Aistrigh:
Gaeilge
English

Mar chuid den iarratas MGO, ní mór duit foirm dearbhaithe a chur i gcrích do gach ábhar ina bhfuil cáilíocht agat chun iad a mhúineadh agus ina bhfuil tú ag iarraidh go ndéantar taifead orthu ar Chlár Múinteoirí na Comhairle Múinteoireachta. Leagtar síos i rialacháin na Comhairle Mhúinteoireachta nach mór duit, i dteannta céim Leibhéil 8 (nó a chomhionann) ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann a bheith agat, na ceanglais a chomhlíonadh d’ábhar curaclaim iar-bhunscoile ar a laghad.

Beidh ar iarratasóirí a bhfuil MGO á dtosú acu in 2024 agus a bhfuil iarratas a ndéanamh acu chun clárú leis an gComhairle in 2026, na Ceanglais Clárúcháin Ábhair Curaclaim a chomhlíonadh. Tá ceanglais do na hábhair cháilithe ar fad leagtha amach thíos.

  • Cliceáil ar an ábhar/ na hábhair a bhaineann leat agus cuir an fhoirm ar líne i gcrích.
  • Déan cinnte go bhfuil na sonraí ar fad ar an bhfoirm ceart, go bhfuil céim Leibhéil 8 (nó a chomhionann) agat agus líon iomlán riachtanach de chreidiúintí ECTS san ábhar ábhartha.
  • Priontáil an fhoirm, sínigh agus tabhair ar ais í leis an doiciméadacht eile a iarradh chuig an soláthraí/ na soláthraithe MGO* a ndearna tú iarratas chucu. Níor cheart an fhoirm seo a thabhairt ar ais don Chomhairle Mhúinteoireachta.

*I gcás a rinneadh iarratas ar na ceithre NUIanna, ba cheart an fhoirm a thabhairt ar ais chuig an Ionad Iarratas Iarchéime (PAC).

  • Tabhair faoi deara go bhfuil na pdfanna idirghníomhacha thíos is comhoiriúnaí leis an leagan is deireanaí de Internet Explorer agus Google Chrome.
  • Maidir le hábhair teanga – roimh staidéar oideachais múinteora a chur i gcrích, ní mór d’iarratasóirí fianaise infhíoraithe d’eispéireas oideachasúil tumthach sa theanga curaclaim a sholáthar. Féach an SDF le haghaidh tuilleadh eolais. Féach an Nóta Treorach ar Eispéireas Oideachasúil Tumthach le haghaidh samplaí ar eispéireas oideachasúil tumthach.

Fógra Tábhachtach

Measfar na sonraí atá soláthartha sa dhearbhú/ sna dearbhuithe ábhair ag na soláthraithe MGO agus cinneadh á ndéanamh acu maidir le háiteanna ar an MGO a thairiscint. I ndiaidh an MGO a thosú, seolfar an fhoirm/ na foirmeacha dearbhuithe ar aghaidh chuig an gComhairle Múinteoireachta, a dhéanfaidh machnamh uirthi/orthu mar chuid dá próiseas fíorúcháin chun cinneadh a dhéanamh ar d’oiriúnacht le haghaidh clárú agus cén ábhar/ cad iad na hábhair ar féidir í/ iad a thaifeadadh ar an gClár Múinteoirí. Má dhéantar aon earráidí ábhartha nó aon dhearbhuithe míthreoracha ar an bhfoirm/ na foirmeacha dearbhuithe, féadfaidh an soláthraí MGO (tairiscint den) áit a aistarraingt nó aon ghníomh eile a dhéanamh a mheasann an soláthraí MGO a bheith cuí.