Aistrigh:
Gaeilge
English

Ligeann Digitary do mhúinteoirí breathnú ar a nochtadh grinnfhiosrúcháin (an doiciméad ina bhfuil toradh an ghrinnfhiosrúcháin) agus é a chomhroinnt go leictreonach, lena bhfostóir reatha agus le fostóirí ionchasacha. 

Glacann sé áit litir na Comhairle Múinteoireachta faoi thoradh an ghrinnfhiosrúcháin, ar litir í sin a bhí le tíolacadh, roimhe seo, ag múinteoirí d’fhostóirí scoile. 

Ligeann sé do mhúinteoirí agus d’fhostóirí scoile cloí leis na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 go 2016. 

Is féidir leat an rogha “Take a Tour” (“Tóg Turas”) a úsáid ar Digitary chun tú féin a chur ar an eolas faoi conas an t-ardán a úsáid. 

Má tá an ríomhphost bunaidh agat

Bain úsáid as an nasc sa ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta faoi do nochtadh grinnfhiosrúcháin a bheith ar fáil. Mura bhfuil sé i do bhosca isteach, iarrtar ort do chomhadlann turscair nó dramhaíola a sheiceáil. 

Is féidir leat treoracha a léamh maidir le conas do chuntas Digitary a chlárú agus a ghníomhachtú ar a suíomh gréasáin: Conas Rochtain a fháil ar do Nochtadh Grinnfhiosrúcháin. 

Mura bhfuil an ríomhphost bunaidh agat

Mura bhfuil an ríomhphost bunaidh agat, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar vetting@teachingcouncil.ie agus a iarraidh go ndéanfar an teachtaireacht ríomhphoist a atheisiúint. 

  • Logáil isteach ar Digitary. 
  • Ar an leathanach “Documents” (“Doiciméid”), feicfidh tú doiciméad leis an ainm My Document 1 (Mo Dhoiciméad 1). 
  • Cliceáil “View” (“Féach”) chun do dhoiciméad a fheiceáil (ar taispeáint thíos le ciorcal dearg). 
  • Cuir ainm nua ar an doiciméad do do thaifid. 

Sa rannán dar teideal Document Information (Fáisnéis Doiciméid) is féidir leat ainm nua a thabhairt do do dhoiciméad. 

  • Is é My Document 1 (Mo Dhoiciméad 1) an ainm an doiciméid mar atá ciorclaithe i ndath dearg agus aibhsithe thíos i gorm. 
  • Cliceáil ar My Document 1 (Mo Dhoiciméad 1) agus clóscríobh an t-ainm ba mhaith leat a thabhairt ar an doiciméad. 
  • Cliceáil ar √ chun sábháil a dhéanamh, mar shampla, Grinnfhiosrúchán mhí an Mheithimh 2016, (Lisa Murtagh). 

Chun an doiciméad a íoslódáil agus a shábháil: 

  • Cliceáil ar an dara híocón ar thaobh na láimhe clé (mar atá aibhsithe leis an gciorcal dearg thíos). 
  • Sábháil ar do ghléas é. 

Is féidir leat do dhoiciméad a phriontáil ansin. 

Tá do dhoiciméad bailí ar feadh trí bliana. Cuirfidh an Chomhairle Mhúinteoireachta ríomhphost chugat agus tabharfaidh sí cuireadh duit iarratas ar ath-ghrinnfhiosrúchán a dhéanamh. 

Má athraíonn tú poist, is féidir le d’fhostóir scoile nua a iarraidh go ndéanfar tú a ath-ghrinnfhiosrú. 

Ní féidir leat ach nochtadh grinnfhiosrúcháin amháin a bheith ar taispeáint ar Digitary. 

Is féidir leat Document Shares (Comhroinnt Doiciméad) a chruthú ar Digitary. Is naisc shábháilte agus uathúla iad seo a léiríonn do dhoiciméad/dhoiciméid. 

Logáil isteach ar Digitary 

Ar an leathanach “Documents” (“Doiciméid”), feicfidh tú My Document 1 (Mo Dhoiciméad 1) (nó an t-ainm nua ar an doiciméad) 

Cliceáil “Share” (“Roinn”) (a thaispeántar thíos le ciorcal dearg).

Tríd an nasc seo a leanúint, is féidir leat do nochtadh grinnfhiosrúcháin a roinnt ar líne ag baint úsáid as seoladh ríomhphoist an fhaighteora atá beartaithe. 

Agus doiciméad á roinnt agat, is féidir leat rialú breise a dhéanamh ar rochtain trí uimhir uathúil PIN agus dáta éagtha a chruthú. Féach an seat scáileáin thíos. 

Glacfaidh. Níl nochtadh grinnfhiosrúcháin ar fáil ach ar líne. 

