Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tá bliain de dhul chun cinn suntasach don Chomhairle Mhúinteoireachta léirithe i dTuarascáil Bhliantúil na Comhairle Múinteoireachta 2024/2025, a foilsíodh inniu. Dhírigh obair na Comhairle ar chaighdeáin arda a chomhlíonadh lena gcinntítear go bhfanann an mhúinteoireacht mar an ghairm bheatha is mó iontaoibh in Éirinn. Tá dul chun cinn na Comhairle idir an 28 Márta 2024 agus an 27 Márta 2025 sonraithe sa tuarascáil. 

In 2024-2025, cuireadh an Chomhairle faoi Athbhreithniú Criticiúil Tréimhsiúil i gcomhréir le ceanglais rialachais. Léiríodh leis an athbhreithniú gur gné lárnach í an eagraíocht den chóras casta oideachais náisiúnta agus go gcabhraíonn sí lena chinntiú go bhfuil na caighdeáin ghairmiúlachta agus cháilíochta is airde mar bhonn faoin múinteoireacht in Éirinn. 

Ó bunaíodh é in 2006, nuair ab ionann an líon ar Chlár na Múinteoirí agus 40,202, tá méadú as cuimse tagtha ar an ngairm. I mbliana, bhain an clár uaslíon de 126,867 múinteoir amach — méadú de 86,665 ó bhí 2006 ann ar mó é ná méadú faoi thrí le níos lú ná fiche bliain anuas. Le linn na tréimhse tuairiscithe, cuireadh 7,336 múinteoir leis an gclár, rud a chuir borradh suntasach faoin soláthar múinteoirí. 

Ar fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla, dúirt Eamon Dennehy, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta:

“Leis an tuarascáil seo, dírítear aird ar bhliain thábhachtach eile don Chomhairle maidir le gairm na múinteoireachta a rialáil agus a chur chun cinn. Is gairmithe iontaofa iad múinteoirí in Éirinn atá treoraithe ag na croíluachanna Meas, Cúram, Ionracas agus Iontaoibh. Tá díograis na múinteoirí i leith a gcuid róil lá i ndiaidh lae ag croílár neart ár bpobal. Is léiriú é dul chun cinn na Comhairle thar ár gceithre chuspóir straitéiseacha ar ár dtiomantas leanúnach i dtaca leis an ngairm a chur chun cinn agus a rialú ar mhaithe le leas an phobail.” 

Bhí líon iomlán de 6,523 múinteoir páirteach in Droichead i mbliana, creat comhtháite ionduchtaithe na Comhairle, lena dtacaítear le múinteoirí nuacháilithe (MNCanna) atá ag tosú amach sa ghairm. Ina theannta sin, d’fhaomh an Chomhairle beart sealadach chun ligean do MNCanna atá fostaithe trí Phainéil Soláthair agus i bPoist Ama Scaoilte Príomhoide próiseas Droichead a chur i gcrích lenar tacaíodh le MNCanna a choinneáil agus le soláthar múinteoirí. Chomh maith leis sin, thug an Chomhairle an t-athbhreithniú ar chreat polasaí Droichead i gcrích i mí an Mhárta 2025, agus tá sí ag súil anois le cur chun feidhme an chreata leasaithe i mí Mheán Fómhair 2026. 

Lean an Chomhairle léi an t-ardchaighdeán d’oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) in Éirinn a chomhlíonadh tríd an athbhreithniú agus an creidiúnú de gach ceann de na 52 clár OTM bunscoile agus iar-bhunscoile a chuirtear ar fáil sa Stát a thabhairt chun críche. Leis an ngarsprioc sin, cinntítear go gcomhlíonann gach clár na caighdeáin arda atá leagtha amach in Céim – Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí, lena ndaingnítear muinín i gcáilíocht agus i gcomhsheasmhacht an tsoláthair d’oideachas tosaigh múinteoirí ar fud na tíre. 

Mar chuid dá hiarrachtaí an mhúinteoireacht a chur chun cinn mar ghairm bheatha, sheol an Chomhairle Scéim Sparánachta Féilte lena mbronntar €100,000 ar 98 scoil chun tacú le foghlaim ghairmiúil chomhoibríoch. Ina theannta sin, d’fhreastail an Chomhairle ar 34 aonach gairme agus earcaíochta ar fud na hÉireann agus Thuaisceart Éireann, ag cur faisnéis faoi bhealaí isteach sa mhúinteoireacht ar fáil d’iarrthóirí ionchasacha. 

Arís eile i mbliana, léirigh an Chomhairle an ról lárnach atá aici i dtaca le leanaí agus daoine leochaileacha a chosaint trí 25,845 múinteoir a chur faoi ghrinnfhiosrúchán, measúnú a dhéanamh ar 53 gearán maidir le Feidhmiúlacht chun Múineadh, agus trí fhiosrúchán a thabhairt chun críche — a raibh baineadh den chlár mar thoradh orthu uile. 

Luaigh Dr Lynn Ramsey, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta: 

“Baineadh amach garspriocanna suntasacha i mbliana maidir lenár ról chun an pobal a chosaint a chur i gcrích trí ghairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus a rialú. Rinneamar ár gcumas a neartú trí athbhreithniú eagraíochtúil, choinníomar béim láidir ar éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht airgeadais, agus leanamar lena chinntiú go mbíonn ár bpróisis cothrom agus trédhearcach. 

Táim buíoch as an ngairmiúlacht agus an díograis de chuid bhaill na Comhairle, comhghleacaithe agus páirtithe leasmhara a raibh a dtiomantas bunriachtanach maidir lenár ndul chun cinn a spreagadh. Agus muid ag féachaint chun tosaigh, táimid dírithe fós ar rialúchán éifeachtach lena gcinntítear go leanann an mhúinteoireacht de bheith ina gairm ar féidir leis an bpobal muinín as cuimse a bheith acu aisti.” 

Féach cóip iomlán den Tuarascáil Bhliantúil 2024-2025