla a bhíonn ar siúl i do chuid foghlama agus cleachtais ghairmiúil.

Socruite a aithnítear do Dhroichead

Mar mhúinteoir iar-bhunscoile, de ghnáth críochnaíonn tú Droichead agus tú fostaithe in iar-bhunscoil aitheanta.

Mar riail ghinearálta:

  • Ní mór duit a bheith i bhfostaíocht íoctha i gcáil bhuan, shealadach nó ionaid
  • Caithfidh d’fhostaíocht deis a thabhairt duit an riachtanas íostréimhse a chomhlíonadh

Cúinsí speisialta

Is féidir leat Droichead a chomhlánú freisin má tá tú fostaithe i gceann de na róil seo a leanas:

  • Mar mhúinteoir i scoil speisialta ina bhfuil cuid de na daltaí atá ag freastal ar an scoil in aois iar-bhunscoile, agus ábha(i)r curaclaim iar-bhunscoile á múineadh agat dóibh
  • Mar mhúinteoir in Ionad Oideachais ina bhfuil ábha(i)r curaclaim iar-bhunscoile á mhúineadh/á múineadh.

Cá fhad a mhaireann Droichead?

Ní mór duit bloc íosmhéid de 200 uair an chloig d’fhostaíocht mhúinteoireachta a chríochnú i suíomh incháilithe ón dáta a rinne tú iarratas ar Droichead.

Is íostréimhse cleachtais é seo.

Molaimid duit aon am breise a úsáid chun fanacht ar Droichead go dtí deireadh do chonartha nó na bliana acadúla chun leas iomlán a bhaint as an tacaíocht, an treoir agus an chomhairle a chuirtear ar fáil.

Sula ndéanann tú iarratas

Sula ndéanann tú iarratas ar Droichead caithfidh tú:

  • a dhearbhú go bhfuil tú i dtimpeallacht incháilithe agus go gcomhlíonann tú an íostréimhse le haghaidh an phróisis.
  • a dhearbhú go bhfuil do scoil sásta an bealach a réiteach duit tríd an bpróiseas trí Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) a shannadh duit a oibreoidh i gcomhar leat d’fhonn tacú leat agus meantóireacht a dhéanamh ort le linn do phróisis ionduchtúcháin.
  • Alt 2 den doiciméad Nósanna Imeachta agus Critéir Iarcháilíochta a léamh agus a thuiscint ionas go mbeidh tú go hiomlán ar an eolas faoin bpróiseas Droichead agus faoin méid is gá duit a dhéanamh chun é a chur i gcrích.

Conas iarratas a dhéanamh ar Droichead agus conas é a chomhlánú

Tá trí phríomhchuid i gceist le Droichead:

  1. Déan iarratas ar líne
  2. Glac páirt in Droichead
  3. Comhlánaigh foirm D Droichead ar líne

1) Déan iarratas trí do chuntas Mo Chlárú

Roghnaigh “Mo Chlárú” ansin “Mo Choinníollacha” agus an rogha “Féach ar Shonraí” ar do choinníoll Droichead.

Tar éis duit iarratas a dhéanamh

Tar éis duit cur isteach ar Droichead, gheobhaidh tú ríomhphost ina n-admhaítear go bhfuaireamar d’iarratas. Nuair a ghlacfar leat ar Droichead gheobhaidh tú ríomhphost deimhnithe.

Beidh naisc chuig eolas agus cáipéisíocht thábhachtach faoi iamh sa ríomhphost deimhnithe. Tugann sé faomhadh agus cuireann sé do dháta tosaithe in iúl duit.

Tá cóip den ríomhphost deimhnithe ag teastáil:

  • Ó do FTG chun tús a chur le Droichead
  • Chun freastal ar na Cruinnithe Braisle

2) Glac páirt sa phróiseas Droichead:

Snáithe A: Ionduchtú Scoilbhunaithe

  • Tacaithe ag Foireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG)

AGUS

Snáithe B: Gníomhaíochtaí Foghlama Gairmiúla Breise

  • Freastal ar Chruinniú Braisle MNC amháin in aghaidh an téarma
  • 1 Ghníomhaíocht Foghlama Gairmiúla amháin eile ar a laghad a roghnaítear i gcomhairle leis an FTG

Foireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG)

Maidir le d’Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG), ní mór go mbeadh ar a laghad beirt mhúinteoirí a chríochnaigh ar a laghad dhá lá oiliúna FTG sular féidir leo tús a chur leis an bpróiseas a bhfuil tú.

Ní féidir leat Droichead a thabhairt chun críche ach amháin nuair a bheidh na laethanta riachtanacha uile dá n-oiliúint FTG curtha i gcrích ag gach ball de do FTG.

3) Comhlánaigh Foirm D Droichead trí mo Chlárú.

Roghnaigh “Mo Chlárú” ansin “Mo Choinníollacha” agus an rogha “Féach ar Shonraí” ar do choinníoll Droichead.

Cliceáil ar an rogha chun d’Fhoirm D Droichead a chomhlánú.

Agus d’iarratas ar Fhoirm D á chomhlánú agat, feicfidh tú go bhfuil roinnt codanna den fhoirm líonta le faisnéis a chuir tú ar fáil nuair a chuir tú d’iarratas Droichead isteach. Chun féachaint ar fhíseán faoi iarratas Fhoirm D a chomhlánú, cliceáil anseo.