Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an Chomhairle Mhúinteoireachta inniu (02 Aibreán) go bhfuil tús curtha le tionscadal taighde cinniúnach ar theagasc in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go bhfuil an tús is fearr is féidir ag múinteoirí lena ngairmeacha beatha.

Turais Ghairmiúla Múinteoirí: An Chéad Deich mBliana  is tionscadal taighde fadama é atá comhchoimisiúnaithe ag an Roinn Oideachais agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Déanfaidh sé eispéiris luathghairme na múinteoirí a fhiosrú, de réir mar a chríochnaíonn siad oideachas tosaigh múinteoirí agus de réir mar a chuireann siad iad féin ar a mboinn sa ghairm.

Ag rith a fhad le 2030 ar chostas iomlán de €2.8 milliún (CBL san áireamh), is taighde an-suntasach é seo a bheidh mar bhonn eolais agus a dhéanfaidh beartas a mhúnlú i raon réimsí, oideachas tosaigh múinteoirí, ionduchtú sa ghairm agus luathfhorbairt ghairmiúil san áireamh. Cuimseoidh sé iarchéimithe múinteoireachta bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachais ó ranganna 2019, 2022, 2025 agus 2026, chomh maith le príomhpháirtithe leasmhara eile.

Déanfaidh cuibhreannas an taighde ar a mbeidh Ollscoil Luimnigh (OL) an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) agus Coláiste Mhuire gan Smál (CMgS), faoi cheannas an Ollaimh Paul Conway ó Ollscoil Luimnigh, an Ollaimh Emer Smyth ón ITES agus an Ollaimh Aisling Leavy ó Choláiste Mhuire gan Smál.

Dúirt an tAire Foley: “Léiríonn an tionscadal taighde tiomantas láidir na Roinne agus na Comhairle Múinteoireachta araon chun éisteacht le guthanna agus le heispéiris múinteoirí ar bhealach ar féidir leo beartas maidir le teagasc agus oideachas múinteoirí a mhúnlú agus a athmhúnlú sa todhchaí.

Tá súil agam go bhfeicfidh gach múinteoir sna cohóirt ábhartha chomh maith le páirtithe leasmhara oideachais eile an luach atá le cur leis an staidéar seo, arb é an chéad cheann dá leithéid sa tír seo.”

Dúirt Michelle Keane, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta: “Is cuid bhunúsach i ngach rud a dhéanaimid í rannpháirtíocht chomhoibríoch leis an Roinn, le príomhpháirtithe leasmhara agus le gairm na múinteoireachta. Toisc go bhfuil an tionscadal seo coimisiúnaithe i gcomhpháirt leis an Roinn, agus beidh cur chuige comhoibríoch, rannpháirteach i gceist maidir le dearadh agus cur i bhfeidhm taighde, léiríonn sé go soiléir ár dtiomantas do chur chuige comhpháirtíochta, agus tá mise thar a bheith sásta é a fheiceáil ag tosú agus mé ag críochnú mo théarma oifige mar Chathaoirleach. Tá an-spéis agam an dul chun cinn a dhéantar a fheiceáil.”

Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, an Dr Lynn Ramsey, “Mar rialtóir le haghaidh ghairm na múinteoireachta, bunaímid caighdeáin le haghaidh oideachais tosaigh agus ionduchtaithe múinteoirí, agus cuirimid foghlaim ar feadh an tsaoil chun cinn thar an réimse gairme iomlán. Tá sé tábhachtach go bhfuil ár n-obair leanúnach sa réimse seo bunaithe ar fhianaise, agus tabharfaidh an taighde seo saibhreas sonraí dúinn a chinnteoidh go bhfuil ár mbeartais láidir agus bunaithe go fírinneach ar an dóigh a bhfuil múinteoireacht in Éirinn sa lá atá inniu ann.”

