Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Márta 07, 2022

Chinn an Painéal gur cruthaíodh na líomhaintí mar fhiríc. Tá achoimre ar na líomhaintí mar seo a leanas: Gur ciontaíodh Daniel Daudet, agus é mar mhúinteoir cláraithe, ar an 15 Samhain 2017, ar líon cionta intriailte ar díotáil, mar atá mar seo a leanas:

  • Dhá chúiseamh as ionstraim bhréagach a úsáid, i.e., Cárta Aitheantais Náisiúnta de chuid na Fraince, agus mar rún aige a chur ina luí ar dhuine eile glacadh leis mar fhíorchárta, agus tar éis é a ghlacadh leis mar fhíorchárta, ansin rud a dhéanamh chun dochar a dhéanamh don duine sin nó do dhuine eile. Tharla na cúisimh seo ar an 10 Iúil 2002 agus ar an 15 Lúnasa 2008.
  • Tuairim is seacht gcéad agus a haon déag cúiseamh de chur ina luí go míionraic agus le cealgaireacht ar dhuine eile le híocaíocht leasa shóisialaigh a dhéanamh leis ag baint úsáid as an ainm bréagach de Alexandre Daude, ar dhátaí iomadúla i rith na tréimhse ón 2 Meán Fómhair 2003 go dtí an 30 Iúil 2015.

Tar éis an fhiosrúcháin, chinn an Painéal den Choiste Araíonachta ainm an Uasail Daudet a bhaint de chlár na múinteoirí agus cinneadh nach mbeadh an tUasal Daudet i dteideal iarratas a dhéanamh le bheith curtha ar ais ar an gclár, faoi alt 31 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015, roimh an tréimhse éaga de dheich mbliana.

Dheimhnigh an Ard-Chúirt cinneadh Phainéal an Choiste Araíonachta ar an 24 Eanáir 2022.