Aistrigh:
Gaeilge
English

Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme Chéim

Leis an dara timthriall creidiúnaithe, rinneadh gach clár Oideachais Tosaigh Múinteoirí (OTM) in Éirinn a athbhreithniú i gcoinne chaighdeáin nuashonraithe Chéim ó 2021 go 2024. Cuireadh tuarascálacha do gach ceann de na 52 clár creidiúnaithe ar fáil: 11 clár in earnáil na bunscoile agus 41 clár san earnáil iar-bhunscoile. Ina dhiaidh sin, thiomsaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta an t-eolas ar fad a bhí faighte acu ó sholáthraithe cláir OTM agus chuir siad tuarascáil le chéile ar Chur Chun Feidhme Chéim.

 

I mí Mheán Fómhair 2024, chuir an Chomhairle an tuarascáil uile-chórais ar chur chun feidhme Chéim i gcrích, ag díriú ar:

  • Athraithe ó Chritéir 2011 ar Chaighdeáin 2020 Chéim
  • Struchtúr an chláir agus na príomheilimintí
  • Gaeilge i gCuraclam na Bunscoile
  • Taighde i Socrúcháin Scoile
  • Acmhainní a chuirtear ar fáil don chlár

Leis an tuarascáil, leagtar béim ar Oideachas Cuimsitheach agus ar Oideachas Saoránachta Domhanda mar phríomhréimsí chun múinteoirí a ullmhú le haghaidh riachtanais oideachais na linne seo. Léirítear leis an tuarascáil an obair thábhachtach a dhéanann soláthraithe cláir OTM, agus tugtar samplaí sonracha d ‘ábhar modúlach ar mhaithe le béim a chur ar an obair atá ar bun ag soláthraithe cláir OTM chun múinteoirí faoi oiliúint a ullmhú don seomra ranga.

Is féidir:

Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme Chéim

Athbhreithniú ar Bheartas Droichead

Chuir an Chomhairle Mhúinteoireachta tús le hathbhreithniú ar Bheartas Droichead in 2023, agus é mar aidhm acu an tacaíocht is fearr a chinntiú do mhúinteoirí nuacháilithe (MNCanna) agus na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach dá gcuid daltaí. Cuireadh an t-athbhreithniú i gcrích i mí an Mhárta 2025 tar éis taighde agus comhairliúchán cuimsitheach a dhéanamh chun na réimsí a leagtar amach sa léaráid thíos a chlúdach. Tabhair faoi deara go bhfanfaidh an beartas reatha Droichead i bhfeidhm go dtí Meán Fómhair 2026. 

Príomhréimsí Fócais:

  • Cnuaschruinnithe
  • Tacaíochtaí Saincheaptha le haghaidh seomraí ranga éagsúla
  • Tacaíochtaí Leathana/Córais
  • Taisce
  • Claochlú Digiteach
  • Achmhainní a chur ar fáil
  • Covid-19
  • Ról & Tacaíocht do FTG agus do Cheannairí Scoile
  • Soiléiriú Beartais – Saincheisteanna Oibriúcháin
  • Beartais a ailíniú le Céim & Cosán

 

Rannpháirteachas Páirtithe Leasmhara:

Reáchtáladh sraith cruinnithe rannpháirteachais le linn an Athbhreithnithe le go leor páirtithe leasmhara chun a n-aiseolas agus a dtaithí ar an mBeartas a fháil, agus chun na hathruithe atá molta ar an mbeartas a sheiceáil ó thaobh brí de.

  • Agallaimh: Ar siúl idir Eanáir-Feabhra 2024 le hionadaithe ó na hearnálacha bunscoile agus iar-bhunscoile.
  • Suirbhé: Arna éascú ag Oide ó Eanáir-Feabhra 2024 chun aiseolas a bhailiú ó MNCanna ar Chnuaschruinnithe.
  • Grúpaí Fócais: Ar siúl idir Aibreán-Meitheamh 2024, bunaithe ar na céimeanna agallaimh agus suirbhé.
  • Comhairliúcháin Dírithe le Páirtithe Leasmhara: Ar siúl ar líne i mí Feabhra 2025 chun téamaí atá ag teacht chun cinn a dhearbhú.
  • Agallaimh

    Cumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD), Gréasán Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN), Cumann Múinteoirí Éireann (INTO), Aontas Múinteoirí Éireann (TUI), Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann (ESCI), an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NSCE), Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI), Oide, an Roinn Oideachais, agus an Chigireacht.

  • Suirbhé

    Bhí rátaí arda freagartha ag gabháil leis an suirbhé, agus ghlac 91% (1,597) de MNC bunscoile agus 83% (799) de MNC iar-bhunscoile páirt ann.

  • Grúpaí Fócais

    Ionadaithe ó Chomhlachtaí Bainistíochta éagsúla lena n-áirítear an Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha (ACCS), BOOÉ, Forás, Comhchoiste na mBainisteoirí (JMB), ionadaithe ó 13 Institiúid Ardoideachais a chuireann Oideachas Tosaigh Múinteoirí ar fáil, comhlaigh Oide agus baill FTG, baill na Cigireachta, agus meascán de MNCanna Bunscoile agus Iar-Bhunscoile araon.

  • Comhairliúcháin (téamaí atá ag teacht chun cinn a sheiceáil ó thaobh brí de)

    Ionadaithe ón Roinn Oideachais agus ón gCigireacht, ó Oide, Ceardchumainn, ESCI, Comhlachtaí Príomhoidí, Comhlachtaí Bainistíochta, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, Institiúidí Ardoideachais, Aontais na Mac Léinn, AsIAm, AHEAD, agus Ionad na hÉireann um Éagsúlacht.