Féadfaidh tú an leibhéal riachtanach a léiriú trí cheann amháin díobh seo a leanas a sholáthar:
- Cóip de cháilíocht (oideachas múinteoirí nó fochéime) a gnóthaíodh agus a scrúdaíodh trí mheán an Bhéarla.
- Cóip de theastas IELTS (Córas Idirnáisiúnta Tástála Béarla) (Acadúil) a fhianaíonn eolas sa Bhéarla, le scór 7.0 nó níos airde.
- Fianaise ar mhaireachtáil agus ar chleachtadh i gcáil ghairmiúil trí mheán an Bhéarla, i dtír ina bhfuil an Béarla aitheanta mar theanga oifigiúil, ar feadh trí bliana as na cúig bliana roimhe sin.
- Fianaise ar mhaireachtáil agus ar thabhairt faoi chlár foghlama trí mheán an Bhéarla, i dtír ina bhfuil an Béarla aitheanta mar theanga oifigiúil, ar feadh trí bliana as na cúig bliana roimhe sin.
- Cóip de Cambridge C1 Advanced (ar a dtugtaí Cambridge English: Advanced (CAE)) roimhe seo le Grád C ar a laghad.
Coimeádfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta an ceart chun na scóir a fhíorú go neamhspleách le IELTS/Cambridge agus ní mór tabhairt faoi gach cuid de thástáil IELTS/Cambridge ag an am céanna.
Caithfidh an scrúdú a bheith déanta tráth nach déanaí ná cúig bliana roimh an dáta a cuireadh isteach é nó caithfidh tú fianaise a sholáthar go bhfuil cónaí ort agus gur oibrigh tú/go ndearna tú staidéar go lánaimseartha i dtimpeallacht ina labhraítear Béarla ó chríochnaigh an mheastóireacht.
Ní mór an fhianaise thuas a sholáthar le d’iarratas ar chlárú mar ní féidir clárú a thabhairt chun críche gan an doiciméad seo.