Maidir le hiarratasóirí atá ag iarraidh cur isteach ar chlárú faoi Rialachán Covid-19 (Leasú) (CAR), caithfidh siad ceanglais shonracha a shásamh, mar seo a leanas:
1. Stádas Múinteora Cháilithe (nó a choibhéis)
Caithfidh gur cháiligh tú mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn agus gur ghnóthaigh tú stádas Múinteora Cháilithe nó a choibhéis (clár creidiúnaithe d’oiliúint tosaigh múinteoireachta curtha i gcrích) sa tír inar cháiligh tú. Mar sin féin, níor chríochnaigh tú an tréimhse reachtúil ionduchtúcháin atá riachtanach sa tír inar cháiligh tú.
Ní miste Fianaise ar Stádas Múinteora Cháilithe ón údarás inniúil sa tír inar chríochnaigh tú do cháilíocht a chur ar fáil (e.g. ó chomhlacht cosúil leis an gComhairle Múinteoireachta/ Roinn Oideachais/Aireacht Oideachais) nó a choibhéis.
2(a) Ceanglais maidir le Cáilíochtaí – Iarratasóirí Bunoideachais
Má dhéanann tú iarratas clárúcháin bunoideachais, caithfidh:
• cáilíocht mhúinteora bunoideachais a bheith agat atá dírithe ar an aoisghrúpa 4 bliana d’aois go 12 bhliain d’aois, atá inchurtha le caighdeán chéimithe na hÉireann, taobh amuigh den riachtanas Gaeilge (ILR) (a chuirfear i bhfeidhm mar choinníoll le do chlárú).
2(b) Ceanglais Cháilíochta - Iarratasóirí Iar-Bhunoideachais
Má dhéanann tú iarratas clárúcháin iar-bhunoideachais, caithfidh:
• cáilíocht mhúinteora iar-bhunoideachais a bheith agat atá dírithe ar an aoisghrúpa 12 bhliain - 18 mbliana déag atá inchurtha le caighdeán chéimithe na hÉireann, taobh amuigh de Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann (a chuirfear mar choinníoll le do chlárú)
agus
• caithfidh go sásaíonn tú na riachtanais i gcás ábhar curaclaim amháin ar a laghad.
Ceanglas ó thaobh Ábhair Churaclaim
Maidir leis an gceanglas ó thaobh ábhair churaclaim, beidh ort Riachtanais Ábhar Curaclaim (Iar-bhunscoile) na Comhairle Múinteoireachta a cheadú. Mar chuid de d’iarratas ceanglófar ort Foirm Dearbhaithe Ábhair-CAR (SDF-CAR) a líonadh isteach mar chuid de d’iarratas, ag míniú mar a shásaíonn tú na riachtanais d’ábhar amháin ar a laghad.
Clárófar thú don ábhar curaclaim/ do na hábhair churaclaim a sásaíonn do cháilíocht(aí) na riachtanais ar fad ina leith. Más rud é nach sásaíonn do cháilíocht(aí) na riachtanais ar fad i gcás ábhair churaclaim ar bith, féadfar tú a chlárú don ábhar is fearr a sásaíonn do cháilíocht(aí) na riachtanais ina leith, de réir chinneadh na Comhairle (clárú faoi réir coinníollacha).