Mura féidir le scoil féachaint ar do nochtadh grinnfhiosrúcháin, déan teagmháil le Rannóg Ghrinnfhiosrúcháin na Comhairle Múinteoireachta. 

Ríomhphost vetting@teachingcouncil.ie. 

Fón +353 1 651 7900 

Oibreoimid leat chun socrú eile a fháil. 

Is féidir leat Ciorclán na Roinne Oideachais agus Scileanna 0031/2016 a léamh a chuir scoileanna ar an eolas nach mbeidh nochtaí grinnfhiosrúcháin ar fáil ach ar líne. 

Bí cinnte gur chláraigh tú do chuntas trí úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist céanna a seoladh an fógra chuige. Sin an chúis is mó a fhágann nach mbíonn daoine in ann a ndoiciméad a fheiceáil. 

Chun do sheoladh ríomhphoist a sheiceáil: 

  • Logáil isteach leis an soláthróir/ ón roghchlár anuas in aice le d’ainm. 
  • Téigh go dtí do Profile Settings (Socruithe Próifíle). 
  • Faoi Email Addresses (Seoltaí Ríomhphoist), cliceáil Fíoraigh. 
  • Cuirfear teachtaireacht ríomhphoist chugat. 
  • Lean na treoracha chun do sheoladh ríomhphoist a fhíorú. 

Mura féidir leis an bhfaighteoir do dhoiciméad a fheiceáil: 

  1. Bí cinnte go bhfuil a sheoladh ríomhphoist féin á iontráil ag an bhfíoraitheoir SEACHAS do sheoladh ríomhphoist (má iarrtar é) 
  2. Bí cinnte nach bhfuil an chomhroinnt imithe in éag nó díchumasaithe. Déan é sin a sheiceáil trí dhul chuig: 
    • Téigh isteach go Sharing (Ag Roinnt).
    • Cliceáil ar do chomhroinnt chun sonraí a fheiceáil. 
    • Cliceáil ar Edit (Cuir in Eagar) chun do chuid sonraí comhroinnte a athrú. 

Is féidir. Chun breathnú ar stair na ndoiciméad atá comhroinnte agat: 

  • Logáil isteach ar Digitary. 
  • Cliceáil ar “Sharing” (“Ag Roinnt”) ar an roghchlár ar thaobh na láimhe clé. 
  • Tabharfaidh sé seo sonraí duit maidir le gach “Shares” (“Comhroinnt”) atá cruthaithe agat. 

Is féidir. Chun féachaint ar stair roinnte agus ar ghníomhaíocht do dhoiciméid: 

  • Logáil isteach ar Digitary. 
  • Cliceáil ar “Sharing” (“Ag Roinnt”) ar an roghchlár ar thaobh na láimhe clé. 
  • Taispeánfaidh sé seo gach “Shares” (“Comhroinnt”) atá cruthaithe agat. 
  • Aimsigh an “Shares” (“Comhroinnt”) ar mian leat bhreathnú ar an stair ina leith. 
  • Roghnaigh an “Share” (“Comhroinnt”) trí chliceáil ar an nasc “Share” (“Comhroinnt”) sin i gcolún na nAinmneacha. 
  • Cliceáil ar an gcnaipe gorm “View Activity” (“Féach ar Ghníomhaíocht”) chun Stair na Gníomhaíochta a fheiceáil. 

Is féidir. 

  • Logáil isteach ar Digitary 
  • Cliceáil ar “Sharing” (“Ag Roinnt”) ar an roghchlár ar thaobh na láimhe clé. 
  • Taispeánfaidh sé seo gach Comhroinnt atá cruthaithe agat. 
  • Aimsigh an Chomhroinnt is mian leat a chealú. 
  • Cliceáil ar an gcnaipe Disable (Díchumasaigh). 

Téigh go dtí na suíomh gréasáin seo a leanas chun tuilleadh eolais a fháil ar grinnfhiosrúchán: 

Nuair a dhéantar ath-ghrinnfhiosrúchán i do leith agus nuair a dhéantar an nochtadh grinnfhiosrúcháin nua a uaslódáil chuig Digitary, déantar an sean-nochtadh grinnfhiosrúcháin a chealú agus ní bhíonn teacht air a thuilleadh. 

Tá. Is féidir le múinteoirí breathnú ar a ndoiciméad agus ní féidir leo ach iad a roghnú chun an doiciméad a roinnt leis. 

Cosnaíonn Digitary in aghaidh aon athruithe atá á ndéanamh ar dhoiciméid oifigiúla. 

D’fhonn Digitary a úsáid, b’éigean an Chomhairle Mhúinteoireachta a ghrinnfhiosrú agus próisis a chur i bhfeidhm maidir le slándáil. 

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Digitary a léamh ag www.digitary.net.