Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Deireadh Fómhair 14, 2024

Gur chruthaigh an múinteoir go calaoiseach,

  1. Síniú ar son baill foirne tacaíochta proifisiúnta ar an gcuid Chomhdhearbhaithe ar Fhoirm D – Droichead: Foirm Chomhdhearbhaithe dar dáta 27 Aibreán 2022 (“an Fhoirm D”) gan a fhios nó cead, agus gur chuir sé/sí isteach é chuig an gComhairle Mhúinteoireachta; agus/nó
  2. Síniú ar son dara bhaill foirne tacaíochta proifisiúnta ar an gcuid Chomhdhearbhaithe ar an bhFoirm D gan a fhios nó cead, agus gur chuir sé/sí é isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta; agus/nó
  3. I ndiaidh dó/di sínithe an bheirt bhall foirne tacaíochta proifisiúnta a bhrionnú ar an bhFoirm D, mar atá luaite i líomhain 1 agus 2 thuas faoi seach, chuir sé/sí stampa na scoile, ar an bhFoirm D i gcúinsí nár chóir don mhúinteoir cláraithe a dhéanamh; agus/nó
  4. Ar nó thart ar 27 Aibreán 2022, chuir sé/sí an Fhoirm D isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta, agus luaigh an múinteoir cláraithe sa fhoirm go raibh deireadh leis an bpróiseas Droichead ar 28 Márta 2022, nuair a bhí a fhios ag an múinteoir cláraithe nó gur chóir fios a bheith aige/aici nach mar seo a bhí sé agus/nó
  5. Dhearbhaigh sé/sí a leanas ar an bhFoirm D a chuir sé/sí isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta – “tá an t-eolas a scríobh mé ar gach cuid de mo Fhoirm D Droichead agus atá léirithe sa Fhoirm Chomhdhearbhaithe seo fíor agus cruinn,” nuair a bhí a fhios ag an múinteoir cláraithe nó gur chóir fios a bheith aige/aici nach mar seo a bhí sé.

Chinn an Painéal gurb ionann gach ceann de na líomhaintí a ghlacadh go haonarach agus mí-iompar gairmiúil.

Rinne an Painéal cinntí freisin maidir le sáruithe ar an gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí 2ú heagrán nuashonraithe, 2016 (an “Cód”) mar a leanas:

  • sárú ar alt 2.1 den Chód a deir gur cheart do mhúinteoirí “seasamh le hionracas agus le macántacht in gach gné dá n-obair”.
  • sárú ar alt 2.3 den Chód a deir gur cheart do mhúinteoirí “iad féin, a stádas, cáilíochtaí agus taithí proifisiúnta a ionadú go hionraic”.
  • sárú ar alt 3.1 den Chód a deir gur cheart do mhúinteoirí “seasamh le cáil agus le stádas na gairme”.

I ndiaidh an fhiosrúcháin, shocraigh Painéal an Choiste Smachta ainm an mhúinteora chláraithe a bhaint ó chlár na múinteoirí ar feadh míosa.

Dheimhnigh an Ard-Chúirt cinneadh Phainéal an Choiste Smachta ar an 22 Iúil 2024 agus cuireadh an smachtbhanna i bhfeidhm.