Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag iarraidh an post seo a líonadh: Oifigeach Feidhmiúcháin
Bíonn páirt fíor-riachtanach ag baill foirne ar leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin (OF/EO) maidir le raon seirbhísí a mhaoirsiú agus a sheachadadh thar ceann na Comhairle. Bíonn na hOifigigh Feidhmiúcháin (OF) i gceannas ar fho-rannóga sa phríomhstruchtúr eagraíochtúil, ina measc: Clárú Múinteoirí, Grinnfhiosrúchán agus Athnuachan ar Chlárú san áireamh; Oideachas Tosaigh Múinteoirí agus Ionduchtú Múinteoirí; An Fhoghlaim a Dhéanann Múinteoirí & Taighde Múinteoirí; Caighdeáin Ghairmiúla (Feidhmiúlacht chun Múineadh); agus,Seirbhísí Corparáideacha. Maidir le OF a cheaptar, tuairisceoidh sé/sí do bhainisteoir líne, Ardoifigeach Feidhmiúcháin go hiondúil nó Ceann na Rannóige ina gcuirtear é/í ag obair. Agus feidhmíonn OF, dá réir, mar bhainisteoir líne do na hOifigigh Chléireachais ina rannóg féin. Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag lorg daoine a bhfuil an taithí chuí acu agus atá cáilithe chun na róil dhúshlánacha sin mar Oifigeach Feidhmiúcháin a líonadh.
Gheofar cur síos iomlán ar an ról anseo agus tá foirm iarratais le fáil anseo.
5pm, Dé Céadaoin, 4 Márta an spriocdháta d’iarratais.
Is féidir fiosruithe a sheoladh chuig recruitment@teachingcouncil.ie