Dúirt ceannasaithe an taighde, na hOllúna Paul Conway, Emer Smyth agus Aisling Leavy: “Soláthróidh an staidéar fadama Aistear Gairmiúil na Múinteoirí (AGM) deis luachmhar chun tuiscint a fháil ar fhoghlaim agus ar fhorbairt múinteoirí le linn a gcéad deich mbliana sa ghairm. Beidh ionchur ó mhúinteoirí agus ó pháirtithe leasmhara eile tábhachtach chun cur lenár dtuiscint ar a n-eispéiris ar theagasc agus ar oideachas múinteoirí”.

Nótaí d’eagarthóirí

Cúlra an tionscadail taighde

Chinn an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Mhúinteoireachta ar thaighde fadama ar turais oideachais agus gairme na múinteoirí úra a chomhchoimisiúnú, ag cur san áireamh forbairtí suntasacha a bhfuil tionchar acu ar theagasc agus ar oideachas múinteoirí.

Tá taithí ag múinteoirí ar chláir oideachais tosaigh múinteoirí a bhfuil athchumraíocht shuntasach déanta orthu (atá sa dara timthriall creidiúnaithe anois, Céim, 2020) agus ar shamhail nua d’ionduchtú (Droichead), agus tá creat náisiúnta ann anois dá bhfoghlaim ghairmiúil leanúnach (Cosán). Rinneadh forbairtí suntasacha ar an gcuraclam náisiúnta agus ar bheartas, lena n-áirítear:

Mar sin tugann an taighde seo deis thábhachtach chun tionchar na bhforbairtí sin ar fad a fhiosrú, chomh maith le fachtóirí pearsanta, gairmiúla, oideachais agus córasacha eile a shainíonn agus a mhúnlaíonn gairmeacha beatha agus cleachtas luath múinteoirí. Glacfaidh sé le ‘fócas don todhchaí’, ag aithint cén áit agus conas is féidir leis na torthaí oideachas tosaigh múinteoirí, ionduchtú agus forbairt ghairmiúil luath a threorú agus a mhúnlú lena chinntiú go bhfuil an méid is fearr agus is féidir ag gach múinteoir chun tús a chur lena ngairmeacha beatha.

 

An Chomhairle Mhúinteoireachta

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta rialtóir Ghairm na Múinteoireachta. Is é an ról atá aici ná an pobal a chosaint trí chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú.

Comhlíonann sí an ról sin trí fheidhmeanna a chur i gcrích mar seo a leanas:

  • Clár a choinneáil de mhúinteoirí cáilithe agus grinnfhiosraithe in Éirinn. Cinntíonn sé seo go gcomhlíonann múinteoirí na ceanglais cháilíochta, chaighdeáin, inniúlachtaí agus charachtair atá riachtanach don chlárúchán.
  • Caighdeáin arda do mhúinteoirí in Éirinn a bhunú agus tacú leo. Bunaíonn an Chomhairle caighdeáin do mhúinteoirí feadh a dtréimhse gairme iomláine le treoirlínte agus cóid a bhaineann lena n-iompar gairmiúil, eolas, scil agus inniúlacht san áireamh.
  • Cáilíocht na gclár oideachais tosaigh múinteoirí a sholáthraíonn institiúidí ardoideachais in Éirinn a chinntiú. Áirítear leis seo próisis athbhreithnithe agus chreidiúnaithe chun ardchaighdeáin oideachais tosaigh múinteoirí a choinneáil, rud a chuireann le caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa tír.
  • Caighdeáin a bhunú chun treoir a thabhairt agus tacú le próisis ionduchtaithe atá riachtanach ar bhonn reachtúil agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do mhúinteoirí cláraithe. Cruthaíonn sé seo tagarmharcanna córasacha a thacaíonn leis na céimeanna tosaigh de ghairm bheatha múinteoirí agus spreagann sé foghlaim ghairmiúil leanúnach ar feadh a ngairme.
  • Taighde a choimisiúnú agus a dhéanamh, ag baint úsáid as sonraí agus fianaise chun bonn eolais a chur le cinnteoireacht agus forbairt beartais. Soláthraíonn sé seo moltaí atá bunaithe ar fhianaise agus cuireann sé leis an bplé ar bheartais, cleachtais agus athchóirithe oideachais, d’fhonn ardchaighdeáin a chinntiú i ngairm na múinteoireachta.