Folláine

Signposts - GA

Tá folláine na múinteoirí agus na bhfoghlaimeoirí uile ríthábhachtach don Chomhairle Mhúinteoireachta.

Féach thíos do liosta tacaíochtaí agus acmhainní faoi na ceannteidil seo a leanas:

Grúpa Folláine do Gach Duine (FGD)

Chomh maith le bheith ag soláthar acmhainní ar líne, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ina cuid den Grúpa Folláine do Gach Duine (FGD).

Tacaíocht Pearsanta

  • Is é Spectrum.Life soláthreoir Tacaíochta Cúnaimh d'Fhostaithe do mhúinteoirí. Chur ghlaoch saor ar 1800 411 057 nó téacs 'Hi' go 087 145 2056 ar SMS nó 087 369 0010 ar WhatsApp. Bíonn gach Bainisteoir Cáis a freagraíonn na glaonna ina comhairleoir cáilithe. 

Seirbhís cúnaimh d’fhostaitheagus seirbhís clár folláine atá anseo a thugannrochtain do mhúinteoirí agus do bhaillneasteaghlaigh ar chomhairleoireachtfaoi rún (comhairleoireacht tacaíochta aguscomhairleoireacht dírithe ar réiteach). Is seirbhís í a d’fhéadfadh cuidiú le múinteoirí agusiad ag déileáil le drochiarmhairtí saincheisteannapearsantaagusoibre. Seirbhís saor in aisce atá ann, í faoi rún agus ar fáil do mhúinteoirí 24 uairan chloigsa lá, 365 lá sabhliain.

Tá níos mó eolais ar fáil anseo

Gluaiseacht ar sonna folláine a dhéanann feachtasaíocht chunan t athrú sóisialta a stiúradh in eochair-réimsí den fholláine mheabhrach; eagraítear ócáidí agusan suíomh gréasáin ar fheabhas: bíonn gné-ailt air faoi ghnéithe difriúla den tsláinte mheabhrach.

Seirbhís sláinte meabhraí ar líne don óige atá in ReachOut.com a dhíríonn ar dhaoine san aoisghrúpa 12-25. Leagtar béim ar an bpiarthacaíocht.

Cuireann siad seirbhís ar fáil áit a mbíonn duine ag éisteacht, le discréid ach gan a bheith breithiúnach, seachtnaseachtaine. Téigh i dteagmháil ar an teileafón nó ar líne trí sheirbhís teachtaireachtaí meandracha nó tri phiarghrúpa tacaíochta.

Tairgeann na Samaritans áit shábháilte chun go mbeidh tú in ann labhairt in am ar bithfaoi rud ar bith atá ag cur isteach ort. Níor ghá gurb é an féinmharú a bheadh ar d’intinn. Ná fulaingid’aonar.

Cuid d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS/HSE) an suíomhseo. Cuireann sé comhairle ar fáil, mar aon le heolasagus seirbhísí chun tacú leis an tsláintemheabhrachagus leis an bhfolláine.

Cumann Neamhord Itheacháin na hÉireann – seirbhís eolaisagus tacaíochta do neamhoird itheacháin.

Má tá dúlagar nó neamhord dépholach ort, tá líne tacaíochta ag Aware atá saor in aisce, mar aon le ríomhphost tacaíochta agus grúpaí tacaíochta ar fud na tíre.

Cuireann Pieta cur chuigesaor in aisce, teiripeach ar fáil do dhaoine atá faoi mhíshuaimhneas féinmharfach agus dóibh siúd a dhéanann dochar dóibh féin..

Tacaíocht Ghairmiúil

  • FÉILTE

    Tugtar tacaíocht ag an bhféile don chomhoibriú agus don phiarfhoghlaim le ceardlanna agus plé painéil, a bhfuil d’aidhm leo na castachtaí sa mhúinteoireacht a shoiléiriú agus tiomantas múinteoirí don fheabhsú leanúnach sa mhúinteoireacht a léiriú.

SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA

Tá acmhainní ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí a dhírítear ar earnálacha an bhunoideachais agus an iar-bhunoideachas. Eagraíonn siad ceardlanna agus deiseanna FLG/CPD do mhúinteoirí; coinnigh súil ar a leathanach.

Cuireann an suíomh acmhainní agus eolas ar fáil do mhúinteoirí in ábhair éagsúla.

Tá réimse acmhainní d’earnáil an bhreisoideachais ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Tacaíochta don Bhreisoideachas. Déanann siad FGL/CPD a sheachadadh freisin.

An Cumann Ionaid Mhúinteoirí /Oideachais in Éirinn: scátheagraíocht na n-ionadoideachais in Éirinn (21 ionad lánaimseartha agus 9 n ionad pháirtaimseartha). Eagraíonn nahionaidoideachais cúrsaí do mhúinteoirí, agus go leor díobh saor in aisce.

CEARDCHUMAINN MHÚINTEOIRÍ

Cuireann Aontas Múinteoirí ‏Éireann eolas ar fáil faoi phá agus coinníollacha, agus bíonn acmhainní acu do mhúinteoirí iar-bhunoideachais agus breisoideachais.

Cuireann Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire, eolas ar fáil faoi phá agus coinníollacha, agus bíonn acmhainní acu do mhúinteoirí iar-bhunoideachais.

Cuireann Cumann Múinteoirí Éireann eolas ar fáil faoi phá agus coinníollacha, agus bíonn acmhainní acu do mhúinteoirí bunscoile.

LÍONRAÍ PRÍOMHOIDÍ

Is iad IPPN (Líonra Príomhoidí Bunscoile Éireann) an comhlacht gairmiúil, agus aitheantas oifigiúil acu, do cheannairí bhunscoileanna na hÉireann.

Feidhmíonn suíomh gréasáin an NAPD (an Cumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha) mar ‘ionad ilfhreastail’ do cheannairí scoile i gcaitheamh a lae oibre bhroidiúil.

Tacaíonn NIPT (an Clár Náisiúnta Ionduchtúcháin do Mhúinteoirí) le Múinteoirí Nua-Cháilithe agus lena bhfoireann tacaíochta gairmiúla sa chéim ionduchtúcháin.  

Tacaíocht Airgeadais

  • MABs (an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid)  0761-072000

Is iad MABS seirbhís comhairle airgeadais an Stáit. Le breis is fiche bliain tá daoine á dtreorú acu atá ag déileáil le fiachas fabhtach. Seirbhís saor in aisce í MABS atá discréideach agus neamhspleách.

An Taighde in Úsáid sa Scoil

Tá tuilleadh eolais agus acmhainní faoin bhFolláine ar fáil anseo.