Bronnadh €5,000 ar Choláiste Mhuire na Trócaire, Beaumont mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Pháirc na nGrás, Baile Átha Cliath, Coláiste na Mí, an Mhí, agus DCU, Baile Átha Cliath chun forbairt ghairmiúil múinteoirí faoi oiliúint a fheabhsú. Is é is aidhm leis tionscadal seo tacú le fothú acmhainneachta agus le struchtúir agus acmhainní ceannaireachta agus comhpháirtíochta inbhuanaithe agus éifeachtacha a chruthú chun tacú le baill foirne scoile agus le múinteoirí faoi oiliúint i ngach scoil atá rannpháirteach sa tionscadal agus ar fud na scoileanna sin.
Machnamh na scoile
Bhaineamar úsáid as eiseamláir Rolfe, Freshwater & Jasper (2001) chun machnamh a dhéanamh ar ár n-eispéireas maidir le foghlaim ghairmiúil a chomhdhearadh agus a chomhchruthú i gcomhthéacs pobal cleachtais trasearnála um fhoghlaim gníomhaíochta taighde gníomhaíochta rannpháirtíochta.
Cad
Bhí bunú pobail chleachtais um fhoghlaim gníomhaíochta taighde gníomhaíochta rannpháirtíochta i gceist leis an tionscnamh foghlama gairmiúla lenar tugadh le chéile múinteoirí ó dhá bhunscoil agus dhá iar-bhunscoil i dteannta oideoirí múinteoirí a oibríonn i socrúchán gairmiúil an oideachais tosaigh múinteoirí (OTM) ag Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (IOOCBÁC). Ba ‘chomhoibríoch-threorach’ í an stíl éascaithe, lenar tugadh de chumhacht do gach rannpháirtí oibriú i gcomhar chun cleachtais a fhiosrú, a fheabhsú agus a chur i ngníomh lena dtacaítear le foghlaim ghairmiúil na múinteoirí faoi oiliúint agus na dTreoraithe.
D’fhreastail rannpháirtithe ar dhá cheardlann, ceann amháin a bhí ar siúl in IOOCBÁC agus ceann eile i scoil rannpháirteach an phobail chleachtais, agus ghlac siad páirt i machnamh, iniúchadh agus meastóireacht ar chleachtais a bhí ann cheana féin, agus cheiliúir siad cuir chuige aonair agus eagraíochtúla éifeachtacha lena gcuirtear feabhas ar an eispéireas socrúcháin gairmiúil agus shainaithin siad agus thug siad aghaidh ar bhacainní don chleachtas trí straitéisí a ceapadh i gcomhar le chéile. Ba phríomhchuspóir é pobail foghlama ghairmiúla chomhoibríocha inbhuanaithe a fhorbairt laistigh de scoileanna agus ar fud na scoileanna, lena gcuirtear gairm na múinteoireachta chun cinn agus lena gcothaítear struchtúir cheannaireachta agus chomhpháirtíochta. Áirítear leis na haschuir cúrsa féinluais idirghníomhaigh tharraingtigh inbhuanaithe chun an fhoghlaim a scaipeadh agus sraith acmhainní gaolmhara le húsáid i scoileanna a fhorbairt.
Cad Chuige
Leis an rannpháirtíocht sa phobal cleachtais sin, feabhsaíodh an fhoghlaim ghairmiúil go mór i measc oideoirí múinteoirí bunaithe sna scoileanna agus in IOOCBÁC araon, agus neartaíodh comhpháirtíochtaí idir scoileanna agus institiúidí ardoideachais agus forbraíodh acmhainneacht agus acmhainn saorghníomhaíochta i measc Treoraithe chun fás agus forbairt múinteoirí faoi oiliúint a chothú. Leis an bpobal cleachtais, soláthraíodh comhthéacs saibhir do mhachnamh comhroinnte idirscoile agus trasearnála, agus cuidíodh le gnéithe a shainaithint a bhfuil tionchar dearfach acu ar fhoghlaim múinteoirí faoi oiliúint, rud a fhágann go bhfuil na páirtithe leasmhara uile níos feasaí agus cumhachtaithe laistigh de chomhpháirtíochtaí idir scoileanna agus institiúidí ardoideachais. Cothaíodh sineirgí agus tionchar níos mó leis an tionscadal ná mar a d’fhéadfadh iarrachtaí aonair a bhaint amach, rud a thagann le fís na Comhairle Múinteoireachta do shamhlacha socrúchán comhoibríocha tacúla.
Cad Anois
Ag féachaint chun cinn dúinn, agus tacaíocht na coda eile de chistiú Sparánachta Féilte againn, bheadh muid ag súil leis, go leanfadh obair an phobail chleachtais um fhoghlaim gníomhaíochta taighde gníomhaíochta rannpháirtíochta ar aghaidh agus go leathnódh sí chun níos mó ná na ceithre scoil chomhpháirtíochta bunaidh a chumhdach, agus tionchar fadtréimhseach á chinntiú. Gné ríthábhachtach de leagan amach an tionscadail ba ea an inbhuanaitheacht agus an inscálaitheacht. Beidh an cúrsa féinluais idirghníomhach ar líne ríthábhachtach chun raon agus tionchar an phobail chleachtais a leathnú i bhfad níos faide ná na rannpháirtithe a raibh baint dhíreach acu leis ar fud comhthéacsanna éagsúla oideachais.
Thairis sin, tá gníomhaíochtaí an phobail chleachtais ceaptha chun deiseanna a shainaithint maidir le forbairt comhpháirtíochtaí tras-scoile agus trasearnála le hinstitiúidí ardoideachais amach anseo, lena gcinnteofar foghlaim agus comhar gairmiúil leanúnach.
Tagairt
Rolfe, G., Freshwater, D., Jasper, M. (2001) Critical reflection in nursing and the helping professions: a user’s guide. Basingstoke: Palgrave Macmillan